Bíodh tú i mBaile Átha Cliath nó i gConamara, tá ardú croí thart orainn ach é a thabhairt faoi deara

Scaití agus tú ag éisteacht leis an raidió nó ag féachaint ar an teilifís, shílfeá nach raibh i ndán dúinn ach drochrudaí

Bíodh tú i mBaile Átha Cliath nó i gConamara, tá ardú croí thart orainn ach é a thabhairt faoi deara

Bhíomar ag siúl i gceantar an Spidéil i lár an tsamhraidh nuair a chonaic mé an garraí glasraí.  Bhí sé gleoite – cosúil le garraí a d’fheicfeá in iris nó ar chlár teilifíse. Ghlac mé pictiúr de.

Cúpla seachtain ina dhiaidh din, ag dul thar bráid arís, thug mé suntas do na bláthanna fiáine a bhí le taobh na nglasraí – is iomaí duine a bhíonn ag cur bláthanna fiáine anois i gcúinne ar leith den ghairdín. Bheannaíomar don gharraíodóir a bhí ag saothrú i measc na bplandaí.

‘Ar mhaith libh cúpla meacan bán?’ a d’fhiafraigh sé dínn ar an bpointe. Ba mhaith cinnte.

Chaitheamar tamaillín ag caint leis. Bhí cuimhne mhaith aige ar an Meiriceánach Hank a raibh cónaí air ar an mbaile. Bhíodh Hank ag traenáil club cispheile – scata ban, mé féin ina measc, tráth. ‘Bhí Hank an-lách,’ dúirt sé.

Sular fhág muid slán aige, bhí mála meacain bhána agus dhearga, chomh maith le glac oinniún bronnta orainn. Agus mar encore rinne sé aithris ar liosta na réamhfhocal comhshuite ar fad a d’fhoghlaim sé ar scoil na blianta ó shin.

Ansin le seachtain anuas, fuair mé slám eile glasraí – cabáiste ó mo chéile dearthár, trátaí ó mo mhac agus dhá mhála mór úll ó chara sa chlub bádóireachta.

‘Tabhair leat an oiread agus is mian leat,’ a dúirt sí. ‘Agus tar ar ais i gceann cúpla seachtain nuair a bheas siad níos aibí.’

Tugann baill an chlub an-tacaíocht dá chéile. Nuair a bhíonn duine againn tinn, nó b’fhéidir ag teacht chuici féin tar éis cóir leighis, tugann an club pluid don té sin. Is é an chaoi a ndéantar an phluid, cniotálaimid ar fad cearnóga beaga, cuireann bean amháin le chéile iad i bpatrún deas tarraingteach agus déanann bean eile an chiumhais mórthimpeall air, le cróise.

Le gairid, thosaigh muid ag tabhairt pluideanna beaga do na Mamónna nua. Bronnadh ceann álainn orm féin le gairid.

Chuir sé seo ar fad ag smaoineamh mé ar na bealaí éagsúla a dtugaimid tacaíocht dá chéile ar an aimsir seo. Scaití agus tú ag éisteacht leis an raidió nó ag féachaint ar an teilifís, shílfeá nach raibh i ndán dúinn ach drochrudaí.

Nuair nach é an phaindéim féin a bhíonn faoi thrácht, is iad na fo-iarsmaí an víris a bhíos ag déanamh tinnis do na tráchtairí, nó an tionchar a bheas aige orainn i gceann bliana, i gceann fiche bliain. An bhail a chuirfidh sé ar an Nollaig, ar laethanta saoire, ar fhostaíocht, ar an eacnamaíocht, agus gach ábhar eile tinnis a líonfas am ar an aer.

Agus an geimhreadh ag teannadh linn, ní haon mhaith a bheith scanraithe ó mhaidin go hoíche, a dúirt mé liom féin. Thosaigh mé ag tabhairt suntais don chineáltas agus an dea-thoil atá coitianta i measc an phobail.

Tóg an tiománaí bus mar shampla. Bhí stad deich nóiméad aige ar an turas timpeall Bhóthar na Trá agus bhí ár n-intinn déanta suas againn go siúlfadh muid abhaile an chuid eile den turas.

‘Tá tú ag stopadh anseo nach bhfuil?’ a d’fhiafraigh muid de gar do Staid an Phiarsaigh.

‘Fan go mbreathnóidh mé ar an mBíobla,’ ar seisean go staidéartha. Bhreathnaigh sé ar an amchlár.

‘Ní féidir liom sibh a scaoileadh amach anseo,’ a deir sé, agus cuma an-dáiríre ar fad air.

‘Caithfidh sibh fanacht sa mbus…agus imreoimid cluiche cártaí.’

Choinnigh sé air mar sin ag magadh agus ag insint scéilíní grinn, go raibh na deich nóiméad caite agus ansin, ar an mbealach anuas Bóthar na Mine, idir dhá stad,  scaoil sé amach díreach trasna ón árasán muid.

Nuair a tháinig na tuismitheoirí nua abhaile ón ospidéal, bhí cara le mo mhac tar éis ceithre cinn de dhinnéir réamhdhéanta a fhágáil sa teach rompu agus tháinig an fear céanna ar ais coicís ina dhiaidh sin le díol seachtaine de dhinnéir eile, pacáilte go deas le scragall stáin agus réidh le cur san oigheann.

Sin rud eile a thug mé faoi deara – chomh tacúil agus atá na fir óga dá chéile. Go deimhin, mura bhfuil dul amú orm, ceapaim go bhfuil grúpa WhatsApp dá gcuid féin acu ina dtugann siad comhairle dá chéile faoi chúrsaí tuismitheoireachta.

Ar maidin, agus na smaointe seo ar fad ag rith trí mo chloigeann, chas mé air Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí plé bríomhar ar siúl faoi chluiche mór a bhí buaite ag foireann Naomh Anna Leitir Móir.

Toisc gur tháinig mé isteach deireanach sa gcomhrá, níor thuig mé ar dtús gur foireann cailíní a bhí i gceist. Bhí an bainisteoir ansin ag tabhairt ardmholadh dóibh agus é ag caint faoin gcaoi a dtraenálann siad go dian gach seachtain. Tagann duine amháin de na cailíní abhaile ón obair gach Aoine i gcomhair na seisiún traenála. Agus tá sí ag obair i gCill Mhantáin!

Tá an díograis chéanna tugtha faoi deara agam i mBaile Átha Cliath ó cuireadh deireadh leis an dianghlasáil. Tá na seisiúin traenála peile do pháistí tosaithe arís. Gach páirc ghlas thart orainn, bíonn siad ag cur thar maoil anois ag an deireadh seachtaine le páistí de gach aois, ag traenáil go dian faoi stiúir na gcóitseálaithe, tuismitheoirí a bhformhór.

Is iontach go deo an radharc é, théis chomh ciúin is a bhí na páirceanna céanna ar feadh sé mhí. Ní bheadh a fhios agat an uair sin gur baineadh aon úsáid astu riamh.

Ní fhéadfá a bheith i ndrochghiúmar agus na radharcanna seo os do chomhair. Amach anseo, beidh sé fliuch, cinnte, beidh sé fuar. Ach leanfaidh siad ar aghaidh leis an traenáil ar feadh an gheimhridh, mar is iondúil. Cailíní agus buachaillí ar ndóigh. Agus chuile dhuine acu, feistithe amach ina gcuid geansaithe agus buataisí cearta peile.

Tá ardú croí thart orainn ach é a thabhairt faoi deara.

Chuaigh cailín beag le mo nia i nDún na nGall ar scoil den chéad uair seachtain nó dhó ó shin. Tarlaíonn sé gur buachaillí is mó atá sna naíonáin bheaga i mbliana. Níl ach cailín beag amháin eile sa rang léi.

Rinne buachaill amháin iarracht rialacha an chlóis a mhíniú di an chéad lá ar scoil.

‘Féach,’ a deir sé go húdarásach. ‘Níl cead ag cailíní dul isteach sa tollán sin.’

‘Tá cead agamsa,’ a d’fhreagair sí. Mhéadaigh ar a misneach. ‘

Agus rud eile – tá beirt deirfiúracha móra agamsa sa scoil seo freisin.’

Níor chuala sí a dhath uaidh ó shin.

Fág freagra ar 'Bíodh tú i mBaile Átha Cliath nó i gConamara, tá ardú croí thart orainn ach é a thabhairt faoi deara'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil aon Gaeilge ar club, ???.