B’fhéidir go sílfeadh an DUP gur beag an praghas acht Gaeilge le sciorta reachtúil na hUltaise air

Seans maith go bhfuil cinneadh déanta cheana ag Sinn Féin go bhféadfaidís maireachtáil gan acht don Ghaeilge amháin

B’fhéidir go sílfeadh an DUP gur beag an praghas acht Gaeilge le sciorta reachtúil na hUltaise air

Cad atá i ndán do pháirtithe Thuaisceart Éireann san vótáil amárach? An íocfaidh an DUP agus Sinn Féin an téiléireacht as an bhfolús in Stormont agus an drochbhail atá ar sheirbhísí sláinte, oideachais agus leasa shóisialaigh? An ngearrfar pionós ar leith ar an DUP as an gcluas bhodhar a thabhairt don mhóramh atá in éadan an Bhreatimeachta agus as a seasamh in Westminster a chinntigh nár glacadh le Breatimeacht ‘bog’? Agus an mbeidh aon tionchar ag toradh an toghcháin ar chás an achta Ghaeilge?

Nocht pobalbhreith a rinne Lucid Talk deich lá ó shin go raibh 38% den phobal aontachtach i bhfabhar an Bhreatimeacht, ach bhí 41% díobh ina choinne. Ní údar uchtaigh don DUP é sin.

Maidir le Sinn Féin, an dtabharfaidh vótóirí droim láimhe leo i ngeall ar a neamhfhreastal ar Westminster tráth a bhféadfadh siad tionchar a imirt i gcoinne an Bhreatimeachta?

An bhfuil téarnamh i ndán don SDLP a scriosadh san olltoghchán deiridh, nó an leanfaidh an borradh a bhí faoi pháirtí an Alliance sa Bhealtaine? Deir mórán gur amhlaidh go ndearna siad botún nuair a dhiúltaigh siad go tarcaisneach do mhargadh toghcháin leis na páirtithe eile atá i gcoinne an Bhreatimeachta.

Beidh freagraí na gceisteanna sin againn roimh mhaidin Dé hAoine. I measc na nithe eile a bhéas níos soiléire beidh an cúrsa a leanfaidh an DUP feasta. Ag brath ar na torthaí d’fhéadfadh nach mbeidh ról tábhachtach acu in Westminster níos mó nó d’fhéadfadh gur ‘cad a dhéanfaimid feasta gan Boris…’ an cheist a bheidh á cur acu.

Mhaígh Nigel Dodds, ceannaire an DUP in Westminster, le déanaí go mbeadh tionchar acu ar chúrsaí in Westminster arís i ndiaidh an olltoghcháin agus é den bharúil nach mbeadh móramh sách mór ag Boris Johnson agus na Caomhaigh déanamh dá n-uireasa. Níor chuir Arlene Foster as an áireamh é ach an oiread ach dúirt sí go mbeadh siad san airdeall de bharr na feille a rinne Johnson orthu. ‘Bíonn eagla ar an té a dhóitear,’ ar sí.

Thug an páirtí leideanna freisin go raibh siad ag smaoineamh ar an gcúrsa a chaithfí a threabhadh mura mbeadh gá ag éinne leo in Westminster. Dhírigh siad go sonrach le cúpla mí anuas ar cheisteanna faoi Stormont. Le linn an fheachtais seo sheol siad cáipéis pholasaí le dhá phointe dhéag inti agus ba ar éigean a bhí baint ag aon cheann acu le gnóthaí Westminster. Ar Stormont a bhí siad ag díriú, mar a bhí Arlene Foster nuair a labhair sí go tomhaiste faoin nGaeilge ag comhdháil bhliantúil a páirtí.

B’fhéidir go gciallaíonn sé sin go mbeidh an DUP toilteanach glacadh le margadh a bhfuil acht Gaeilge ina chuid de, bíodh sé ina acht don Ghaeilge amháin, mar atá á lorg ag lucht feachtais, nó socrú den chineál a bhí i gceist sa mhargadh a bhí réidh i mí Feabhra 2018 ach ar dhiúltaigh an DUP go tobann dó. Má bhíonn siad gan aon tionchar ná cumhacht acu in Westminster beidh siad cíocrach chun filleadh ar Stormont agus b’fhéidir gur beag an praghas a bheadh in acht Gaeilge a mbeadh sciorta reachtúil na hUltaise air. Ní raibh an Dream Dearg ná Conradh na Gaeilge sásta ar chor ar bith leis an socrú faoin nGaeilge a raibh Sinn Féin  toilteanach glacadh leis Feabhra 2018.

Ach seans maith go bhfuil cinneadh déanta cheana ag Sinn Féin go bhféadfaidís maireachtáil gan acht don Ghaeilge amháin mar gur mian leosan, chomh maith leis an DUP, an stádas a thugann Stormont dóibh a fháil ar ais.

Ní foláir freisin nó gur mhian leis an DUP filleadh ar an bhFeidhmeannas sula bhfoilseofar tuarascáil an fhiosraithe faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite chonspóideach a bhunaigh Arlene Foster gan aon srian ar chaiteachas a chur léi. Seans gur mhaith le páirtithe eile fanacht go bhfeicfidh siad an tuarascáil sin sula bhfillfidh siad ar Stormont ionas gur féidir na moltaí inti faoin gcóras uilig a chur i bhfeidhm mar chuid den mhargadh athnuachana.

Tá cainteanna ollpháirtí eagraithe ag Julian Smith don Luan seo chugainn in Stormont agus deir sé go mbeidh toghchán Tionóil á ghairm mura mbíonn dul chun cinn déanta sna cainteanna faoin 13 Eanáir. Níl a fhios againn go fóill, ar ndóigh, an atoghfar Julian Smith amárach, agus má dhéantar, an é a bheidh ina Státrúnaí Dé Luain seo chugainn.

Ina dhiaidh sin beidh an-chuid ceisteanna eile le freagairt.

Fág freagra ar 'B’fhéidir go sílfeadh an DUP gur beag an praghas acht Gaeilge le sciorta reachtúil na hUltaise air'