An tsraith teilifíse, The West Wing leis an scríbhneoir Aaron Sorkin, a chuir oiliúint ar chuid mhór daoine i gcúrsaí polaitíochta. Ba í an chéad sraith mhór í, sna laethanta roimh an teilifís dhigiteach, a thug léargas don phobal ar imeachtaí polaitíochta príobháideacha. Ba é an tUachtarán Jed Bartlet (Martin Sheen) réalt na sraithe, Daonlathaí forásach liobrálach, agus é ag tabhairt aghaidh ar phoblachtánaigh ghránna agus a gcuid iarrachtaí na Stáit Aontaithe a tharraingt siar go ré na gcloch.
Is fada ó craoladh an tsraith ach thug sí léargas dúinn ar chúrsaí cumhachta agus an tsaint chun cumhachta a bhí i gcroí gach aon pholaiteora. Naomh Jed féin, faigheann muid amach go bhfuil MS air agus nár inis sé an fhírinne faoin ghalar dá cheann foirne dílis, Leo McGarry, ná dá vótóirí ach oiread. Tá Leo gonta nár inis sé an fhírinne dó agus fiafraíonn de cad chuige: ba mhaith liom bheith i m’uachtarán, a deir Bartlet. Feiceann muid mian an pholaiteora ghránna a mhaireann beo i gcroí an pholaiteora íon: cumhacht. Ba mhaith leis cumhacht a bhaint amach agus ní thig leis bheith i gcumhacht mura mbíonn sé i gceannas.
Tháinig ceisteanna sin na cumhachta agus an cheannais aníos arís mar gheall ar an iaróg faoi iarchoimisinéir na trádála, Phil Hogan. Beidh iriseoirí agus tráchtairí ag scrúdú iarsmaí na tubaiste sin go ceann tamaill ach ceann de na rudaí ba mhó a rachadh i bhfeidhm ort ná an chaismirt a bhain le cúrsaí cumhachta sa bhaile agus sa Bhruiséil. Ní thiocfadh leis an Taoiseach Micheál Martin ná leis an Tánaiste Leo Varadkar Hogan a bhriseadh as a phost. Faoi uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a bhí sé sin, a dúirt siad. Mar a tharla, níor ghá di é a dhéanamh nó d’éirigh Hogan as a chuid cúraimí as a stuaim féin.
Mar sin féin, ba spéisiúil bheith ag léamh na dtuairiscí ar fad faoin nasc idir an rialtas abhus, von der Leyen thall agus Hogan in Éirinn. B’éigean do Martin agus Varadkar a admháil, sotte voce beagnach, nach raibh an chumhacht acu rud ar bith a dhéanamh faoi Hogan. Ní maith le polaiteoir ar bith a easpa cumhachta a chur os comhair an tsaoil. I ndeireadh thiar thall, cad is fiú polaiteoir gan chumhacht? Fuair muid léargas beag, in éadan thoil na bpolaiteoirí abhus gan amhras, faoin chaidreamh idir rialtas náisiúnta agus maorlathas osnáisiúnta.
Dá spéisiúla sin, ba spéisiúla arís ar lean sa tréimhse i ndiaidh do Hogan éirí as a chúram. D’iarr von der Leyen ar an rialtas dhá ainm a chur faoina bráid, fear agus bean. Léirigh sé sin, arís, a laghad cumhachta a bhí ag an rialtas sa chomhthéacs seo. Ní raibh deis acu aon ainmniúchán amháin a chur chun cinn, rud a chiallódh, go praiticiúil, gur rogha dá gcuid féin a bheadh ann. Thiocfadh leo neamhiontas a dhéanamh dá hiarraidh ach shocraigh siad nach ndéanfadh. Gheall na trí cheannaire, Martin, Varadkar agus Ryan, go ndéanfadh siad mar a iarradh orthu.
Ba spéisiúla arís eile bheith ag léamh na línte beaga comhrá a nocht thall agus abhus ar na meáin faoi phróiseas an cheapacháin. Thuigfeá as cuid dár dhúirt lucht Fhine Gael gurbh iadsan a dhéanfadh an t-ainmniúchán ó tharla gur bhain Hogan lena dtreibh féin. Níorbh fhada go raibh cúpla líne, ciúin, thall is abhus ag lucht Fhianna Fáil, ag caitheamhh amhrais ar an tuigse sin; bheadh páirt ag Fianna Fáil sa phróiseas, a dúradh, mura miste leat.
Ina ainneoin sin, maithe móra de chuid Fhine Gael – Simon Coveney, Máiréad McGuinness agus Frances Fitzgerald – na hainmneacha ba mhó a bhí á lua leis an phost sna meáin chumarsáide, rud a chothaigh íomhá phoiblí gur Fine Gael a bhí chun cinn sa phróiseas agus Fianna Fáil ag sodar ina ndiaidh. Is fíor go raibh Coveney agus McGuinness múinte go leor lena rá gur faoin Taoiseach a bheadh an cinneadh deiridh. Rithfeadh sé leat, ámh, nach raibh a gcroí sa ráiteas; níl ann ach go raibh fonn orthu bheith múinte.
Léirigh an méid sin féin fabht i gcroí an rialtais seo arís eile: síleann Leo Varadkar gurb é féin an Taoiseach go fóill. Ar bhealach aisteach, thuigfeá dó. Tá Martin ina Thaoiseach go teoiriciúil, go sealadach más mian leat bheith dalba, ach is é an Tioc Toc Taoiseach é: tioc toc, tá an t-am ag imeacht.
Agus sin ceann de na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ón West Wing, a luaithe agus a thuigeann daoine go bhfuil deireadh le do ré, bíonn deireadh le do chumhacht; tránn d’éifeacht de réir mar a imíonn an t-am. An cheist a chuireann daoine láithreach, cé a bheas i gcumhacht i do dhiaidh? Tá freagra na ceiste sin againn – Leo Varadkar, má thagann sé slán óna pháirtí féin go ceann tamaill.
Dá mba Thaoiseach cumhachtach é Martin, thuigfeadh gach aon duine láithreach gurbh é a bheadh freagrach as an phróiseas agus go ndéanfadh sé rogha a d’fhóirfeadh dó féin agus dá pháirtí. Ach ní Taoiseach cumhachtach é; ní ceangal na gcúig gcaol atá air ach ceangal na dtrí gceannaire. Tuigeann gach aon duine nach fada a mhairfeas a ré. Tioc toc, tioc toc, tá an t-am ag imeacht agus tá an Terminator-Tánaiste, Leo Varadkar – “I’ll be back!” – ag smúrthacht thart go fóill.
An Teanga Bheo
Is deacair deireadh a chuir le “terminator” atá gníomhach go fóill !