Bí liom, Sam Maguire. Ná bac BÁC lofa, is thiar a bheas tú sásta…

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Cá bhfios dúinn cad é a tharlóidh san eadarlúid roimh an choinne? Cá bhfios dúinn i ndáiríre cad é atá i gcroí leannáin?

Bí liom, Sam Maguire. Ná bac BÁC lofa, is thiar a bheas tú sásta…

Coinne, b4, socrú chun bualadh le chéile.

Eadarlúid, b2, am nó spás idir dhá rud.

(An Foclóir Beag Gaeilge-Gaeilge)

Ceist ar fhealsamh: cad é a tháinig ar dtús, an choinne nó an eadarlúid? Is dócha nach dtig leat eadarlúid bheith agat mura mbíonn coinne greamaithe ag deireadh na headarlúide. Ach is dócha nach dtig leat coinne bheith agat mura mbíonn tréimhse ama idir an socrú chun bualadh le chéile agus an bualadh le chéile féin.

Cibé ar bith, seo muid sa tréimhse idir cluichí, coinne ag dhá chontae i bPáirc an Chrócaigh, agus an eadarlúid á líonadh le gach saghas tuairimíochta faoina mbeidh i ndán do Mhaigh Woe agus na Dubanna.

An bhfuil ceachtar den dá dhream ag súil leis an choinne, le críoch na headarlúide?

Shílfeá go raibh na Dubanna ag súil go mór leis an lá, le bualadh lena leannán uair amháin eile. I ndeireadh thiar thall, nach ag siúl amach le Sam atá siad le tamall? Tá aithne mhaith acu ar a chéile agus, bhuel, tá siad mór, má thuigeann tú leat mé. Is minic a leag na Dubanna lámha grámhara ar chraiceann Sam; is minic a shiúil siad lámh ar lámh le chéile cois Life, gur phóg siad a chéile, gur ól siad le chéile, gur cheol siad le chéile. Tá siad steady le tamall agus tá mórán daoine den bharúil go mairfidh an caidreamh i bhfad.

Nó an coinne eile a bheidh ann do na Dubanna i ngan a fhios dóibh féin? An mbeidh Sam tuirseach díobh? An mbeidh fonn ar Sam seal a chaitheamh áit eile in Éirinn? Éiríonn muid uilig corrthónach, nach n-éiríonn? Seans go bhfuil Sam ag machnamh go bhfuil a sháith de lámha garbha cathrach aige. Bhí an choinne sin gan choinne againn uilig, nach raibh? Ní tusa atá ann ach mise… Níl ann ach go bhfuil… Tá duine eile ann… Is fuath liom thú… Ní thuigeann tú mo mhianta… Ní leor tú…

Agus sin tú, i do sheasamh ar an tsráid, croíbhriste brúite agus do ghrá geal ar shiúl go tobann, laethanta an ghrá thart, an crá croí mar chompánach agat agus sin tú ag cumadh drochfhilíochta faoin dúil gan fháil go cionn i bhfad.

Olc go leor atá an scaradh sin don duine aonair ach is míle uair níos measa é os comhair 80,000 duine agus na céadta mílte ag amharc ar an teilifíseán.

Agus Maigh Woe? Tugann téarma.ie ‘coinne chéad aithne’ ar ‘blind date’. Ó, sea, ní coinne chéad aithne ar fad ar fad atá ann ach tá sé chomh fada sin ó bhí crúba fhir Mhaigh Woe ar chraiceann Sam go bhfuil dearmad déanta ar shuirí acu.

Chonaic siad an ainnir seo Sam ag siúl amach Páirc an Chrócaigh go minic le fir eile ach sin uilig. Tá súil acu Sam a mhealladh lena mbriathra binne blasta: ‘Bí liom, a Sham. Tá feirm agam thiar, mórán acraí lán eallaigh, aibhneacha lán éisc. Bí liom, Sam. Is thiar a bheas tú sásta. Tá costas na tithíochta ró-ard i mBaile Átha Cliath. Tá an chathair ghránna lán toite agus tráchta. Siúil liom siar an bealach le go mbeidh boladh móna mar chumhrán agat agus beidh muid le chéile faoi lán gealaí agus na réaltaí ag rince os ár gcionn. M’anam le Dia, ní bheidh lá aithreachais ort nó mise an fear nach loicfidh ort.’

Nó an amharcfaidh Sam ar mhuintir Mhaigh Woe agus ní fheicfidh Sam tuath álainn thiar ach lucht tarracóirí agus trailers? Ní fheicfidh Sam each agus eallach sna páirceanna ach asail agus seanbhoinn caite leis an bhruscar taobh an bhealaigh mhóir. An bhfuil croí Sam anois i Mercs Bhaile Átha Cliath, i mBrown Thomas, i gceantar rachmasach Cill Iníon Léinín agus eile? An mbeidh fonn ar Sam slumáil thiar?

Cá bhfios dúinn cad é a tharlóidh san eadarlúid roimh an choinne? Cá bhfios dúinn i ndáiríre cad é atá i gcroí leannáin?

Arú, mo mhíle leithscéal! Tá iontráil eile ag an Fhoclóir Bheag ar an fhocal ‘eadarlúid’: ‘dreas beag ceoil idir dhá chuid de dhráma’. Seo anois an dreas beag ceoil:

Is é an trua nach mise, nach mise
Is é an trua nach mise bean Pháidín
Is é an trua nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige bheith caillte.

 

Fág freagra ar 'Bí liom, Sam Maguire. Ná bac BÁC lofa, is thiar a bheas tú sásta…'

  • Máire Uí Dhufaigh

    Thar cionn ar fad! Lagthaí ag gáirí.