Má shamhlaítear cúrsaí reiligiúnda leis na cuimhní spóirt is treise i m’intinn agus mé ag caitheamh súil siar ar na rudaí ba mhó a chuaigh i gcion orm sa mbliain atá ionann is caite, ná tóg sin orm. Trí sheans amháin atá an scéal amhlaidh agus a fhágann gur ‘Sciúrsáil’ agus ‘Aiséirí’ is téama don bhliain peile agus iomána a chonaic muid in 2025.
Dá mba chúrsaí fíona a bhí á mheas anseo, níl mé cinnte go ndéarfaí go mba ‘sárbhliain’ a bhí inti don Pheil Ghaelach, ach is cinnte go ndéarfadh na saineolaithe siúd a bhíonn á chur timpeall an ghloine sula mblaisfear dó go raibh sé go mór chun cinn ar ghrúnlach na mblianta a chuaigh roimhe.
Mo ghraidhin iad siúd a chuir na rialacha nua i dtoll a chéile, dá mbeifí taobh leis an ngrúnlach i bhfad eile, déarfainn go mbeadh go leor imithe ar thóir malairt dí.
Agus mé ag tiomáint abhaile as Páirc an Chrócaigh tráthnóna an Domhnaigh dheireanaigh de mhí Iúil seo caite chuimhnigh mé ar chomh mór de phribhléid a bhí ann lúthchleasaí ar chumas David Clifford a fheiceáil i mbun a chúraim.
Ag fánaíocht timpeall na páirce a chaith David formhór an ama – níos minice ná a chéile ag siúl, ag déanamh corrphíosa sodair agus gan ann ach dornán uaireanta ina raibh sé ar lánluas.
16 uair le linn na himeartha a bhí an liathróid ina lámha – bhí ceathrú uaire caite sular rug sé den chéad uair uirthi sa dara leath. Ó thús deireadh na himeartha, ní foláir nó go mba mhinice a bhí seilbh na liathróide ag na himreoirí eile ar fad a chuir Ciarraí chun páirce – an báireoir san áireamh.
Fós tá mé réasúnta cinnte nach dtiocfadh Corn Mhig Uidhir ó dheas chun na Ríochta murach an gaiscíoch a tógadh ar bhruach Loch Léin.
56 uair a bhí an liathróid i seilbh a dhearthár Páidí le linn an chluiche ceannais céanna. Is deacair a rá go mbeadh an bua ag Ciarraí dá uireasa siúd ach an oiread.
Ag fánaíocht timpeall na páirce ar a thoil a thuill Páidí a mholadh. Ó shin táthar ag fiafraí na ceiste faoin gcúis go bhfuair sé cead a leithéid a dhéanamh.
Ar an láimh eile, ba chomh sáinnithe le héan i gcliabhán a bhí David, é sa chúngach ag an té a bhí á mharcáil i rith an ama. Ní raibh Brendan McCole ach aon choisméig amháin ar shiúl uaidh, fiú agus an imirt ag ceann eile na páirce.
Fós thug David Clifford sciúrsáil dó siúd agus dá chomrádaithe nach móide gur facthas a leithéid cheana ar aon pháirc imeartha.
Ag leanacht na n-orduithe a bhí faighte aige, bhí McCole i bhfoisceacht na coisméige sin de Clifford ón am ar caitheadh isteach an liathróid. Má d’fhág sin go raibh cúl an chosantóra leis an imirt, bíodh aige.
Ag siúl go deas mall a chaith siad an chuid ba mhó den chéad leath, luas na beirte faoi mar a bheidís ag déanamh aeir. Anois agus arís thugadh Clifford faoi shodar beag – mhéadaíodh a mharcálaí a luas féin, gan eatarthu i gcónaí ach an choisméig.
D’éirigh leis an gCiarraíoch éalú ón laincis sa triú nóiméad agus fuair cic saor as a dtáinig cúilín do Sheán Ó Sé. As sin go ceann 10 nóiméad eile, faoi dhó a bhí an liathróid aige agus d’aimsigh sé scór dhá chúilín astu beirt.
Agus ceathrú uaire caite ba ar Clifford a deineadh an feall as a bhfuair Ó Sé dhá phointe agus dhá nóiméad dár gcionn fuair Clifford scór den chineál céanna as an imirt.
Beifear ag caint choíche ar an scór a tháinig agus bonnán leath ama séidte. 31 nóiméad 51 soicind a bhí caite nuair a fuair Ciarraí ceannas na liathróide as cic ard a bhuail Dara Ó Baoill isteach i lámha an bháireora Shane Ryan.
Ar feadh breis agus trí nóiméad agus iad ar gor ar scór deiridh an leatha, choinnigh imreoirí na Ríochta an tseilbh – sall agus anall ad nauseam.
An báireoir chuig Joe O’Connor, eisean chuig Gavin White, leataobhach chuig Páidí Clifford a raibh an liathróid ina lámha sé huaire ar fad le linn na gluaiseachta. Ceithre uaire a láimhseáil Seán Ó Sé í, trí huaire an Conchubhaireach, faoi dhó Brian Ó Beaglaoich agus aon uair amháin David Clifford – an uair ba thábhachtaí acu ar fad.
Bhí na trí nóiméad roimhe caite aige ag seachrán go righin réidh faoi bhun Ardán Uí Ógáin agus an liathróid leithead na páirce uaidh. Níor chosúil suim dá laghad a beith aige sa sorcas a bhí ar siúl ansiúd ach go gcrochadh sé leathlámh san aer anois agus arís, mar a dhéanadh fear speile i ngarraí le comharsa a bheadh ag dul an bóthar.
Ansin agus an bonnán ar tí séideadh, lámh McCole sínte le tomhas a dhéanamh ar an achar a bhí eatarthu (sé horlaí ar a mhéid), d’iompaigh David ar dheis go tobann, thug aghaidh ar lár na páirce, ghlac seilbh na liathróide óna dheartháir agus scóráil an seachtú pointe as na cúig iarracht a thug sé sa gcéad leath.
Agus an liathróid ag dul thar an trasnán, bhí Clifford ag déanamh ar na seomraí feistis, níos mó luais faoi ná a bhí ag aon am eile an tráthnóna sin.
Pribhléid is ea an deis a fháil a leithéid a fheiceáil, ach ar mo thaisteal siar dom an tráthnóna Domhnaigh sin i ndeireadh mhí Iúil, ba thrua liom freisin an sciúrsáil a deineadh ar a chéilí comhraic agus go háirithe ar an té a bhí á mharcáil.
Faoi dhó sa dara leath a laghdaigh Dún na nGall an bhearna sa gcaoi nach raibh eatarthu ach ceithre chúilín agus cé nach raibh oiread de thionchar ag David Clifford ar an leath sin agus a bhí ar an gceann roimhe, fós ba dheacair cuimhneamh ar aon sólás a thabharfá do Brendan McCole.
Bhí sé i lár an aonaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann. Fós ba mhó den imirt a rinneadh ann a chonaic siad siúd a bhí ag féachaint ar an teilifís ná a chonaic seisean a bhí ina cheartlár.
Is deacair milleán a thabhairt ach an oiread dóibh siúd a leag amach a phlean imeartha. Má bhí ceann níos fearr ar fáil, ní feasach domsa sin.
Tá súil le Dia agam go bhfaighidh McCole go háirithe deis eile a dhul chun páirce i gCluiche Ceannais agus ní bheinn ina dhiaidh air a leithéid a bhuachaint ach an oiread.
Sin é scéala na sciúrsála agaibh, ach thagair mé freisin don ‘aiséirí’.
Ar Pháirc an Chrócaigh a tharla sin chomh maith in 2025. Ní hionann agus sa Soiscéal, ba sula dtáinig an sciúrsáil a tharla siúd. An Domhnach roimhe lena bheith ceart cruinn.
Tá ábhar seanmóra eile ansin, déarfainn.
Fág freagra ar 'Beifear ag caint choíche ar an scór a fuair David Clifford agus bonnán leath ama séidte'