Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá

Táthar ag súil gur ré nua a bheidh mar thoradh ar an reachtaíocht seo, agus go dtabharfar aghaidh go diongbháilte ar an mbagairt don bheatha atá san athrú aeráide

Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá

An tseachtain seo a chuirfidh Uachtarán na Stát Aontaithe a lámh leis an dlí is tábhachtaí agus is suntasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair Mheiriceá. 

Faoin reachtaíocht nua seo cuirfear $369 billiún ar fáil mar mhaoiniú chun acmhainní fuinnimh inathnuaite a neartú agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.

Táthar ag súil gur ré nua a bheidh mar thoradh ar an reachtaíocht seo, agus go dtabharfar aghaidh go diongbháilte ar an mbagairt don bheatha atá san athrú aeráide.

Meastar go bhféadfadh an tAcht Laghdaithe Boilsciú, ar acht aeráide é dáiríre, cuidiú na hastaíochtaí ó bhreoslaí iontaise na Stát Aontaithe a laghdú agus go mbeidís 41% nó 42% faoin leibhéal ag a rabhadar in 2005 faoin mbliain 2030. 

An sprioc atá leis an reachtaíocht thábhachtach seo go mbeadh billiún tonna de laghdú ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa na Stát Aontaithe in 2030, faoi cheann ocht mbliana. 

Maítear go bhféadfadh an reachtaíocht chinniúnach aeráide, sláinte agus chánach seo beatha na mílte a shábháil gach bliain agus go spreagfaidh sí athrú ó bhonn ar earnáil fuinnimh agus iompair na Stát Aontaithe. 

Faoin mbliain 2030, meastar nach mbeidh ach 9.7% de leictreachas na Stát Aontaithe á fháil ó ghual, tionscal atá ag dul i léig ansin le fada. 

Cé go raibh an gás nádúrtha mar fhoinse fuinnimh ag ardú thall le tamall, meastar go mbeidh a úsáid sin freisin laghdaithe 28% faoi cheann ocht mbliana. 

Tá roinnt anailíse déanta a léiríonn go bhféadfadh suas le 81% de leictreachas na Stát Aontaithe a bheith á ghiniúint ó fhoinsí glana fuinnimh faoi 2030 – fuinneamh na gréine, na gaoithe is an uisce, fuinneamh núicléach agus geoiteirmeach.

Is as an tSín is mó a eisítear gásanna ceaptha teasa sa lá inniu ach tá na Stáit Aontaithe sa dara háit agus iad freagrach as 15% d’astaíochta ceaptha teasa na cruinne. Má chomhairtear na hastaíochtaí ar fad ó bhreoslaí iontaise ó 1750 is mó a tháirg SAM ná aon tír eile ar domhan.

Cháin na polaiteoirí is forásaí nó is liobrálaí sa Chomhdháil an bille seo toisc é a bheith níos teoranta ná an uaillmhian a bhí ag an Uachtarán Biden leis an ‘Acht Atógála Níos Fearr’ ach theip air dóthain tacaíochta a fháil don acht sin agus a bhuíochas do na forálacha ar son na haeráide atá san Acht Laghdaithe Boilsciú seo, glacadh leis. 

Údar mórtais do na Daonlathaigh gur éirigh le Biden an tAcht seo a rith ó tharla nach bhfuil ach trí mhí ann anois go mbeidh na toghcháin lár téarma thábhachtacha ar siúl sna Stáit Aontaithe.

Má éiríonn leis an mbille seo a bhfuil á thuar dó a dhéanamh, spreagfaidh sé tomhaltóirí agus tionscail lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise a athrú, cuirfidh sé pionós ar chomhlachtaí breoslaí iontaise a scaoileann amach iomarca astaíochtaí meatáin agus cuirfear maoiniú riachtanach ar fáil chun an truailliú a ghlanadh suas. 

Is é an bille seo an chéad uair riamh a leagadh síos sa dlí go ngearrfaí táille mheatáin ar chomhlachtaí breoslaí iontaise a scaoileann an iomarca den mheatán amach san aer ó tharla gur truailleán aeráide an-chumhachtach é an gás sin.

Fág freagra ar 'Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá'