Beidh cinneadh le déanamh faoin daonlathas féin ag lucht vótála i mbliana

Bliain lán de thoghcháin atá romhainn agus tréimhse an-chinniúnach buailte linn

Beidh cinneadh le déanamh faoin daonlathas féin ag lucht vótála i mbliana

Tarlóidh ceann de dhá rud i mbliana i dtaobh mhuinín daoine sa daonlathas. Sí 2024 an bhliain is mó riamh a bhfuil toghcháin dhaonlathacha dá reáchtáil.

In áiteacha atá chomh fada óna chéile leis an Rúis, an Iaráin, na Stáit Aontaithe, an India, Meicsiceo agus an tAontas Eorpach beidh cead vótála ag os cionn leath de dhaonra an domhain (suas le ceithre bhilliún duine) in os cionn 60 tír i dtoghcháin réigiúnacha, pharlaiminte agus uachtaránachta a d’fhéadfadh go leor athruithe a spreagadh sna tíortha éagsúla. As a dheireadh ar fad an mó nó an lú muinín a bheidh againn as an gcóras daonlathach? An mbeidh muid níos dearfaí faoi shuáilcí an chórais? Beidh le feiceáil.

Tá imní in go leor áiteacha faoi na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ar thoghcháin na bliana seo. Tá imní faoin mborradh atá faoi eagraíochtaí agus páirtithe a bhfuil tuairimí acu nach dtaitníonn leis na húdaráis ach a mheallann vótaí ón bpobal. Tá gluaiseachtaí ag bailiú nirt ar fud na hEorpa atá frith-inimirce agus ag iarraidh go mbeadh tíortha ag dúnadh a gcuid doirse agus ag iompú isteach orthu féin.

Tá leithéidí an Rassemblement Nationale ag bailiú nirt sa bhFrainc le blianta fada ach tá gluaiseachtaí ag fás san Iodáil, sa Spáinn, san Ungáir, sa nGearmáin agus i dtíortha eile de chuid an Aontais freisin. Beidh súil ghéar á coinneáil ar na toghcháin Eorpacha sa Mheitheamh dá réir.

Beidh na toghcháin a reáchtálfar ar fud an domhain ag tarlú faoi anáil an teannais idirnáisiúnta. Léiríonn an cogadh san Úcráin agus an léirscrios in Gaza laigí an chórais idirnáisiúnta agus chomh deacair agus a bhíonn sé go minic mianta an mhóraimh a chur i bhfeidhm.

Tá athruithe teicneolaíochta tarlaithe le tamall de bhlianta a chuireann ar chumas rógairí an córas a chur as a riocht. Tá sé curtha i leith na Rúise le fada go bhfuil calaois ar siúl acu i dtoghcháin a d’fhéadfadh leas straitéiseach a dhéanamh dóibhsean. Le teacht na hintleachta saorga meastar go mbeidh i bhfad níos mó ná an Rúis ag iarraidh torthaí toghcháin in áiteanna éagsúla a chur as a riocht. Tá an scéal chomh dona ó thaobh mífhaisnéise go bhfuil imní á léiriú faoin tionchar a bheidh ag bréaga agus draoithe na meán sóisialta ar thoghcháin na tíre seo.

Samhlaigh go bhfuil daoine sásta seantraidisiúin na dtoghchán áitiúil sa tír seo a thruailliú. Nach mór idir sin agus an t-iarrthóir áitiúil ag tabhairt óráide ar chúl leoraí taobh amuigh d’Aifreann an Domhnaigh!

Cé go mbeidh toghcháin i gcuid de na tíortha is mó a bhfuil borradh fúthu, cosúil leis an India agus an Afraic Theas i mbliana, agus go gcuirfear suim mhór i nguth an phobail iontu, caithfear a admháil gurb é an méid a tharlóidh sna Stáit Aontaithe is mó a mheallfaidh aird na meán. Cuireann an nasc láidir atá againne le SAM leis an tsuim a bheidh againn féin sa gcoimhlint.

Tá amhras faoi chóras Mheiriceá cothaithe ag polaiteoirí na tíre féin. Taca an ama seo trí bliana ó shin rinne buíon léirsitheoirí iarracht an daonlathas a chur dá bhoinn agus thacaigh an té a bhí buailte sa toghchán roinnt seachtainí roimhe sin lena gcuid iarrachtaí. An fear céanna atá le cur ar a thriail faoin méid a tharla. An fear céanna atá chun cinn sna pobalbhreitheanna do thoghchán uachtaránachta na Samhna seo chugainn! Is deacair a bheith dóchasach faoin daonlathas ina leithéid de chomhthéacs.

Caithfear na mílte uair an chloig ag plé an daonlathais ar fud an domhain as seo go ceann bliana. Beidh cuid den phlé sin dírithe ar thoghcháin na tíre seo agus fiúntas an daonlathais anseo. I ndeireadh an lae, tá traidisiúin an chórais seanbhunaithe anseo agus teastaíonn iad a chosaint níos mó ná riamh. An mbeidh muid i measc na dtíortha a thugann breithiúnas dearfach ar an daonlathas in 2024?

Fág freagra ar 'Beidh cinneadh le déanamh faoin daonlathas féin ag lucht vótála i mbliana'

  • Gabriel Rosenstock

    Ní bheadh Churchill mar laoch agamsa (níl laoch ar bith agam) ach dúirt seisean uair amháin gurb é an daonlathas an cineál rialtais is measa amuigh; cheartaigh sé é féin ansin, ábhairín, agus dúirt nach bhféadfadh an daonlathas a bheith níos measa ná na bealaí eile ar baineadh triail astu.
    Tá claonadh ionainn glacadh leis an daonlathas mar íocshláinte, nó mar rud iontach ann féin. Cheistigh Platón an daonlathas fadó; chuirfeadh seisean córas eile ina áit, is é sin na daoine is cáilithe sa tír a chur i mbun rialtais. Féach ar na Teachtaí Dála agus ar na Seanadóirí go léir, ina nduine is ina nduine. Cuid acu ní fhéadfaidís oíche óil a eagrú i ndrioglann! Daoine sárcháilithe? Ní chuirfeá daoine neamhcháilithe (“buachaillí bó”) i mbun pluiméireachta ná leictreachais dá mbeadh fadhbanna pluiméireachta nó leictreachais le réiteach agat. Ar fhágamar cúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte, cúrsaí teanga etc etc rófhada faoi chúram na mbuachaillí bó?