Bíodh ag Truffles – ní raibh sé chun an rás a bhuachan ar aon nós

Tá rud éigin mealltach faoi shiopa an gheallghlacadóra ach seachain go gceapfá go ndéanfar aon rachmas mór ann

Bíodh ag Truffles – ní raibh sé chun an rás a bhuachan ar aon nós

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá rud éigin mealltach faoi shiopa an gheallghlacadóra. Chomh luath is a shiúlann tú isteach an doras bíonn tú i ndomhan faoi leith. Bíonn ciúnas ann, den chuid is mó, cé is moite den tráchtaireacht ar rásaí nó ar chluichí éagsúla. Is beag caint a chloistear, chuile dhuine ag coinneáil a chomhairle féin. Fir den chuid is mó a bhíonn ann, iad ag scrúdú na leathanach ó nuachtáin éagsúla atá crochta ar na ballaí, nó ag breathnú ar na scáileáin. Ní théim ann ach cúpla uair in aghaidh na bliana: don Grand National is seachtain Rásaí na Gaillimhe, cosúil le go leor daoine eile.

Tráthnóna Dé Luain seo caite, céad lá na rásaí, shuigh mé síos os comhair na teilifíse sa mbaile. Bhí slua deas i mBaile an Bhriotaigh; bhí an aimsir go maith. Bhain mé sásamh as a bheith ag breathnú ar na capaill á dtabhairt timpeall an fháinne. Bhí tuairimí barrúla ag na saineolaithe éagsúla. An mhaidin sin, d’éist mé le moltaí a tugadh ar an raidió agus bhí cúpla ainm breactha síos agam. Sheas ainm amháin amach dom – Baba Boom i rás 8.10. Síos liom ag an ngeallghlacadóir is chuir mé €5 chaon taobh air. Bhí an craoladh teilifíse thart faoin tráth sin. Chuartaigh mé ar Twitter. Bhuaigh Baba Boom ag 7/2 agus bhailigh mé €22.50 mar bhrabús ón ngeallghlacadóir. Dúirt mé liom féin go gcoinneoinn sin mar phota stóir is nach gcuirfinn airgead ach ar rás amháin in aghaidh an lae don chuid eile den tseachtain.

An chéad mhaidin eile, bhreac mé síos ainmneacha roinnt mhaith capall agus síos liom ag an gheallghlacadóir ag 10.30. Ní raibh ach seacht gcapall ag rith i gcéad rás an lae ag 5.10. Chuir mé €5 chaon taobh ar Holding Pattern le Barry Geraghty sa diallait.   

B’fhada liom go dtiocfadh an tráthnóna is bhí mé suite os comhair na teilifíse ag a 5 a chlog. Chríochnaigh Holding Pattern sa dara háit. Is beag nach raibh trua agam don gheallghlacadóir is mé ag bailiú mo chuid airgid. Bhreathnaigh mé ar mo nótaí. Bhí ciorcal curtha agam timpeall ar Gusty Rocky. Chuir mé €5 síos go mbainfeadh sé áit amach. Ar ais liom abhaile chun breathnú ar an rás. Thit roinnt capall sa rás seo, Gusty Rocky ina measc. Shocraigh mé go dtógfainn go réidh é ar feadh tamaill is níor bhac mé leis an tríú rás ag 6.25. Ainm capaill amháin a bhí scríofa agam agus ciorcal timpeall ar – Hermosa. D’fhéach mé ar an rás is mé ag guí nach mbuafadh Hermosa. Ach bhuaigh sé, dar ndóigh.

Bhí sé luath fós. D’fhill mé ar an ngeallghlacadóir le mo chuid bileog i mo phóca. Bhí ciorcal agam timpeall ar ainm an mharcaigh Gary Carroll. Bhí ainm dhá chapall agam freisin – Would Be King agus Caldbeck. Ach chomh luath is a shiúil mé isteach an doras rinne mé dearmad glan ar Gary Carroll is chuir mé €5 chaon taobh ar chapall Gordon Elliott, Caldbeck. Ar ais liom abhaile. Bhuaigh Gary Carroll an rás ar Burning Question ag 9/2 is chríochnaigh Caldbeck sa gcúigiú áit.

Bheinn níos cúramaí le mo chuid airgid as seo amach is níor bhac mé le rás 7.40. Dhá chapall a bhí scríofa síos agam don rás seo – Bond Street ceann acu, blas den rachmas ag baint leis an ainm. Is mé ag breathnú ar an rás, thuig mé nach raibh mé ag baint an oiread sásaimh as is a bhain an tráthnóna roimhe – bhí mé róthógtha leis na geallta. Sa dara háit a chríochnaigh Bond Street ag 6/1.

€9.30 a bhí agam sa phota stóir agus dhá rás fágtha. Thóg mé an cinneadh gan airgead ar bith a chur ar rás 8.10. Ar an mbileog bhí ciorcal agam timpeall ar Guanabara Bay le Declan McDonagh sa diallait. Chuartaigh mé an toradh ar Twitter. Mo léan! Tháinig Guanabara Bay sa tríú háit ag 10/1. 

Bhí deis fós agam. Truffles an t-ainm a bhí ciorclaithe agam don rás deireanach ag 8.40. Ag 8.30, bhí mo chóta orm is mé réidh le brostú síos ag an ngeallghlacadóir le €5 chaon taobh a chur ar Truffles. Ansin bhuail m’fhón.

Mo dheirfiúr a bhí ann. D’inis mé di faoin tráthnóna a bhí curtha isteach agam. Rinne sí gáire ar dtús is ansin thosaigh sí ag cur comhairle orm. Ní raibh mé ach ag tabhairt leathchluas di; bhí mé ag stánadh ar ainm Truffles ar an mbileog ar an mbord os mo chomhair. Bhí an t-am ag imeacht. Ní raibh mé chun géilleadh don chathú. Bíodh ag Truffles – ní raibh sé chun an rás a bhuachan ar aon nós, bhí mé cinnte anois. Bheadh mo chuid airgid slán. Ach, mar sin féin, chuartaigh mé an toradh ar Twitter. Ní gá dom a rá – bhuaigh Truffles – ag 20/1. Is beag nár chaith mé m’fhón in aghaidh an bhalla!

Bhí an €9.30 fós ar an mbord. Ní raibh mé chun ligean de seo an ceann is fearr a fháil orm. Bheadh an siopa gheallghlacadóra ar oscailt arís ag  9 am. Cheannóinn an Racing Post ar maidin. Bheinn ullamh. Thógfainn an cinneadh ceart chuile uair as seo amach.

Fág freagra ar 'Bíodh ag Truffles – ní raibh sé chun an rás a bhuachan ar aon nós'