Beatha agus bás Thomáis Ruiséal á dtabhairt chun cuimhne i gCill Maoilchéadair inniu

Maraíodh an tÓglach Duibhneach Tomás Ruiséal i gCarraig a’ Chabhaltaigh i gContae an Chláir i 1918

Beatha agus bás Thomáis Ruiséal á dtabhairt chun cuimhne i gCill Maoilchéadair inniu

Tuairiscíodh i nuachtán an Kerryman céad bliain ó shin, go raibh os cionn míle Óglach agus na mílte eile nach iad ar shochraid fhir óig ó Bhun a’ Coimín, i bParóiste na Cille. Chuaigh an tsochraid ó Sháipéal Naomh Muire an Daingin go teampall Chill Maoilcéadair agus ba í an tsochraid ba mhó a bhí in Iarthar Duibhneach riamh, a deirtear.  Bliain is fiche d’aois a bhí Tomás Ruiséal, múinteoir agus óglach, ar mhairbh saighdiúir Sasanach é i gCarraig a’ Chabhaltaigh i gContae an Chláir, ag cruinniú de Shinn Fhéin a bhí ar bun ansan ar an 24 Márta 1918.

Iarracht a dhein buíon saighdiúirí ó Arm na Breataine deireadh a chur leis an gcruinniú ba chúis lena bhás. Dealraíonn sé gur sádh an Ruiséalach sa droim le beighnit nuair a dhein na saighdiúirí ionsaí ar an gcruinniú. Ag an gcoiste cróinéara, cinneadh gur d’aon ghnó a sháigh duine de cheathrar saighdiúirí – an Sáirsint Duff nó duine de na saighdiúirí Hutton, Tait agus Kenny – agus gur dá dheasca san a cailleadh Tomás Ruiséal. Ritheadh rún comhbhróin le muintir Ruiséal ag an gcoiste cróinéara, agus dúradh sa rún sin ‘nach raibh aon ghá fén spéir don arm gníomhú fé mar a dheineadar i gCarraig a’ Chabhaltaigh’.

Tugadh corp Thomáis Ruiséal trasna na Sionna sa nganfhios, agus tuairiscíodh i nuachtáin na linne go raibh oiread san daoine ar an tsochraid go bhféadfaí leabhar a thabhairt ó lámh go lámh, ó reilig Chill Maoilchéadair go Cnoc Bréanainn. ‘The procession on foot covered over two thirds of a mile,’ a dúradh sa Kerryman, ‘and the cars etc. extended over a mile before it reached his own parish’.

Tabharfar beatha agus bás an Ruiséalaigh chun cuimhne inniu ag ócáid i sean-theampall Chill Maoilchéadair. Cuirfear tús leis an ócáid ar mheán lae le ceol ó Bhanna Fíf agus Drum an Daingin, banna a bhí ar shochraid Thomáis céad bliain ó shin. Beidh filíocht á haithris agus amhráin á rá, agus ardófar bratach na hÉireann. Déanfaidh Noel Ó Murchú, mac mic dheirfiúr an Ruiséalaigh agus fear eagair na hócáide,  aithris ar an óráid a thug Fionnán Mac Coluim ag uaigh an Ruiséalaigh lá a shochraide, agus léifidh an file Bríd Ní Mhóráin an dán a chum athair Thomáis, Micheál – ‘Caoineadh Thomáis Ruiséal’.

Fág freagra ar 'Beatha agus bás Thomáis Ruiséal á dtabhairt chun cuimhne i gCill Maoilchéadair inniu'