Beidh cuid de mhór-réalta Luimnigh amuigh ar an scáileán beag anocht

Tá dhá chluiche craoibhe as Páirc na nGael á gcraoladh anocht ag RTÉ agus cluichí spéisiúla iad

Beidh cuid de mhór-réalta Luimnigh amuigh ar an scáileán beag anocht

Fear Thobar Phádraig, Cian Lynch, ag imirt do Luimneach i rith na sraithe. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Is as Luimneach a bheidh an iománaíocht ag teacht chugainn ar an teilifís anocht agus dhá chluiche á dtaispeáint ar RTÉ 2.

Cuireadh tús maith go leor leis an gcéad chluiche ag an gcraoltóir náisiúnta ó chomórtas club. Cé nach raibh an cluiche idir Fánaithe an Ghleanna agus Cumann Barra Naofa iontach, bhí Evanne Ní Chuilinn an-mhaith agus í ag cur na gceisteanna sa stiúideo.

Is i bPáirc na nGael, Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, a bheidh aicsean na hoíche anocht, mar a bhfuil dhá chluiche craoibhe á n-imirt.

Sa chéad cheann beidh Cill Mocheallóg ag tabhairt aghaidh ar Áthán. D’imríodar a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh agus bhí an bua ag Cill Mocheallóg.

Ní dóigh go mbeidh oiread sin féinmhuiníne ag Áthán anocht agus iad i ndiaidh greadadh ceart (20 cúilín) a fháil ó na Piarsaigh seachtain ó shin. Agus mar bharr ar an donas, bhuaigh Cill Mocheallóg ar na Piarsaigh coicís ó shin.

Tá na himreoirí contae, na deartháireacha Morrissey, Tom agus Dan, ar fhoireann Átháin agus iad ag treabhadh leo ar fhoireann atá in ísle brí más aon slat tomhais an taispeántas is déanaí uathu.

Tá foireann láidir ag Cill Mocheallóg nó an Balbec, mar ab fhearr aithne orthu i Luimneach. Bhuadar an phríomhroinn faoi-21 san iomáint in 2018, rud a chiallaíonn go bhfuil cuid mhaith imreoirí óga ullamh chun tacú le leithéidí Graeme Mulcahy, cúl báire ionaid an chontae, Barry Hennessy, na triúr deartháireacha O’Loughlin, agus beirt iarlaochra de chuid an chontae, Paudie O’Brien agus Gavin O’Mahony.

Tá an ‘form’ ag an Balbec.

Sa dara coimhlint is iad Dún Bleisce agus Tobar Phádraig a bheidh ag soláthar na siamsaíochta. Scóráil Dún Bleisce 22 cúilín seachtain ó shin i gcluiche a chríochnaigh ar comhscór i gcoinne Áth Dara. Chailleadar cluiche ceannais an chontae in 2018 i gcoinne na bPiarsach. Cailliúint ollmhór dóibh é Richie English, duine de na cúlaithe is fearr sa tír, agus an diabhal ballnasc croiseach gortaithe air, gortú atá an-choitianta i measc imreoirí CLG na linne seo. Ach tá beirt imreoirí contae eile acu, Darragh O’Donovan agus Pat Ryan.

Ach caithfidh siad a bheith os cionn a mbuille agus seaimpíní 2019 rompu anocht. Tá cumann Thobar Phádraig lán den stair, den traidisiún agus de réalta contae. Tá mórán feicthe againn de Dhiarmuid Byrnes, Cian Lynch agus Aaron Gillane le tamall de bhlianta anois agus d’fhéadfadh aon duine acu cluiche a bhuachan as féin. Agus ar stiúir na foirne, tá buachaill bán an chlub Ciarán Carey.

Tá dúchas, bród agus spiorad an chlub san fhuil ag an bhfear seo.

Ach bhí seaimpíní 2019 beagáinín meirgeach ina gcuid imeartha sa chéad chluiche i gcoinne Átha Dara. Bhíodar sé chúilín chun deiridh ach faoin am ar chríochnaigh an cluiche bhíodar sé chúilín chun cinn. Coimeád súil ar an déagóir Patrick Kirby. Tá mórán cainte faoi sa chlub agus ar fud an chontae.
Ceapaim go mbeidh an cluiche seo cothrom go leor ach is dócha go mbeidh an bua ag ‘An Tobar’.
Mura bhfuil lán bhur ngoile agaibh den iománaíocht ó Luimneach beidh cluiche ceathrú ceannais Loch Garman, idir Madraí Giorria Fhaiche agus Síol Maolúir, á thaispeáint ar TG4 beo amárach ar 2.30pm.

Fág freagra ar 'Beidh cuid de mhór-réalta Luimnigh amuigh ar an scáileán beag anocht'