Beirt de bhunadh Chorca Dhuibhne a d’imir leis na Conallaigh nuair a chas Ciarraí agus Dún na nGall ar a chéile den chéad uair

60 bliain ó shin, in 1965, a d'imir Ciarraí agus Dún na nGall in aghaidh a chéile den chéad uair

Beirt de bhunadh Chorca Dhuibhne a d’imir leis na Conallaigh nuair a chas Ciarraí agus Dún na nGall ar a chéile den chéad uair

Foireann Dhún na nGall in 1965. Ar gcúl c/d : John Dan McMenamin, John Hannigan, Fionn Gallagher, Pauric McShea, Declan O'Carroll, Mickey Griffin, Sean Ferriter, PJ Flood. Chun tosaigh c/d: , Tony McDevitt, Sean O'Donnell, Frankie McFeely, Bernard Brady, Seamus Hoare, Des Houlihane, Mickey McLoone.

Faoin am ar chuir Coiste CLG Dhún na nGall foireann chun páirce den céad uair ariamh Lá le Pádraig 1906 bhí Craobh na hÉireann buaite ag Ciarraí (1903). Is deacair a chreidiúint go mbeadh bunáite 60 bliain eile caite sula n-imreodh siad a chéile i gcluiche comórtais. 

Na Conallaigh a bheith sna ranna íochtaracha den tSraith an chuid is mó den achar sin agus troscadh fada a bheith orthu gur bhuaigh siad Craobh Uladh don chéad uair i 1972 ba chúis leis sin.  

Cluiche Leathcheannais de chuid na Sraithe Náisiúnta 1964/65 a d’fhág in iomaíocht lena chéile iad den chéad uair, ceann a imríodh i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, an 11 Aibreán 1965. 

Bhí leagan amach faoi leith ar an gcomórtas céanna idir 1943 agus 1967. Le linn an ama sin bhíodh foirne Chúige Uladh san iomaíocht i sraith dá gcuid féin. Bhí Corn an Dr. Uí Lagáin agus áit i mbabhta leathcheannais na Sraithe Náisiúnta ag dul do na buaiteoirí. Bhí contaetha eile na tíre scaipthe amach i dtrí roinn eile. 

Go fiú agus go raibh buaite ag Dún na nGall ar an Dún agus ar Dhoire – mórfhoirne an tuaiscirt ag an am – ba iad na Ciarraígh rogha na coitiantachta. Chuaigh deichniúr den fhoireann a bhain Cluiche Ceannais na hÉireann amach cúpla mí roimhe chun páirce agus fiú agus é fógartha ag Tom Long Cheann Trá agus Micheál Ó Conaill Oileán Dhairbhre go raibh siadsan ag glacadh scíthe, agus Johnny Culloty in easnamh siocair duine muinteartha leis a bheith básaithe, measadh fós gur dóibh a bhí an bua i ndán.  

Fiú d’uireasa Uí Luing, bhí beirt a raibh a bhfréamhacha gaoil go domhain sa gceantar sin laistiar den Daingean ar an ngort nuair a chaith an Dr. Mick Loftus an liathróid isteach i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, 11 Aibreán 1965. 

An t-iontas a bhain leis sin go mba iad geansaithe Dhún na nGall a bhí á gcaitheamh ag an mbeirt. 

Ba as an mBuailtín do mhuintir Shéamuis de hÓra, cúl báire na gConallach. Cúpla céad slat siar an bóthar uaidh sin i dTíorabháin a saolaíodh athair an té a raibh uimhir 9 ar a gheansaí – Seán Feiritéar. Morgan a bhí ar athair Sheáin, a saolaíodh do Mhuiris agus do Neilí Feiritéar i 1905, a chuaigh isteach sna Gardaí Síochána agus a chaith formhór a shaoil i gContae Dhún na nGall, áit ar phós sé agus inar thóg sé a chlann. 

Peileadóirí den chaighdeán ab airde ab ea an Feiritéarach agus de hÓra. Cúig bliana ó shin bronnadh gradam saoil ar Feiritéar ag Fleá Réalta Spóirt Dhún na nGall. Roghnaigh an nuachtán Donegal Democrat é ar Fhoireann Pheile na Mílaoise mar a rinne an Irish Independent in 2012 agus ainmneacha á gcur acu leis an bhfoireann ab fhearr a tháinig as Dún na nGall sna 5 bliana roimhe sin. 

Bhí sé ar fhoireann Dhún na nGall i 1956 nuair a bhuaigh siadsan Craobh Mionúir Chúige Uladh den chéad uair ariamh. Faoin am a raibh an bhliain sin caite bhí sé ar an bhfoireann shinsir. Faraor, ba bhlianta ar bheag de rath a bhí i ndán dóibh ab ea na cinn inar imir Seán, a lean a athair isteach sna Gardaí agus a d’imir leo siúd agus leis na Fianna nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath. 

Rinne sé níb fhearr le foireann Chúige Uladh agus thug sé bonn leis as Páirc an Chrócaigh aige trí Lá ‘l Pádraig as a chéile i 1963, 1964 & 1965. Ba bheag eile dá chomrádaithe a leag cos ar fhód na háite sin go dtáinig Babhta Leathcheannais na Sraithe 1964/65. 

Ar na daoine eile a raibh an deis sin faighte acu bhí Frankie McFeely as Bealach Féich, Bernard Brady as Bun Dobhráin agus an cúl báire Séamus de hÓra arbh iad a shliocht a bhí i mbun Oifig an Phoist i mBaile an Fheirtéaraigh. Comórtas an Bhóthair Iarainn a thug an seans sin dóibhsean freisin. 

Faoin am a dtáinig an babhta sraithe sin in Aibreán 1965 bhí deich mbliana caite ag de hÓra mar chúl báire ag Dún na nGall, é fós ar meánscoil i gColáiste Adhmhnáin nuair a d’imir sé ar fhoireann shinsearach a chontae den chéad uair i gCraobh Uladh 1955.  

As sin go dtáinig 1969 ba é a bhí idir na postaí i chuile chluiche craoibhe a d’imir a chontae sa gcomórtas sin cé is moite d’aon cheann amháin. Ar aon dul lena chomhghleacaithe, chinn air bonn cúige a bhuachan ach bhí sé ar fhoirne Chúige Uladh ceithre babhta ar thugadar Craobh an Bhóthair Iarainn leo. 

Easpa cruinnis ba mhó ba chúis le teip Dhún na nGall an bua a fháil ar Chiarraí i mBabhta Leathcheannais na Sraithe Náisiúnta sin 1964/65. Faoi dhó a chinn orthu leas a bhaint as seansanna ar chúil a bhí acu ag fíorthús na himeartha, bhíodar 1-8, 0-3 chun deiridh ag leath ama agus an choimhlint thart go luath sa dara leath nuair a scóráil Dave Geaney cúl do Chiarraí a bhuaigh 3-10, 1-8. 

Ciarraí : Teddy Bowler (Gleann Beithe/Gleann Chárthaigh); Donie O’ Sullivan (Spá), Paud O’ Donoghue (Béal Átha Longfoirt), Mick Morris (Mistéalaigh, capt,); Denis O’ Sullivan (Na Rathallaigh), Jer D. O’ Connor (Baile Uí Dhonnchú), Seamus Murphy (Lios Póil); Pat Griffin (Gleann Beithe/Gleann Chárthaigh), Mick Fleming (Corra); Bernie O’ Callaghan (Maigh Mheáin), Mick O’ Dwyer (An Coireán), Dave Geaney (Oileán Chiarraí); J.J Barrett (Na Stacaigh), Vincent Lucey (Gleann Beithe/Gleann Chárthaigh), Seanie Burrows (Mistéalaigh). 

Dún na nGall : Séamus de hÓra (Naomh Adhmhnán); John Dan McMenamin (Mac Cumhaill) , Hugh Travers (Na 4 Máistrí) , Paul Kelly (Cloich Cheannfhaola) ; Seán O’Donnell (An Clochán Liath) , Bernard Brady (Bun Dobhráin), Brendan McFeely (Mac Cumhaill, Capt); P.J Flood (Paiteagó), Frankie McFeeley (McCumhaill); Declan O’Carroll (Bun Dobhráin) , Seán Feiritéar (An Clochán Liath), Frankie Campbell (Naomh Conall); Mickey McLoone (Béal Átha Seanaidh) , John Hannigan (Naomh Adhmhnán), Des Houlihane (Na Cealla Beaga). Ionadaithe : Antóin Ó Cearúil (Gaoth Dobhair). Tony McDevitt (Naomh Adhmhnán), Finn Gallagher (Naomh Adhmhnán) . 

Réiteoir: Dr. Mick Loftus (Maigh Eo). 

De bharr cosúlacht a bheith idir dathanna na gcontaetha, ba dhath cróchbhuí Chúige Uladh a bhí ar gheansaithe Dhún na nGall agus dath gorm na Mumhan ar Chiarraí. 

Fág freagra ar 'Beirt de bhunadh Chorca Dhuibhne a d’imir leis na Conallaigh nuair a chas Ciarraí agus Dún na nGall ar a chéile den chéad uair'