Liosta rudaí le déanamh an Rialtais ag éirí níos faide

Is féidir na príomhfhadhbanna a chuirfidh imní orthu a chuntas go hachomair - síor-ardú ar an gcostas maireachtála, ganntanas gáis, ráig chontúirteach fliú/Covid-19, ciorrú de réir earnála ar astaíochtaí carbóin agus easpa tithíochta

Liosta rudaí le déanamh an Rialtais ag éirí níos faide

Bhí cúis sásaimh nach beag ag ceannairí an chomhrialtais Dé Máirt agus toradh na vótála ar rún muiníne á fhógairt sa Dáil.

Cé nach bhfuil móramh cinnte ag an rialtas ó d’fhág Joe McHugh páirtí parlaiminteach Fhine Gael, bhí móramh folláin acu sa vótáil – 85 i bhfabhar agus 66 ina choinne.

Dáiríre ar ndóigh ní ceist mhuiníne ach ceist olltoghcháin thar aon rud eile a bhí á freagairt ag scata Teachtaí (McHugh agus triúr easaontóirí rialtais ina measc) a dheimhnigh bua an rialtais. De ghnáth ní mian le Teachta Dála vótáil ar dhóigh a chuirfidh iachall ar an rialtas olltoghchán a fhógairt ar an bpointe. Is beag sólás, áfach, do cheannairí an rialtais é a mbua sa Dáil le hais na ndúshláin mhóra atá rompu sa bhfómhar nó roimhe sin. 

Is féidir na príomhfhadhbanna a chuirfidh imní orthu san idirlinn a chuntas go hachomair – síor-ardú ar an gcostas maireachtála, ganntanas gáis i rith an gheimhridh, ráig chontúirteach fliú agus/nó Covid-19, ciorrú de réir earnála ar astaíochtaí carbóin, easpa tithíochta d’Úcránaigh agus d’Éireannaigh.

Níl gach dúshlán san áireamh sa liosta thuas ach tá tagairt ann do na fadhbanna is mó atá ag bagairt ar an rialtas. Is léir láithreach difríocht shuntasach eatarthu. Níl smacht ag an rialtas ar an ardú ar phraghsanna, ar an soláthar gáis ón Rúis ná ar ghalair thógálacha. Tá dualgas orthu, áfach, cabhrú chomh fada agus is féidir le daoine atá i gcruachás cheana féin mar gheall ar bhoilsciú.

Léirigh na figiúirí a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Déardaoin an claonadh go soiléir. Shroich an ráta boilscithe 9.1 faoin gcéad le bliain anuas – an ráta is airde le 38 bliain.

Tuigeann Sinn Féin agus páirtithe an chomhrialtais araon nach mbeidh an pobal sásta leis na beartais a fhógróidh Pascal Donohoe agus Michael McGrath sa Bhuiséad ar an 27 Meán Fómhair. Sin ráite, is léir an chontúirt pholaitiúil a bhaineann le cur chuige an rialtais.

Gan dabht, ní hacmhainn dóibh faoiseamh nua ar ardú praghsanna a fhógairt nó é a mhéadú gach seachtain. Tá méadú ar liúntas thús na scoilbhliana fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys ach tá míshásamh agus mífhoighne intuigthe ar mhórán daoine a deir nár chóir moill a chur go Meán Fómhair ar gach mórghníomh. Ní leor ‘mair a chapaill agus gheobhaidh tú féar’ don saol polaitiúil, ná do mhórán buiséad teaghlaigh.

Is é bun agus barr an dainséir atá ag teannadh leis an rialtas, mar a léiríonn gach pobalbhreith, nach eol do rialtas ar bith i dtír ar bith conas an pobal a shásamh agus mór-ardú leanúnach as cuimse ag teacht ar phraghsanna. Mar a dúirt Leo Varadkar sa Dáil, “ní féidir le Buiséad ar bith, luath nó mall, an ceann is fearr a fháil ar bhoilsciú”. 

Is ar roghanna a dhéanfar in Oifigí an Rialtais a bheidh meas an phobail ar an rialtas ag brath maidir leis na fadhbanna eile ar an liosta thuas: ciorrú ar astaíochtaí carbóin agus cúrsaí tithíochta. 

Is ar an rialtas amháin atá an fhreagracht agus iad ag déileáil leo – is féidir gach cinneadh beagnach a theastaíonn a dhéanamh i mBaile Átha Cliath. Ní hionann sin agus a rá go mbeifear ábalta na roghanna riachtanacha a chosaint ná a chur i bhfeidhm gan stró, ach tá sé ar chumas an rialtais na socruithe cuí a dhéanamh. Má chuirtear moill orthu arís, beidh brú sa bhreis ar an rialtas dá bharr.

Ba léir le tamall go raibh roghanna crua le déanamh maidir leis an laghdú ar astaíochtaí carbóin na tíre a chaithfear a chur i bhfeidhm idir seo agus 2030. Bhí súil ag Eamon Ryan go mbeadh an laghdú a bheidh éigeantach sna hearnálacha éagsúla (tionscail, leictreachas, iompar, talmhaíocht, tógáil) á fhógairt aige faoin am seo, ach tá géar-argóint rialtais ar siúl fós – go háirithe maidir le talmhaíocht.

Níl réiteach gan stró ná gan phian ar fáil, mar a léirítear go soiléir i bpáipéar a d’fhoilsigh an tOllamh Hannah Daly ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh i rith na seachtaine.

Mura dtoilíonn earnáil na talmhaíochta laghdú tríocha faoin gcéad ar astaíochtaí meatáin a chur i bhfeidhm faoi 2030, beidh ar earnálacha eile glacadh le laghdú níos mó agus níos déine.

Ní féidir a bheith cinnte in aon chor go mbeidh sé ar chumas an rialtais teacht ar chomhthuiscint faoi laghdú inchreidte ar astaíochtaí, ná go mbeidh gach earnáil toilteanach a sprioc oifigiúil a shroichint. Ní féidir cinneadh a sheachaint áfach, de réir na ngeallúintí a tugadh i gComhaontú Pháras.

Cheana féin léiríonn moilleadóireacht na bpríomhpháirtithe, sa rialtas agus sa bhfreasúra, arís eile go raibh ciall pholaitiúil nach beag i ráiteas phríomh-aire Luxembourg Jean-Claude Juncker le linn ghéarchéim airgeadais na mblianta 2009-2010:

“Tá a fhios againn go léir cén gníomh a theastaíonn, ach ní heol dúinn conas a bheith atofa tar éis é a dhéanamh.”

Fág freagra ar 'Liosta rudaí le déanamh an Rialtais ag éirí níos faide'