Bhrisfeadh sé do chroí ag éisteacht leis ag iarraidh an míol mór a chiúnú mar a dhéanfá le leanbh sa chliabhán

Chuaigh míol mór socach Sowerby, míol ar dual dó a bheith in Aigéan an Atlantaigh Thuaidh, i sáinn amach ó Cheann Heilbhic i nGaeltacht Phort Láirge le déanaí  

Bhrisfeadh sé do chroí ag éisteacht leis ag iarraidh an míol mór a chiúnú mar a dhéanfá le leanbh sa chliabhán

An rud a mhothaigh mé thar aon rud eile ná meas agus bá dos na fir a chuaigh amach chun an míol mór socach Sowerby a shábháil le déanaí san fharraige amach ó Rinn Ua gCuanach.

Léirigh siad an méid sin trua agus comhbhá don ainmhí gur bhris sé mo chroí agus mé ag féachaint orthu, go háirithe nuair a chuala mé duine acu ag iarraidh an míol mór a chiúnú mar a dhéanfá le leanbh sa chliabhán.

Bhí an t-ainmhí greamaithe le rópaí agus é ina luí ar charraigeacha taobh le cuan Bhaile na nGall i nGaeltacht na Rinne sna Déise i gcontae Phort Láirge nuair a fuair fir bhád tarrthála an RNLI i gCeann Heilbhic an glaoch timpeall a cúig a chlog um thráthnóna.  Láithreach ghléas siad iad féin sna cultacha agus d’imigh siad amach. Sa deireadh bhí orthu thart ar cheithre uair an chloig a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige, cuid acu san uisce in éineacht leis an gcréatúr seo a bhí gortaithe, lag agus ag cur fola.

Seo míol mór gur chóir dó a bheith i bhfad amach, thart ar 300 míle siar ó chósta thiar na hÉireann. Tá sé an-chosúil le deilf ach míol mór fásta a bhí ann, a dúirt ball de ghrúpa faire na míolta móra agus na ndeilfeanna linne a bhí inár seasamh ag faire air ó ché Bhaile na nGall.  Bhí mé ann, in éineacht le mo dheirfiúr, RoseAnn, a bhí ag déanamh taifeadadh air do shuíomh idirlín TG4 Molscéal.  Bhí an t-ainmhí chomh gairid sin dúinn gur rith sé liom go bhféadfainn mo lámh a leagadh ar a bhaithis dá mba mhaith liom.  Go hiondúil bíonn ainmhí fiáin mar seo ag traiseáil thart agus láidir fíochmhar, ach bhí an créatúir seo lag, tráite, spíonta agus ciúin.

 

Ar dtús d’éirigh le fir an bháid tarrthála an míol mór seo a thabhairt amach taobh amuigh de bhéal na cé agus ligeamar-ne a bhí ag fuireach ar an ché liúnna asainn nuair a scaoil siad leis, ach láithreach bonn, shnámh sé isteach arís go dtí an áit cheannann chéanna amhail is go raibh sé ag iarraidh dul i dtír. Dúirt duine des na hiascairí a bhí ag faire air seo go raibh an míol mór ag iarraidh dul siar ó dheas go dtí an fharraige dhomhain agus gur chóir é a thógaint amach ar fad thar cheann an bhá.

Mar sin bheartaigh fir an bháid tarrthála é a thógaint thar ché Bhaile na nGall, thar ché Heilbhic, thar an oileáinín agus thar Cheann Heilbhic ar fad, amach as bá Dhún Garbháin go dtí go mbeadh sé saor ón leithinis agus na cuanta ar fad agus ábalta snámh amach siar i dtreo an uisce ba dhoimhne.

Chun é seo a dhéanamh bhí ar chuid acu dul isteach san uisce arís, an míol mór a chur i mála tarpóil, é a cheangal leis an mbád, agus é a stiúradh taobh leis an mbád go deas mall amach míle go leith i dtreo na farraige móire. Bhí orthu é seo a dhéanamh go breá réidh ionas ná beadh an míol mór faoi aon straidhn nó strus. D’fhan na fir san uisce taobh leis, ag snámh de réir a chéile, an bád ag imeacht go mall.  Chuaigh siad cúpla céad méadar amach thar cheann Heilbhic leis agus nuair a bhíodar fada go leor lasmuigh agus amach ón chósta scaoil siad leis. Chomh luath is a bhí sé scaoilte d’imigh sé ar nós na gaoithe, a dúirt duine acu liom, Criostóir Ó Faoláin. Dúirt mo nia, Seosamh Ó Foghlú, atá ina bhall den chriú chomh maith agus a bhí ar an fhoireann tarrthála an oíche sin gur “shnámh an míol mór as radharc go domhain láithreach”.  Is iad na daoine eile a ghlac páirt san tarrtháil ná Páidí Breathnach, Alan Kelly, Sé Mac an Óige, Cathal Reilly agus Pat Devereux.

“Le cúnamh Dé, ní bheidh sé timpeall anseo arís. Ta súil agam go bhfuil sé ceart go leor,” a dúirt Criostóir Ó Faoláin, agus é tagtha i dtír in éineacht leis na fir eile agus iad ar fad traochta. “Is í an bhuairt a bhí orainn ná go mbeadh sé ag iarraidh teacht isteach arís. Sin rud a tharlaíonn minic go leor nuair atá siad réidh le bás a fháil, tagann siad isteach i dtír, ach níl a fhios againn cá bhfuil sé i ndáiríre ach is cosúil gur éirigh leis dul amach seachas teacht isteach arís.” 

Tá mé dóchasach gur éirigh leo é a shábháil. Léirigh sé domsa cad é an rud a bheith daonna gur chuir siad stró orthu féin an t-ainmhí bocht seo a shábháil, nár éirigh siad éadóchasach faoi agus gur lean siad leis gur éirigh leo é a scaoileadh amach sa bhfarraige.  Cuimhním anois air, míol mór an Atlantaigh, é go domhain sa bhfarraige, ag éirí láidir, tá súil agam, agus ag snámh arís ina thimpeallacht nádúrtha san aigéan.

Fág freagra ar 'Bhrisfeadh sé do chroí ag éisteacht leis ag iarraidh an míol mór a chiúnú mar a dhéanfá le leanbh sa chliabhán'