Beirt ceaptha i bpoist shinsearacha leis an gcainéal nua Cúla4

Tá Muireann Ní Chíobháin ceaptha ina hEagarthóir Coimisiúnaithe ar an gcainéal nua don óige agus tá Étaín Ní Thuairisg ceaptha ina hEagarthóir/Léiritheoir ar Cúla4

Beirt ceaptha i bpoist shinsearacha leis an gcainéal nua Cúla4

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil beirt ceaptha i bpoist shinsearacha le Cúla4, an cainéal nua don óige atá le bunú.

Fógraíodh go bhfuil Muireann Ní Chíobháin ceaptha ina hEagarthóir Coimisiúnaithe ar an gcainéal nua agus go bhfuil Étaín Ní Thuairisg ceaptha ina hEagarthóir/Léiritheoir ar Cúla4, a thosóidh ag craoladh i bhfómhar na bliana seo chugainn.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh Ní Chíobháin ainmnithe d’fholúntas ar Bhord TG4 ach tuigtear go bhfuil sí chun a hainmniúchán a tharraingt siar chun glacadh leis an ról nua le Cúla4.

Fágann sin go gcaithfidh Coiste Oireachtais na Gaeilge duine eile a ainmniú do Bhord TG4. Is é an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin an duine eile a d’ainmnigh an Coiste Oireachtais do Bhord TG4.

Craoltóir, scríbhneoir agus léiritheoir teilifíse í Ní Chíobháin, arb as cathair Chorcaí di. Tá cúig bliana déag caite aici ag obair ar chláracha do dhaoine óga agus ag obair go hinmheánach le RTÉ agus TG4 agus is í a chruthaigh agus a scríobh sraitheanna teilifíse don óige ar nós Dig In Diner agus Mr Mender agus The Chummyjiggers.

Beidh Ní Cíobháin ag obair le Siobhán Ní Bhrádaigh atá ina hEagarthóir Coimisiúnaithe do dhaoine óga le TG4.

Tá Étaín Ní Thuairisg ag obair le TG4 ó bunaíodh an stáisiún i 1996. Is ag plé le margaíocht clár a bhíodh Ní Thuairisg agus d’oibrigh sí chomh maith mar stiúrthóir, eagarthóir agus léiritheoir clár.

Dúirt Bainisteoir Cúla4 Karina Féirtéar gur “rólanna an-tábhachtach” a bhí sna poist agus go raibh áthas an domhain uirthi le ceapachán Uí Thuairisg agus Ui Chíobháin.

D’fhógair TG4 in 2021 go raibh sé i gceist cainéal ar leith do pháistí a bhunú agus cheadaigh an tAire Catherine Martin an cainéal i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Fógraíodh babhtaí nua coimisiúnaithe do Cúla4 níos luaithe an mhí seo agus caithfear os cionn €2m ar chláracha nua-léirithe don chainéal nua atá le seoladh i Meán Fómhair 2023.

Fág freagra ar 'Beirt ceaptha i bpoist shinsearacha leis an gcainéal nua Cúla4'