Bheadh sé ‘thar fóir’ dá mbeadh ar Seamus Woulfe éirí as mar gheall ar ócáid ghailf – tuarascáil

Deir an Breitheamh Susan Denham ina tuarascáil nár cheart don Bhreitheamh Woulfe freastal ar dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán

Bheadh sé ‘thar fóir’ dá mbeadh ar Seamus Woulfe éirí as mar gheall ar ócáid ghailf – tuarascáil

Bheadh sé “thar fóir” agus éagórach dá mbeadh ar an mbreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí Seamus Woulfe éirí as mar gheall gur fhreastail sé ar dhinnéar conspóideach Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán mí Lúnasa.

Sin an breithiúnas a thugtar i dTuarascáil Denham faoi chás Woulfe agus an dinnéir.

Tuairiscítear chomh maith go ndeirtear sa Tuarascáil gur féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh déileáil leis an scéal ar bhonn neamhfhoirmeálta.

Deir an Breitheamh Susan Denham ina tuarascáil nár cheart don Bhreitheamh Woulfe freastal ar an dinnéar i ndiaidh na hócáide gailf agus nár chuir sé san áireamh go bhféadfadh go mbeadh sé míchuí ag breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí freastal ar dhinnéar ceiliúrtha in áit phoiblí i lár paindéime.

Deir an Breitheamh Denham chomh maith, áfach, ina tuarascáil gur cheart a chur san áireamh gur breitheamh nuacheaptha é Woulfe nár shuigh sa Chúirt Uachtarach go fóill.

Iarradh ar an mBreitheamh Susan Denham mí Lúnasa athbhreithniú a dhéanamh ar chás Woulfe.

D’éirigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Dara Calleary as a phost mar aire talmhaíochta mar gur fhreastail sé ar an dinnéar agus d’éirigh Phil Hogan as a phost mar choimisinéir Eorpach de bharr na conspóide a lean.

Fág freagra ar 'Bheadh sé ‘thar fóir’ dá mbeadh ar Seamus Woulfe éirí as mar gheall ar ócáid ghailf – tuarascáil'