B’fhada an t-aistear é ón mBóthar Beag go Páirc an Chrócaigh do mhná misniúla na camógaíochta

Is ar an mBóthar Beag i nGaillimh a imríodh den chéad uair cluiche ceannais na hÉireann sa gcamógaíocht

B’fhada an t-aistear é ón mBóthar Beag go Páirc an Chrócaigh do mhná misniúla na camógaíochta

Ag taisteal dom ar an mBóthar Beag i gCathair na Gaillimhe i mbus dhá stór an lá faoi dheireadh, fuair mé amharc maith ar an obair atá á déanamh ar an bpáirc ina ndéanann foireann rugbaí Chonnacht a gcuid imeartha agus iad ag baile. Beidh an seastán nua ansiúd oscailte faoi dheireadh na bliana.

Fiú agus roinnt mhaith oibre le déanamh fós air is iontach an radharc é – trí stór ar airde san ardán ina mbeidh áit suí ag 7,000 duine – ní mé an bhfuil “binn trína lár” mar atá san amhrán, ach sin scéal eile.

Mór idir sin agus an t-am ar chas mná Átha Cliath agus na Gaillimhe ar a chéile ansiúd sa gcéad imirt ariamh a rrinneadh ar Chluiche Ceannais na Camógaíochta ar an Domhnach deireanach d’Iúil 1933, cé go mba í craobh na bliana roimhe a bhí i gceist. Cúpla mí dár gcionn ar theacht don Nollaig, d’imir na foirne a chéile arís i gcluiche ceannais na bliana 1933.

Áth Cliath a bhuaigh an dá chluiche.

Páirc Spóirt na Gaillimhe a tugadh air nuair a osclaíodh an áit i 1928. Fágann cúrsaí urraíochta gur Páirc agus Ardán Dexcom na hainmneacha a úsáidtear anois. Ach fearacht a leathchinn eile ar fud na tíre atá i bpáirt le comhlachtaí, is é an sean-ainm a úsáidtear sa gcaint agus is i gcáipéisí scríofa amháin a luaitear an t-urra.

Tá scéal casta ag baint le húinéireacht na háite. Eagraíocht a dtugtar ‘cara-chumann’ ar a leithéid is ea an Galway Agricultural and Sports Society, úinéirí na háite ó osclaíodh é. De ghnáth is ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne a bhunaítear cuid mhaith dá leithéid.

Is amhlaidh cás anseo agus ó thús ba le haghaidh imeachtaí spórt agus seónna talmhaíochta a baineadh úsáid as an mBóthar Beag.

Eagraíochtaí amaitéaracha a bhí í mbun mórán chuile spórt ag an am sin. Bhain Cumann Lúthchleas Gael úsáid as Páirc an Spóirt agus ba uirthi a imríodh cluichí ceannais sinsir iomána na Gaillimhe nó gur cóiríodh páirceanna imeartha i mBaile Locha Riach agus i mBaile Átha an Rí sna 1940idí agus 1950idí.

Bhí léas ag lucht rásaíochta con ar Pháirc an Spóirt mórán ón am ar osclaíodh í. Le himeacht ama thógadar seastán arbh leo féin é. Is fúthu siúd agus faoin rugbaí atá an staid ó shin, úinéireacht acusan ar na seastáin atá ann cé gur leis an Galway Agricultural and Sports Society an talamh ar a bhfuileadar sin tógtha.

Ba ghéar a theastaigh dídean de chineál éicint an tráthnóna ar imir mná Átha Cliath agus na Gaillimhe a chéile ann i 1933 sa gcluiche ceannais ba thúisce de chuid na camógaíochta – bhí sé ina dhíle ó chaith an réiteoir isteach an sliotar gur bronnadh an corn a bhí deonaithe ag Seán Ó Dufaigh, a rugadh i gCoill an Bhaile in aice le Cathair na Mart, fear a rinne saothrú mór ar mhaithe le cluiche na mban.

Áth Cliath a thug an corn leo ar a gcompord, gan ag Gaillimh ach dhá chúilín nuair a chríochnaigh an imirt, trí chúl le hais an méid sin ag Áth Cliath.

Tuairisciú suarach a rinne nuachtáin na linne ar an ócáid.

“The final of the camoguidheacht contest between Galway and Dublin left the visitors winners by a comfortable margin. The game was well contested, but the Galway forwards were unable to score.”

B’in eile a raibh le rá faoi ag an Cork Examiner lá arna mhárach agus an méid sin féin míchruinn. Os cionn na gcúpla focal gágach sin ar leathanach 10, bhí tuairisc chuimsitheach agus liosta na bhfoirne a bhain le cluiche dúshláin iomána idir Corcaigh agus Gaillimh a imríodh ar Pháirc an Spóirt i ndiaidh na camógaíochta – ceann ab éigean a chaitheamh i dtraipisí de bharr na doininne.

Ní raibh mórán lena chois sin in eagráin an lae den Irish Independent Scéala Éireann.

Tharlódh go mbainfeadh an té a thuigfeadh é tuilleadh breithiúnais as an neamhaird sin, mar tá léiriú le fáil i stair an ama ar an gcaoi a raibh dlús ag teacht le hiarrachtaí ban seasamh roimh an leithcheal a bhí á dhéanamh orthu ó thaobh ceart agus córa.

Ainneoin gan iad a bheith ach cúpla bliain bunaithe, bhí Cumann Camógaíochta na nGael ar cheann den bheagán eagraíochtaí a bhí ag éirí glórach faoi sin agus faoin bhfeimineachas.

Ag an am, ní mba ghann a bhíodar siúd a cheap go mba i mbun an tí ba chóir do mhná a bheith. Ghoill sé orthu go mbeadh mná agus cailíní óga páirteach i spórtanna a bhí gníomhach agus iomaíoch. Cheapadar go mba bhagairt iad an chuid sin de mhuintir na camógaíochta a bhí ag éirí tógtha leis an bhfeimineachas. Ní mórán fáilte a bhí acu ach oiread roimh an gcaoi a raibh mná ag teacht chun cinn mar oifigigh ar chumainn agus ag baint cáil amach as a gcumas.

Seans gur scanraigh sé tuilleadh iad nuair a chaitheadar súil thar toinn agus go bhfaca siad trí chlub camógaíochta i Londain agus Gráinne Mhaoil, Ethna Carberry (file agus náisiúnaí a scríobh an dán/amhrán Roddy McCorley) agus Caithlín Ní Uallacháin mar ainm orthu. Nach mba chirte go mór gur logainmneacha, ainmneacha na naomh nó na dtírghráthóirí a bheadh tugtha orthu!

Ba dhímheasúla fós a chaith an Stát féin le mná timpeall an ama sin. Ó lár na 1920idí go lár na 1930idí thug rialtais leanúnacha de chuid Fhianna Fáil agus Chumann na nGaedhal isteach reachtaíocht a laghdaigh agus a chuir srian ar chearta ban.

Ní hé go bhfuil mé ag rá go mba pholaiteoirí, eagarthóirí nuachtán ná a leithéid ba chúis leis an easpa tuairiscithe a rinneadh ar Chluiche Ceannais Camógaíochta 1932. An misneach agus an diongbháilteacht a bhain leo siúd a bhí páirteach san eagraíocht sin agus an chaoi ar thugadar faoin gcóras a athrú atá uaim a léiriú.

Ní raibh sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a ghlac Comhdháil Bhliantúil an Chumainn le ceann de na rúin ba cheannródaíche dár cuireadh os comhair aon chruinniú mar é in Éirinn roimhe ná ó shin – b’in nach gceadófaí ach do mhná amháin a bheith ina dteachtaí ag aon Chomhdháil Bhliantúil as sin amach.

Máire Ní Ghiolla, nó Mollie Gill a bhí ar an mbean a mhol an rún. Ba í freisin captaen Átha Cliath a chroch Corn Uí Dhufaigh san aer nuair a bronnadh sin ar Pháirc an Spóirt ar an mBóthar Beag i gCathair na dTreabh ar an 30 Iúil 1933.

Fág freagra ar 'B’fhada an t-aistear é ón mBóthar Beag go Páirc an Chrócaigh do mhná misniúla na camógaíochta'