Bhí ‘neodracht’ na hÉireann i gcónaí solúbtha a dóthain le go dtiocfadh sí slán

Tá argóint láidir ann nach é an tAontas Eorpach ar chor ar bith an struchtúr is éifeachtaí má tá ceannairí Eorpacha ag iarraidh cosaint mhíleata na hEorpa a fhorbairt mar mhalairt ar NATO

Bhí ‘neodracht’ na hÉireann i gcónaí solúbtha a dóthain le go dtiocfadh sí slán

Tá imní á léiriú go bhféadfadh an claochlú atá ag tarlú ar chúrsaí slándála agus cosanta san Eoraip brú a chur ar an tír seo ár neodracht mhíleata a chaitheamh i dtraipisí agus páirt a ghlacadh in airm Eorpach. De réir na teoirice sin, tá deireadh le NATO mar dhíspreagadh inchreidte don Rúis agus beidh ar an Aontas Eorpach seasamh isteach sa bhearna agus cosaint chomónta a eagrú don Eoraip i gcoinne impiriúlachas na Rúise.

Agus is cinnte má tá cosaint mhíleata na hEorpa le bheith bunaithe ar an Aontas Eorpach go n-ardóidh sé sin ceisteanna deacra don tír seo. Tá cinneadh an rialtais gur mian leo fáil réidh leis an nGlas Triarach ag cur leis an imní seo.

Ach tá argóint láidir ann nach é an tAontas Eorpach ar chor ar bith an struchtúr is éifeachtaí má tá ceannairí Eorpacha ag iarraidh cosaint mhíleata na hEorpa a fhorbairt mar mhalairt ar NATO.

Síltear go forleathan anois go ndearnadh botún bunúsach i ndearadh an Aontas Eorpaigh nuair nár samhlaíodh riamh go dteipfeadh ar an daonlathas liobrálach in aon bhallstát. Shroich rómhuinín agus uabhar lucht an daonlathas liobrálaigh a mbuaicphointe le hargóint Francis Fukuyama i 1992 go raibh ‘deireadh na staire’ tagtha agus go raibh buaite ag an Daonlathas Liobrálach ar gach aon chóras eile.

Mar gheall ar an rómhuinín sin tá an tAontas Eorpach fágtha anois sa riocht nach bhfuil aon bhealach chun an ruaig a chur ar stát ar nós na hUngáire nach bhfuil ag teacht a thuilleadh le bunluachanna an Aontais maidir le daonlathas, riail an dlí agus caimiléireacht. Dá bhféadfadh tromlach na mballstát bata agus bóthar a thabhairt don Ungáir ar an bpointe dhéanfadh siad sin, agus bheadh comhartha ceiste faoin tSlóvaic freisin.

Tá an fhadhb seo níos práinní fós i gcás comhghuaillíocht chosanta. Go deimhin ní féidir go gcreideann éinne dá n-ionsódh an Rúis ballstát de chuid NATO go gcomhlíonfadh Viktor Orban a ndualgas de réir Alt a 5 de chonradh NATO, teacht i gcabhair ar an stát sin agus páirt a ghlacadh i gcoimhlint mhíleata i gcoinne na Rúise.

Ní dhéanfadh sé ciall ar bith mar sin go mbeadh stát ina bhfuil rialtas pro-Putin agus pro-Rúiseach páirteach i gcomhghuaillíocht chosanta arbh í an phríomhsprioc a bheadh léi an Eoraip a chosaint ó Putin agus ón Rúis. Ní hamháin nach bhféadfaí brath ar an Ungáir, ná faoi láthair ar an tSlóvaic, a ndualgais a chomhlíonadh i gcás cogaidh, ach ní bheadh sé críonna go mbeadh rochtain acu ar fhaisnéis rúnda faoi chosaint agus slándáil na hEorpa.

Fadhb eile is ea gur léir go gcaithfidh an Bhreatain a bheith páirteach in aon chomhghuaillíocht cosanta Eorpach agus níl an Bhreatain san Aontas Eorpach. Luíonn sé le réasún mar sin gur struchtúr úrnua a bhunófaí chun cosaint chomónta mhíleata na hEorpa i gcoinne bhagairt na Rúise a eagrú – comhghuaillíocht dóibh siúd atá toilteanach.

Bheadh na tíortha Eorpacha ar fad atá páirteach i NATO agus an tAontas Eorpach araon faoi láthair, seachas an Ungáir agus an tSlóvaic, páirteach ann. Bheadh cead ag formhór na mballstát aon tír a thaobhaíonn leis an Rúis a ruaigeadh go tapa. D’fhéadfaí an Ungáir agus an tSlóvaic a scaoileadh isteach sa Chomhghuaillíocht dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí sna tíortha sin.

Bheadh seans níos láidre freisin go bhféadfadh an Úcráin a bheith páirteach i gcomhghuaillíocht mhíleata dá leithéid amach anseo, mar nach mbeadh cead crosta ag Meiriceá ná an Ungáir air sin. Is cinnte go mbeidh an Rúis ag iarraidh cosc ar bhallraíocht fhoirmeálta na hÚcráine in aon chomhghuaillíocht mhíleata a bheith mar chuid d’aon socrú síochána.

Ach is cinnte freisin nach nglacfaidh an Úcráin le haon srianta éigeantacha ar mhéid a bhfórsaí míleata tar éis gach a bhfuil tarlaithe agus ní bheidh conradh ar bith ábalta cosc iomlán a chur ar chomhthuiscint nó comhoibriú idir an Úcráin agus comhghuaillíocht mhíleata Eorpach. Nach é sin atá ag tarlú faoi láthair in ainneoin nach bhfuil an Úcráin i NATO?

D’fhágfadh sé seo ar fad nach mbeadh an brú céanna ar Éirinn a bheith páirteach in ‘Arm Eorpach’. Ní mór a d’fhéadfadh an tír seo a chur lena leithéid de chomhghuaillíocht ó thaobh an Eoraip a chosaint ó ionradh míleata Rúiseach pé scéal é. Cinnte beidh brú orainn níos mó a dhéanamh maidir le hinfreastruchtúr fo-thoinn in uiscí na hÉireann, atá riachtanach don Eoraip trí chéile, a chosaint ach d’fhéadfaí sin a dhéanamh gan ballraíocht fhoirmeálta ina leithéid de chomhghuaillíocht.

Bhí ‘neodracht’ na hÉireann i gcónaí solúbtha go leor ón Dara Cogadh Domhanda i leith chun comhoibriú dá leithéid a cheadú. A fhaid is nár shínigh rialtas Éireannach ar bith riamh conradh a chuirfeadh dualgas orthu fir agus mná óga Éireannacha a chur ag troid i gcogadh thar sáile, ní raibh na beartais chomhoibrithe seo riamh ina n-ábhar mór conspóide ag formhór an phobail. Mar sin, fiú agus athruithe radacacha ag tarlú i leagan amach cosanta agus slándála na hEorpa sna blianta romhainn amach, tá seans go mbeidh an gobadán Éireannach fós ábalta an dá thrá a fhreastal.

Fág freagra ar 'Bhí ‘neodracht’ na hÉireann i gcónaí solúbtha a dóthain le go dtiocfadh sí slán'

  • sderóiste

    Clár míleatachais úr nó clár gríosadh cogaidh?

  • Donncha O hEallaithe

    Alt stuama ciallmhar.

  • Éamonn Ó Gribín

    Deir Airteagal 29.4.9° de Bhunreacht na hÉireann anméid seo a leanas; ” Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcás go mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.” Mar sin, ní féidir leis an rialtas toiliú le dul i gceangal le córas comhchosanta gan reifreann. Ina áit sin, ní deir Airteagal 29.4.9° ach “ní ghlacfaidh an Stát le cinneadh” a dhéanann an Chomhairle Eorpach chun córas comhchosanta a bhunú a chuimseodh Éire.
    Mar sin féin, eascraíonn an ghá le reifreann i gcásanna den sórt sin ó phrionsabail bhunreachta agus léirmhínithe dlí eile, ní díreach ó Airteagal 29.4.9° féin.

    Lig dom é a mhíniú:

    1. Airteagal 29.4.9°:
    Coscann an clásal seo ar rialtas na hÉireann cinneadh ón gComhairle Eorpach chun córas comhchosanta a bhunú a chuimseodh Éire a ghlacadh go huathoibríoch. Feidhmíonn sé mar bhacainn dlíthiúil chun a chinntiú nach gcuimsítear Éire i gcóras den sórt sin gan céimeanna breise.

    2. Riachtanas le Leasú Bunreachta:
    Dá mbeadh Éire ag dul i mbun córais comhchosanta, is dócha go mbeadh sé riachtanach an Bunreacht a athrú. Tarlaíonn sé seo toisc go gceadaíonn an Bunreacht faoi láthair d’Éire éalú ó chóras comhchosanta (mar a léirítear in Airteagal 29.4.9°), agus bheadh dul i gceangal le córas den sórt sin ag teacht salach ar an foráil seo.

    3.Riachtanas Reifrinn:
    Faoi Airteagal 46 de Bhunreacht na hÉireann, ní mór aon leasú ar an mBunreacht a fhaomhadh ag an bpobal trí reifreann. Ciallaíonn sé seo, más gá leasú bunreachta chun dul i mbun córais comhchosanta (rud atá beagnach cinnte), nach féidir leis an rialtas é sin a dhéanamh gan reifreann a reáchtáil agus gan toiliú an phobail a fháil.

    4. Ceannasacht agus Neodracht:
    Cé nach luaitear reifreann go sainráite in Airteagal 29.4.9°, cinntíonn creat níos leithne an Bhunreachta nach ndéanann an rialtas cinntí faoi cheannasacht nó neodracht na hÉireann (mar shampla, dul i mbun córais comhchosanta) leis féin. Tá sé seo ag teacht le prionsabal na ceannasachta pobail, atá lárnach i mBunreacht na hÉireann.

    Cén fáth a bhfuil Reifreann intuigthe:
    Cé nach luaitear go sainráite in Airteagal 29.4.9° go bhfuil reifreann riachtanach, is é éifeacht phraiticiúil an chláis ná nach féidir le hÉireann dul i mbun córais comhchosanta gan:

    Mar achoimre: Cé nach luaitear reifreann go sainráite in Airteagal 29.4.9°, cinntíonn creat bunreachta iomlán nach féidir leis an rialtas dul i mbun córais comhchosanta gan toiliú mhuintir na hÉireann, arna chur in iúl trí reifreann. Sin an fáth nach féidir leis an rialtas gníomhú leis féin sa chás seo!