Bhíodh leigheas sa tseanaimsir san anáil agus i leagan na lámh – is mór idir na haimsirí

Le teaghlaigh áirithe a luaití saghsanna áirithe leighis sa tseanaimsir agus b’ionann ‘Dia dhuit’ a rá agus d’anáil a shéideadh i dtreo duine éigin

Bhíodh leigheas sa tseanaimsir san anáil agus i leagan na lámh – is mór idir na haimsirí

Creid é nó ná creid, bhíodh bearbóirí ina measc siúd a luaití leigheasanna leo sa tseanaimsir. In aon anáil amháin a luaití iad féin agus máinlianna ó thaobh cúrsaí leighis de.

Ní mó ná sásta a bhí na máinlianna faoin gceangal seo, agus faoin am ar bunaíodh Cumann na Máinlianna i mBaile Átha Cliath i 1780, ritheadh rún go scarfaí iad féin agus na bearbóirí óna chéile d’fhonn sláinte daoine a chosaint.

An cuspóir céanna a bhí le Tithe Fóirithinte na mBocht, a osclaíodh tamaillín roimhe sin i mBaile Átha Cliath agus sna bailte móra eile fud fad na tíre.

Ba bheag dul chun cinn a rinneadh sa dá chéad bliain a lean, agus má bhí teacht éasca ag muintir na mbailte móra ar ospidéil de réir mar a bhí siad á mbunú agus á n-oscailt ar fud na tíre, ní mar sin a bhí an scéal ag muintir na tuaithe.

Sna leigheasanna traidisiúnta a chaithidís siúd a muinín a chur, óir b’éigean dóibh a bheith ag brath orthu féin agus ar an tsaíocht a tháinig anuas chucu óna sinsir rompu.
Bhíodh daoine ar leith i ngach pobal agus buanna áirithe leighis luaite leo, idir neart lámh, fuascailt ar dhonacht nó eolas ar luibheanna. Fearacht na mbearbóirí thuasluaite, is lena lámha a chuireadh na daoine seo suaimhneas ar dhaoine.

Thagadh nioscóidí (neascóidí) ar dhaoine agus ba mhinic gur péist – nó “piast” ó dheas – ba chúis leo. Ag labhairt dó le Breandán Feiritéar, dúirt Seosamh Ó Dálaigh go mbíodh an diabhal ar an bpiast bhaineann, óir níor thúisce nioscóid cneasaithe ná “bheadh ceann nó dhá cheann eile chughat”.

‘Meacain (meacan) an dá thogha’ a mbaintí leas as chun an phiast a mharú sa chás sin. Cois abhann a fhásann an meacain seo agus fréamh théagartha fúithi. Chuirtí an meacain faoin luaith nó “fén ngríosaigh”, agus ligtí di bogadh go breá, agus ansin dhéantaí ceirí (céirín) di trína beiriú.

Nuair a bheadh an ceirí réitithe, ghlaofaí isteach ar an bhfear a mbeadh an phiast thiar ina mhuineál, agus bhuailfí an ceirí breá bog te suas leis an nioscóid, agus mharódh sé sin an phiast.

Is é an chúis nár mhaith leo an fear a bheith i láthair agus an ceirí á réiteach ná go bhfaigheadh an phiast boladh na luibhe agus an ceirí á dhéanamh, agus go n-aistreodh sí go dtí áit eile dá chorp.

Ag scríobh di san iris Comhar ar na cúrsaí seo, dúirt Rhóda Uí Chonaire, trócaire uirthi, nárbh fhéidir fuil mhuintir Bhreathnach a shárú chomh fada is a bhain sé le leigheas a fháil ar ‘an tine Dhia’, nó an rud a dtugtaí an wildfire air i mBéarla.

Ar leanaí a bhíodh an tine Dhia go minic, agus nuair nach raibh fáil ar Bhreathnaigh ná ar Eochaidh, ba leor fuil an chait dhuibh, de réir an bhéaloidis.

Galar eile a thagadh is a thagann ar leanaí is ea an craosghalar. Anáil an ghandail a leigheasadh é, de réir dealraimh.

D’fhantaí go mbíodh an leanbh ina chodladh agus a bhéal ar leathadh aige. Ansin bheirtí ar an ngandal agus sheasadh an té a mbíodh greim láimhe aige ar an ngandal ar aghaidh an linbh amach. D’fháisceadh sé an gandal agus chuireadh sé a gob le béal an linbh ag an am céanna, sa tslí is go dtéadh anáil an ghandail síos scornach an linbh.

Trí huaire a dhéantaí é sin, ar feadh trí mhaidin, a deir Domhnall Ó Dubhda.

Deirtear gur ag daoine a raibh a n-athair caillte a bhí an leigheas seo.

I bhfad ón anáil agus ó leagan na lámh atáimid anois, ainneoin leigheas a bheith sa dá rud ó aimsir Chríost anall.

An beannú balbh atá á chur againn ar a chéile, sa bhaile mór agus faoin tuath araon, ach is maith ann é mar bheannú; go deimhin, is fearr i bhfad é ná an neamhaird.

An daonnacht atá ar barra agus an ceann á chlaonadh nó an lámh á chrochadh againn ar a chéile.

Fág freagra ar 'Bhíodh leigheas sa tseanaimsir san anáil agus i leagan na lámh – is mór idir na haimsirí'