Bíonn cosaint ón ngrian uainn sa gheimhreadh freisin

Ní chiallaíonn deireadh an tsamhraidh nach gá dúinn ár gcraiceann a chosaint go cúramach ar an ngrian, le hailse chraicinn a sheachaint, dar lenar gcomhfhreagraí

sea-sunny-person-beach

Anois agus torthaí na hArtdeiste eisithe, ní fada uainn tús na scoilbhliana nua. Comhartha cinnte é sin go bhfuil an samhradh caite, sin más féidir samhradh a thabhairt ar an gcineál aimsire a bhí againn le cúpla mí anseo in Iarthar na hÉireann.

Clarins Sun Wrinkle Control Cream for Face SPF

Ní minic a bhraith muid teas mór na gréine ach ní chiallaíonn sin nach bhféadfadh an beagán gréine céanna sin dochar mór a dhéanamh dar gcraiceann mura mbíonn muid flaithiúil leis an bhfachtóir cosanta ar an ngrian (FCG).

Agus ní chiallaíonn deireadh an tsamhraidh gur cheart dúinn an FCG a fhágail ar leataobh fiú mura bhfuil súil againn le mórán gréine. Go deimhin, is í an chomhairle is coitianta a chuireann saineolaithe orainn ná gur fearr agus gur cheart dúinn é a chaitheamh ar ár n-aghaideanna gach lá den bhliain.

Meabhraíonn Cumann Ailse na hÉireann go bhfuil ailse chraicinn, a thagann mar thoradh ar an iomarca gréine, ar an ailse is coitianta in Éirinn. Bíonn thart ar 10,000 cás nua d’ailse chraicinn gach bliain sa tír seo. Tá muid ar cheann de na tíortha is measa ó thaobh ráta ailse chraicinn ar domhan; meastar go mbuailfidh sé duine as gach ochtar fear agus bean amháin as gach deichniúr sula mbeidh 74 bliain d’aois slánaithe acu.

An solas ultraivialait (UV) ón ngrian is cúis leis an damáiste a thugann ailse chraicinn chun cinn. Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Roinn Sláinte Mheirceá ar aon fhocal gurbh é is cúis leis an ailse chontúirteach sin.  Cé gur breá le daoine ‘dath na gréine’ a bheith orthu, maíonn na saineolaithe nach bhfuil a leithéid sábhailte nó inmholta – go deimhin is contúirt shuntasach don tsláinte é.

Níl aon difríocht idir ‘dath na gréine’ a bheith ar dhuine agus ‘dó gréine’, a deir na saineolaithe, mar nach bhfuil san athrú datha ach iarrachtaí gan toradh an chraicinn é féin a chosaint ón solas UV.

Os cionn an mhaothóra is ceart an FCG a chaitheamh (agus smideadh os a chionn sin, más mian leat). Ba cheart é a chur ort 20 nóiméad sula dtéann tú amach faoi sholas an lae leis an gcosaint is fearr a fháil. Is fearr maothóir agus FCG ar leith a úsáid seachas táirge ina bhfuil an péire réamhmheasctha. Agus tá sé fíorthábhachtach go gceannófaí FCG nua gach bliain mar tá saolré teoranta de bhliain ag a bhformhór. Is gá go mbeadh cosaint ó sholas UVA agus UVB sa bhfachtóir cosanta ar an ngrian; baineann UVA le cuma aosta, rocach a chur ar chraiceann agus UVB le dó gréine.

Ní bhaineann an chomhairle faoi FCG leo siud a bhfuil dath éadrom, geal ar a gcraiceann amháin agus níor cheart a cheapadh go bhfuil dúbailte na cosanta agat má chaitheann tú FCG 60 seachas FCG 30 – níl eatarthu ach céatadán beag de dhifríocht, a deir na saineolaithe.

Nuair atá an lá caite, tá sé an-tábhachtach go nglanfá uait an FCG go cúramach.

An dá tháirge is fearr a mholfainn féin don chúram seo ná:

– Clarins Sun Wrinkle Control Cream for Face SPF 15/30/50 – ta cosaint ann ó UVA agus UVB; ní fhagann sé dath bán ar d’aghaidh, súnn sé isteach go héasca agus téann smideadh os a chionn gan stró. Ar fáil in Boots agus i siopaí ilrannacha eile ar fud na tíre ar c.€26.00;

– La Roche-Posay Anthelios XL Fluid and Crème – tá fáil air mar uachtar nó mar lóis agus é feiliúnach dóibh siúd a bhfuil craiceann mínmhothaitheach orthu. Ar fáil in Boots agus i siopaí ilrannacha ar fud na tíre freisin ar c. €20.

Fág freagra ar 'Bíonn cosaint ón ngrian uainn sa gheimhreadh freisin'