Bíodh cead againn na doiciméid tairisceana nua a fheiceáil – lucht feachtais Árann

Imní ar lucht feachtais Árann faoi ‘easpa tuisceana’ Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí oileáin

An tAire Stáit, Joe McHugh agus Tarlach de Blácam, duine d'urlabhraithe thoscaireacht Árann, i Roinn na Gaeltachta inné
An tAire Stáit, Joe McHugh agus Tarlach de Blácam, duine d’urlabhraithe thoscaireacht Árann, i Roinn na Gaeltachta

Tá sé ráite ag duine d’urlabhraithe thoscaireacht Árann le Tuairisc.ie gur mhaith leis go mbeadh deis ag an toscaireacht “leagan amach an doiciméid tairisceana” a fheiceáil le haghaidh na dtairiscintí nua a dhéanfar chun aersheirbhís a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Dúirt Tarlach de Blácam aréir le Tuairisc.ie gurb éard ba mhian leis ná go mbeadh “ról sa mheastóireacht” ag muintir Árann “nuair a bheas na tairiscintí nua tagtha isteach” le go mbeifí ar an eolas roimh ré faoi “cén saghas eitleán a nglacfaí leo”.

Dúirt sé freisin go ndeachaigh an toscaireacht chun cainte le Comhairle na nOileán in Albain agus go ndúirt an Chomhairle leo go bhféadfaí tairiscint nua “a theorannú d’eitleáin”.

Ag caint dó faoi chinneadh an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana le haghaidh conradh seirbhís aeir d’Oileáin Árann agus tús a chur le próiseas nua, dúirt de Blácam go bhfuil muintir Árann “an-sásta go deo” go bhfuil Roinn na Gaeltachta tar éis “an próiseas a chaitheamh i dtraipisí agus tosaí ar phróiseas tairisceana nua”.

Tuairiscítear go raibh toradh sásúil ar an gcruinniú a bhí ag Aer Arann Islands inné leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go gcuirfear síneadh leis an gconradh atá ag an gcomhlacht seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Tuigtear gur conradh 9 mí a tairgeadh d’Aer Arann ar dtús ag an gcruinniú sin ach nach nglacfadh Aer Arann le haon tairiscint a mhairfeadh níos lú ná bliain.

Níl aon deimhniú faighte fós ag toscaireacht Árann maidir le bualadh leis an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, ar an gCéadaoin bheag seo, tráth a dtiocfaidh deireadh leis an gconradh reatha atá ag Aer Árann, ach dúirt de Blácam go bhfuil sé i gceist ag an toscaireacht na moltaí thuasluaite a chur faoi bhráid an Aire nuair a bheidh cruinniú acu leis.

Creideann de Blácam gur “beag tuiscint” atá ag an Roinn “ar chúrsaí oileáin”.

Ní raibh Roinn na Gaeltachta ná an Oifig um Sholáthar Rialtais sásta a dheimhniú do Tuairisc.ie cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh teagmháil leis na páirtithe leasmhara le fáil amach an mbeadh Aerfort an Chairn Mhóir nó Aerfort na Minne ar fáil sular cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana agus na coinníollacha á mbeartú, ná ní dhéanfadh ceachtar acu ráiteas maidir le cén fáth ar socraíodh go mbeadh na hiarratasóirí teoranta don dá shuíomh sin.

Ba ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann.

Nuair a rinne an tAire an fógra sin, chuir muintir Árann feachtas ar bun chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn, rud atá déanta anois.

 

Scéal Árann ó thús ar lgh 5-1 anseo

Deireadh curtha leis an bpróiseas tairisceana anseo

Fág freagra ar 'Bíodh cead againn na doiciméid tairisceana nua a fheiceáil – lucht feachtais Árann'