An mhí seo caite tharla i siopa barrachas airm mé, ceann de na siopaí sin a mbíonn buataisí airm, málaí droma canbháis agus earraí campála acu agus míle gléas eile nach gcuimhneofá orthu go deo.
Bhí leabhair nótaí acu freisin – clúdach crua orthu agus dathanna camouflage.
Ní raibh siad daor agus cheannaigh mé ceann le haghaidh an chraic, agus ansin rinne mé dearmad air go dtí go raibh leabhar nótaí ag teastáil uaim go práinneach maidin inniu.
Ba é an chaoi gur theastaigh uaim tús a chur le ‘dialann dornálaíochta’, togra scríbhneoireachta a mbeadh dhá fheidhm leis.
Sa chéad áit, iarracht a bheadh sa togra an t-ábhar a bhíonn á theagasc sna ranganna dornálaíochta a mbím ag freastal orthu a phróiseáil ar mo shuaimhneas, agus ar mo bhealach féin – ar pháipéar.
Sa dara háit, iarracht a bheadh ann gaois an teagascóra, léargais agus tuairimí na ndaltaí eile agus pé splancacha tuisceana a bheadh agam féin a bhailiú le chéile ionas go bhféadfainn úsáid a bhaint as an amhábhar sin i dtograí ficsin nó i gcolún éigin amach anseo.
Ach baineadh siar asam nuair a d’oscail mé an leabhar nótaí sin ón siopa barrachas airm. Grafpháipéar a bhí taobh istigh – cearnóga de 5 mm2 – seachas línte. (Bhí clúdach plaisteach ar an leabhar nótaí nuair a cheannaigh mé é, agus ní raibh eolas ar bith ar an gclúdach sin faoin saghas leathanach a bheadh le fáil taobh istigh. Toisc gur scríbhneoir mé, seachas sáirsint, ghlac mé leis gur línte a bheadh ann – rud a thaispeáin dom arís cé chomh contúirteach is a bhíonn sé glacadh le rudaí gan iad a fhiosrú.)
Mar sin féin, chuir mé peann le páipéar – ach ní ar an gcaoi a gcuirfinn dá mbeadh línte romham seachas cearnóga beaga.
Ar dtús, rith sé liom go mbeadh orm na cearnóga beaga a chomhaireamh agus suim chasta a dhéanamh lena chinntiú go mbeadh an focal ‘dornálaíocht’ díreach i lár an chéad leathanaigh, ag an mbarr. Ní fear mór matamaitice mé, ach d’éirigh liom sa chúram sin.
Ach ansin agus tús curtha agam leis an gcéad iontráil dialainne thug mé faoi deara go raibh tionchar fíorláidir ag an ngrafpháipéar ar mo mhodh scríbhneoireachta, agus go deimhin ar a raibh á scríobh agam.
Dá mbeadh línte romham bheadh mo chuid smaointe á ligean le sruth agam, féachaint cá dtabharfadh sruthán na bhfocal mé, ach thug na cearnóga beaga sin orm eagarthóireacht a dhéanamh ar mo chuid smaointe i m’aigne sular bhreac mé síos iad.
Bhí stíl níos tomhaiste le brath ar an scríbhneoireacht dá bharr, amhail is dá mbeadh aiste á scríobh agam seachas nótaí pearsanta dom féin.
Stíl níos righne freisin.
Stíl mhíleata, seans.
An chéad rud eile, rith sé liom gur ‘cartús’ a thugtar ar an gcoimeádán dúigh úd i mo pheann agus gur ‘cartús’ a thugtar freisin ar a mbíonn i ngunna, tuiscint a mheabhraigh dhá rud eile dom ar an bpointe boise: an tuairim úd atá faiseanta i gciorcail áirithe gur ‘urchar ar son na saoirse atá i ngach focal Gaeilge’, agus, gan dabht, an cliché úd gur cumhachtaí an peann ná an claíomh.
Bhí mo chuid smaointe á stiúradh i dtreo ar leith ag an leabhar nótaí – agus ní raibh neart agam air.
Ar ámharaí an tsaoil d’fheil an tionchar a d’imir an leabhar nótaí ar mo chuid scríbhneoireachta go seoigh don ábhar a theastaigh uaim a chíoradh ann (gan dabht tá go leor i gcoitinne ag an dornálaí agus an saighdiúir) agus don chineál togra: togra taighde.
Ach ní fhéadfainn píosa ficsin a scríobh sa chóipleabhar céanna. Ní hamháin go gcuirfeadh na cearnóga beaga sin srian le mo shamhlaíocht ach b’aisteach liom tabhairt faoi scéal grá, mar shampla, i gcóipleabhar a mbeadh dathanna camouflage ar an gclúdach. (Caidreamh idir beirt shaighdiúirí, a deir tú – ach sin é go díreach atá i gceist agam nuair a deirim go mbíonn tionchar ag pé cóipleabhar nach bhfuil cuma neodrach air ar a scríobhfar ann.)
An tráth sin den bhliain atá ann nuair a bhíonn sladmhargadh le fáil sna siopaí stáiseanóireachta – agus nuair a chuirtear tús le tograí nua scríbhneoireachta agus le cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, leis. Ach bí cúramach agus cóipleabhar nó leabhar nótaí* á roghnú agat!
*Céard é an difríocht idir cóipleabhar agus leabhar nótaí, a deir tú? Sa cholún seo bhain tú úsáid as an dá théarma chun cur síos a dhéanamh ar an rud céanna! Dar liomsa, braitheann an rogha téarmaíochta sin ar an gcineál ruda a bheas á scríobh: ‘leabhar nótaí’ i gcás taighde nó dialainne, ‘cóipleabhar’ i gcás dréachta do phíosa ficsin nó filíochta
Fág freagra ar 'Bí cúramach agus cóipleabhar á cheannach agat!'