Biden ag carnadh na dtoscairí, ach céard faoi Trump?

Más leo an ceann is fearr a fháil ar Donald Trump, caithfidh Daonlathaigh tarraingt le chéile as seo go ceann roinnt míonna, rud nach ndearna siad ceithre bliana ó shin

Biden ag carnadh na dtoscairí, ach céard faoi Trump?

Go dtí gur bhuaigh sé an réamhthoghchán in South Carolina an mhí seo caite ní raibh aon réamhthoghchán buaite riamh ag Joe Biden agus trí iarracht déanta aige ainmniúchán na nDaonlathach d’uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá a fháil. Tá na déaga buaite ó shin aige agus Dé Máirt, d’éirigh leis cuid de na Stáit is mó agus is tábhachtaí a thabhairt leis. Tá Illinois, Florida agus Arizona anois tugtha leis ag Biden agus é soiléir go bhfuil Daonlathaigh ag cruinniú timpeall air. Tá 1,093 toscaire aige anois – 1,991 a theastaíonn leis an ainmniúchán a bhreith leis.

Ina óráid Dé Máirt, rinne Biden impí ar lucht tacaíochta Bernie Sanders  tacú leis. Dúirt sé go háirithe leis an dream óg atá tagtha amach ina sluaite ag slógaí ó cheann ceann na tíre go gcloiseann sé iad, go dtuigeann sé a dteachtaireacht agus go bhfuil a fhios aige céard a theastaíonn a dhéanamh.

Iarracht a bhí anseo agus gan aon cheilt aige air, brú a chur ar Sanders éirí as an rás anois agus tacú leis. Cé nach raibh aon chosúlacht ar óráid Sanders go raibh rún aige éirí as, tuairiscíodh inné go raibh sé i mbun machaimh faoi dheireadh a chur lena fheachtas.

Fearacht chuile áit ar domhan tá na Stát Aontaithe faoi bhrú ag an víreas corónach. Chuir na húdaráis in Ohio an réamhthoghchán a bhí ceaptha a bheith sa Stát sin inné ar athlá. Bíonn súil ghéar i gcónaí ar an toradh in Ohio mar gur minic leis leid a thabhairt faoin toradh a bheidh san olltoghchán faoi Shamhain.

Tá roinnt Stát eile go bhfuil a réamhthoghcháin curtha ar athlá go mí an  Mheithimh acu, ina measc Kentucky agus Louisiana. Tá amhras faoi choinbhinsiún na nDaonlathach a bheith in ann dul ar aghaidh in Milwaukee i mí Iúil. Caithfear smaoineamh freisin go bhfuil an bheirt fhear atá fós san iomaíocht ag an bpointe seo san aois nach bhfeileann sé dóibh a bheith i measc an phobail agus iarrachtaí á ndéanamh dul i ngleic leis an víreas atá ag leathadh ar fud na cruinne. Tá Biden 77 bliain d’aois agus tá Sanders,  a raibh taom croí aige anuraidh, 78.

Ach más mian leo an ceann is fearr a fháil ar Donald Trump, caithfidh Daonlathaigh teacht le chéile as seo go ceann roinnt míonna, rud nach ndearna siad ceithre bliana ó shin.

I gcás éigeandála náisiúnta is minic leis an bpobal tacú le chéile leis té atá sa Teach Bán. Níl aon ghaisce déanta ag Trump go dtí seo le linn na héigeandála reatha ach dá fhad dá dtéann sí ar aghaidh, cá bhfios nach dtosódh an pobal ag breathnú in athuair air.

Tá sé soiléir anois gur ag Biden a bheidh an t-ainmniúchán. Ní léir, fós pé scéal é, gur iarrthóir maith é. Ní sé soiléir ach oiread go mbeidh sé in ann tuisle a bhaint as Donald Trump.

Níl na freagraí go léir faoi Biden againn ach gan iarracht láidir ó na Daonlathaigh tacú leis is beag atá i ndán dó.

Fág freagra ar 'Biden ag carnadh na dtoscairí, ach céard faoi Trump?'