Tá €2.18 milliún curtha ar fáil chun an scéim Gaelbhratach “a neartú agus a leathnú” i scoileanna an stáit.
Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan go gcabhródh an t-airgead leis an scéim Gaelbhratach an Ghaeilge a chur chun cinn “ar bhealach struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna”.
Cuireadh tús le Gaelbhratach, a bhíonn á riaradh ag Gael Linn, in 2012 agus bíonn an scéim á reáchtáil i scoileanna Béarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge.
133 bunscoil agus 126 iar-bhunscoil a bhíonn páirteach sa scéim faoi láthair.
Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh “ríméad” uirthi faoin maoiniú.
“Leis an tacaíocht bhreise seo ó mo Roinn beidh os cionn 400 scoil tar éis páirt a ghlacadh sa scéim faoi 2026/2027.
“Bíonn tionchar suntasach ag an scéim seo ar nósanna teanga na ndaltaí a ghlacann páirt ann agus tuigtear dom go bhfuil go leor iardhaltaí a ghlac páirt sa scéim ina mbaill ghníomhacha de na cumainn Ghaelacha i gcoláistí tríú leibhéal anois. Is cúis mhór bhróid agus dóchais é sin ó thaobh forbairt na teanga de agus tá mé ag súil le tionchar an airgid bhreise atá ceadaithe anois a fheiceáil sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan, go mbeadh “tionchar thar na bearta” ag an maoiniú ar obair Gael Linn timpeall na tíre.
“Tá foireann Gaelbhratach ag tabhairt tacaíocht thar a bheith tábhachtach agus éifeachtach do scoileanna ar fud na hÉireann ó thaobh na Gaeilge de. Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óga i ngach saghas scoile agus i ngach cearn den tír.”
MPat
Cá rachaidh an t-airgead? Be cheart go mbeadh liúntas mór ann do dhaltaí bochta chun seal a chaitheamh sa Gaeltacht. N
Pól Ó Braoin
Tar éis na bunscoile déanfaidh siad dearmad ar an teanga scoile úd nach gcloisfidh siad go deo arís, ná i meánscoil ar bith ina dhiaidh sin ach an oiread. Cá háit sna bailte móra taobh amuigh den tuaisceart a mbíonn fáilte roimh an nGaeilge ann? “Nósanna teanga na ndaltaí…” cúis gháire, cúis náire.
Donnchadh Ó Seaghdha
Nósanna teanga na ndaltaí – céard faoi nósanna teanga na múinteoirí a athrú agus polasaí na scoileanna maidir le labhairt na gaeilge a chur chun cinn
Cordelia Nic Fhearraigh
Polasaí gaeilge a dhith in achan ionad oideachais (naíonraí, bun, meán agus tríú leibhéal) sa tír. Cad chuige nach bhfuil ainm gaeilge ar achan ionad oideachais sa tír? Agus caidé faoin fhógraíocht a dhéanann siad? Seoladh teagmhála? Stáiseanóireacht oifigiúil? Suíomh idirlín? Imeachtaí spóirt na hionaid oideachais? An úsáidtear gaeilge ar bith ag cruinnithe boird? Cruinnithe na gcoistí tuismitheoirí? An spreagtar páistí agus daoine óga leis an ghaeilg a úsáid ar na meáin shóisialta? taobh amuigh de gheataí na scoile?
Go pearsanta, ní fheicimse dul chun cinn ar bith leis an ghaeilg nó tá na himeachtaí uilig taobh amuigh de gheataí na scoile á fhógairt agus á reachtáil trí Bhéarla anseo sa ghaeltacht i gcloich cheann fhaolaidh i dTír Chonaill. Is briseadh croí é i ndáiríre.
Agus níl cumhacht ar bith ag na hoifigigh pleanála teanga. Tá siad ag brath go hiomlán ar dhea-thoil an phobail/na tuismitheoirí/na ngnóanna de réir mar a thuigim. Is briseadh croí é i ndáiríre…