Beirt iriseoirí seachas an dream faoi ndeara sléacht Loch an Oileáin atá ag déanamh imní don PSNI…

Tá fad curtha le bannaí iriseoirí faoi ‘ghadaíocht’ cáipéis oifigiúil a nocht na laigí sa bhfiosrú faoi shléacht Loch an Oileáin

Beirt iriseoirí seachas an dream faoi ndeara sléacht Loch an Oileáin atá ag déanamh imní don PSNI…

Is gearr go mbeidh ceathrú céid caite ó mharaigh fir ghunna an UVF seisear fear i dteach tábhairne i Loch an Oileáin i gContae an Dúin. Ionsaí seicteach ab ea é a bhí furasta a dhéanamh in áit iargúlta ina raibh scata bailithe ag faire ar fhoireann sacair na hÉireann in aghaidh na hIodáile i gCorn an Domhain 1994.

Níor ciontaíodh éinne as an ionsaí. Tá beirt iriseoirí ar bannaí áfach, iad á bhfiosrú faoi ‘ghadaíocht’ cáipéis a sceitheadh. Cuntas a bhí sa cháipéis ar athbhreithniú a rinne Ombudsman na bPóilíní in 2011 ar an gcaoi a láimhseáil na póilíní an eachtra. Bhí sonraí inti as nótaí na bpóilíní, ainmneacha daoine a raibh amhras fúthu ina measc.

Bhain Barry McCaffrey agus Trevor Birney leas aisti sa scannán faisnéise No Stone Unturned faoi stiúir an Mheiriceánaigh Alex Gibney.

Tharraing an scannán aird ar fud na cruinne agus cuireadh suim go sonrach i gcinneadh Gibney daoine a bhfuil amhras fúthu a ainmniú. Níor ainmnigh an tOmbudsman, an Dochtúir Michael Maguire iad in 2016 ina thuarascáil a chinn go raibh easnaimh thubaisteacha ar an bhfiosrú agus go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus an UVF. Cheil an Brainse Speisialta faisnéis ar aonaid eile sna póilíní, a dúirt an tOmbudsman agus bhí an fiosrú siléigeach, mí-éifeachtach agus ar nós cuma liom. Scriosadh gluaisteán na bhfear gunna in ionad é a chaomhnú mar fhianaise.

Chaith McCaffrey blianta ag fiosrú an scéil, ar nuachtán áitiúil i gContae an Dúin i dtosach agus mar iriseoir iniúchta i mBéal Feirste níos deireanaí. Fuair seisean an cháipéis sa phost ó fhoinse gan ainm, sceithire a bhí ar an eolas faoina shuim sa scéal, is dócha. D’ainneoin na ngealltanas ón RUC go bhfágfaí ‘no stone unturned’ sa tóir ar an gceart agus an fhírinne, d’éirigh íobartaigh amhrasach faoin bhfaillí agus d’iarr siad ar McCaffrey agus an léiritheoir teilifíse Trevor Birney scannán faisnéise a dhéanamh. As sin a d’eascair an scannán No Stone Unturned a raibh iliomad foinsí eolais acu lena aghaidh chomh maith leis an gcáipéis sceite agus tuarascáil an Ombudsman.

Bhunaigh an PSNI fiosrú faoi sceitheadh na cáipéise agus d’iarr siad ar phóilíní Durham a dhul ina bhun. Ar an 31 Lúnasa anuraidh chuaigh na scórtha póilíní ón PSNI faoi cheannas fhórsa Durham chuig tithe cónaithe Barry McCaffrey agus Trevor Birney agus chuig oifig The Detail mar a raibh ceanncheathrú an scannáin. Gabhadh na fir agus ceistíodh iad astu féin ar feadh an lae, tógadh a gcuid ríomhairí, gutháin agus comhaid, atá fós i seilbh na bpóilíní. Dé hAoine seo caite cuireadh fad sé mhí le bannaí na beirte – faoi chóras ar a dtugtar ‘bannaí roimh chúiseamh’.

Tá sé deacair éirim a bhaint as iompar an PSNI. Más ag iarraidh beatha na n-amhrastach a ainmníodh a chosaint atá siad sé, is dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla acu é. Deir foireann an scannáin go bhféadfadh an PSNI gníomhú sular seoladh an scannán ach nach ndearna siad tada. Mhaígh an fhoireann gur phléigh siad ainmniú na n-amhrastach le feidhmeannaigh in oifig an Ombudsman in 2016 nuair a thuig siad go raibh dualgas ar an oifig sin an PSNI a chur ar an eolas. B’iontas mar sin nár mhol an PSNI do na daoine a gcuirfí a n-ainmneacha i mbéal an phobail urghaire chúirte a fhail chun an craoladh a chosc.

Ina theannta sin dúirt póilíní Durham leis an mbeirt nuair a gabhadh iad anuraidh gur ‘gadaíocht’ a bhí á fhiosrú acu mar go ndearna an tOmbudsman gearán leis an PSNI gur goideadh an cháipéis as a oifig. Go gairid ina dhiaidh sin shéan an tOmbudsman sin. Dúirt sé i ráiteas leis an Irish Times: “we did not make a complaint of theft”. Dúirt sé leis an nuachtán sin freisin go bhfuair siad amach, deireanach sa bpíosa, go mbainfí leas as cáipéis ‘a mb’fhéidir’ gur ón oifig sin a tháinig sí.

Níorbh ionann leagan amach an doiciméid sa scannán, ar sé, agus an struchtúr a úsáidtear in oifig an Ombudsman.

Cibé ní faoin struchtúr níor ceistíodh cruinneas ná fírinne na faisnéise riamh. Níl sé míréasúnta a rá gur cheart gurbh údar buartha é an t-eolas sa cháipéis do phóilíní agus d’éinne gur mór aige riar na córa. Ní áiféis ná áibhéil é a cheapadh gur cheart go ngríosódh an t-eolas sin iad go léir chun an choir uafásach sin a fhuascailt. Ina ionad sin cuireadh acmhainní luachmhara ar fáil sa tóir ar bheirt iriseoirí ar bhonn, i bhfocail a ndlíodóra, ‘gearáin nár deineadh faoi ghadaíocht nár tharla’.

Tá feachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar siúl ag ceardchumann na n-iriseoirí agus ag Amnesty International chun tacú le Barry McCaffrey agus Trevor Birney agus aird a tharraingt ar shárú a gcearta. Éistfear athbhreithniú dlíthiúil ar an gcás amach anseo ach tá iriseoirí agus daoine go leor eile ag súil go mbeidh sé de chiall ag an póilíní éirí as an bhfeachtas seo láithreach.

Ní féidir, an féidir – gur ag iarraidh iriseoirí a choinneáil ina dtost faoi laigí na bpóilíní atá siad – tar éis an tsaoil ní hí seo an Tuirc, an Chóiré Thuaidh ná an Araib Shádach.

Fág freagra ar 'Beirt iriseoirí seachas an dream faoi ndeara sléacht Loch an Oileáin atá ag déanamh imní don PSNI…'