B’fhearr do Shinn Féin caoi a chur ar a ngnóthaí féin sula gcáineann siad páirtithe eile

‘An té atá gan locht caitheadh sé cloch’ a deir an seanfhocal. Dea-chomhairle do gach páirtí.

B’fhearr do Shinn Féin caoi a chur ar a ngnóthaí féin sula gcáineann siad páirtithe eile

Tá lear mór fadhbanna le réiteach sa tír atá i bhfad níos tábhachtaí ná an caiteachas ar fheachtais toghcháin atá á phlé go tréan le coicís. Ní foláir mar sin tábhacht na faisnéise a bhaineann sé le Paschal Donohoe a mheá, chomh maith leis an bhfaisnéis faoi Shinn Féin toisc gurb iad a rinne an cáineadh ba dhéine air.

 Gan dabht bhain Paschal Donohoe slat a sciúr é féin nuair nár chuir sé faisnéis iomlán ar fáil faoina chaiteachas ar dhá fheachtas toghcháin. Thairg sé slat chéasta bhreise don fhreasúra freisin agus lán-fhreagairt ceisteanna á seachaint aige ar feadh cúig bliana.

 Gan dabht sháraigh Paschal Donohoe na rialacha a bhaineann le soláthar faisnéise faoi chaiteachas ar thoghcháin, mar a d’admhaigh sé sa Dáil Dé Máirt. Sin ráite, níl fianaise thromchúiseach aimsithe fós a thabharfadh deis don fhreasúra a rá gur chóir dó éirí as a phost.

Is faoin gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) a bheidh sé cruinneas chuntas leasaithe Donohoe ar an tslí inar caitheadh €2,355 san iomlán ar a shon roimh olltoghcháin 2016 agus 2020 a mheá – is é sin má fhiosraíonn siad gearán faoin bhfaisnéis a chuir sé ar fáil.

Léirigh neamhthoil Shinn Féin rún mímhuiníne pearsanta a mholadh, ainneoin ionsaí géar an pháirtí ar Donohoe, an fhírinne lom pholaitiúil. Ba threise an áibhéil ná an tsubstaint sa chuid is mó den cháineadh a rinne príomh-urlabhraithe Shinn Féin air. Mar a d’fhéadfaí a rá faoi pháirtithe eile rompu a chuir feall i leith an rialtais ó bhinsí an fhreasúra.

Is léir laige bhreise i lochtú Shinn Féin ar Donohoe, a bhuí leis an iniúchadh a rinne iriseoirí an Irish Times agus an Independent le seachtain: tá neamhchomhlíonadh ardchaighdeán á chur i leith aire rialtais ag páirtí nár chuir na caighdeáin chéanna i bhfeidhm le linn agus tar éis toghcháin éagsúla.

Ba ghéar breithiúnas Shinn Féin ar Donohoe fiú sular labhair sé faoi scéal na bpóstaer (agus an cúlra airgeadais a bhain leo) an chéad uair sa Dáil. Bhí na rialacha sáraithe aige, a dúirt Mary Lou McDonald ar Twitter ar 18 Eanáir.

Sarar labhair sé faoin scéal arís sa Dáil Dé Máirt, chuir McDonald ina leith go raibh finscéalta Donohoe á síor-athrú aige. “Tá a chreidiúnacht i gcruachás. Caithfidh sé an fhírinne a insint,” a dúirt sí.

Tar éis don aire labhairt, dúirt Pearse Doherty go raibh finscéal inste aige agus go raibh sé ag ceilt na fírinne arís agus arís eile. Thug Mairéad Farrell mugadh magadh ar leaganacha éagsúla scéal an aire.

Tá go maith, nó bheadh dá mbeadh cuntas iomlán, mionsonraithe agus cruinn ar chaiteachas toghcháin curtha ar fáil ag Sinn Féin maidir le:

1 Obair a rinne dhá chomhlacht i dTuaisceart Éireann mar chuid d’fheachtas olltoghcháin an pháirtí sa Phoblacht in 2020. Rinneadh cur síos i steirling seachas in euro ar na táillí a íocadh leo, rud a d’fhág míchruinneas €945 sa chuntas a cuireadh chuig SIPO.

2 Pobalbhreith a rinneadh don pháirtí roimh an olltoghchán céanna ar caitheadh €7,000 uirthi.

3 Feachtais Lynn Boylan, Liadh Ní Riada agus Matt Carthy sa toghchán Eorpach in 2019.

4 Caiteachas an pháirtí (€2,160 san iomlán) ar na hionaid inar reáchtáil Sinn Féin preasagallaimh le linn feachtas olltoghcháin 2016.

5 Síntiús €1,000 a dúirt Mary Lou McDonald i mí na Samhna a thug Jonathan Dowdall do Shinn Féin in 2011 (sular ciontaíodh é i gcabhair a thabhairt do dhúnmharfóir). Dúirt an Teachta Louise O’Reilly ó Shinn Féin le Prime Time Dé Máirt áfach go bhfuair McDonald an t-airgead mar shíntiús polaitiúil go díreach ó Dowdall. Níor thairg sí míniú ar bith ar an leagan nua den scéal a d’inis ceannaire an pháirtí.

Ní hionann an cur síos thuas agus fianaise go raibh duine ar bith freagrach as mí-iompar. Níl lear mór airgid i gceist maidir le Paschal Donohoe ná maidir leis na sonraí thuas faoi Shinn Féin.

Is leor na sonraí a tháinig chun solais go dtí seo áfach mar fhianaise nach bhfuil Sinn Féin gan locht agus nár chomhlíon an páirtí na rialacha a bhaineann le soláthar faisnéise, de réir dlí.

Is léir cosúlacht amháin idir a ndearna Paschal Donohoe agus Sinn Féin maidir leis an gcuid is mó de na botúin agus na bearnaí ina soláthar faisnéise a tháinig chun solais go dtí seo: teip ghlan an taifead oifigiúil a cheartú go dtí go n-aimsíonn iriseoirí botún (nó cibé focal oiriúnach eile is mian le daoine a úsáid).

Chuaigh Sinn Féin thar fóir agus a ndearna Paschal Donohoe á lochtú acu, agus tá aird gan choinne á tarraingt ag an bpáirtí ar a ndearna siad féin.

‘An té atá gan locht caitheadh sé cloch’ a deir an seanfhocal. Dea-chomhairle do gach páirtí.

Fág freagra ar 'B’fhearr do Shinn Féin caoi a chur ar a ngnóthaí féin sula gcáineann siad páirtithe eile'

  • Antóin

    Is ríchuma leis na Stickies Féin fá chupla míle euro anseo nó ansiúd. Níl sa chaint s’acu ach bladar agus iarracht aird a tharraingt den sáinn ina bhfuil siad faoi láthair maidir le ceist na n-imirceach.

    Má sheasann siad leis na hagóideoirí sna ceantair lucht oibre cuirfear ciníochas ina leith agus mura seasann caillfidh siad vótaí agus b’fhéidir cupla suíochán. Tá siad san fhaopach agus is maith a thuigeann Fianna Fealltach Fáil agus Fine gan Ghael é sin. Nach iadsan atá ag baint sult as an seó!
    Agus a fhad is atá an sorcas seo ag dul ar aghaidh ní gá do na meáin ceisteanna a chur faoin ráta ard báis (meadú 39% i gcomparáid leis an am céanna anuraidh) a d’fhógair an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh an Nollaig.