Barry Keoghan ag teacht chun coinlíochta i scannán machnamhach

Saothar machnamhach, beagfhoclach é ‘Mammal’ ina ndéantar cíoradh ar bhriseadh croí agus scoiteacht an duine

Barry Keoghan
Barry Keoghan

Mammal
Stiúrthóir: Rebecca Daly
Cliar: Rachel Griffiths, Barry Keoghan, Michael McElhatton.

N’fheadar éinne cá luíonn an bhróg ar an duine eile a deirtear. Sa saothar machnamhach, beagfhoclach seo  déantar cíoradh ar bhriseadh croí, aonaránacht agus scoiteacht an duine.

Tá comparáidí le rianú idir an saothar seo agus The Other Side of Sleep (2001), an chéad fhadscannán ón stiúrthóir/scríbhneoir Rebecca Daly.

Is beag comhrá atá sa chéad deich nóiméad nó mar sin den scannán seo agus cuirtear Margaret (Griffiths) os ár gcomhair mar dhuine atá ag iarraidh an lá agus a saol a chaitheamh seachas aon ní fiúntach a a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as an saol. Braitheann sí coimhthíoch is deoranta gan aon teagmháil mhór aici le daoine.

Athraíonn rudaí de gheit. I radharc corraitheach lena hiarfhear céile (McElhatton) tugtar le fios go bhfuil an mac a thréig sí nuair a bhí sé an-óg imithe ar iarraidh. Faighimid amach ina dhiaidh sin go bhfuil sé básaithe.

Timpeall an ama céanna tagann sí ar an mbligeard sráide Joe (Keoghan) ar chúl an tsiopa agus é gortaithe go dona. Tagann sí i gcabhair air ach tá sé bailithe leis i bhfaiteadh na súl.  Casann sí leis arís ag an linn snámha áitiúil agus eascraíonn cairdeas eatarthu.

Is geall le carachtar ann féin an t-uisce; sa linn snámha, san fharraige nó sa bhfolcadán. Cuirtear ina luí orainn gur san uisce amháin a fhaigheann Margaret faoiseamh ón méid atá ag luí ar a croí. Tearmann atá ann di agus í iarraidh a cuid uaignis a bhá san uisce. Nuair a chíonn sí Joe ag lapadaíl go leanbaí san uisce tagann aoibh an gháire uirthi den chéad uair sa scannán. Is in uisce an fholcadáin a tharlaíonn an chéad teagmháil ghnéis eatarthu ina dhiaidh sin.

Cé nach ndéantar tréigean a mic a chíoradh chun ár sástachta cuirtear ina luí orainn go bhfuil sí ag iarraidh greim a bhreith ar a haiféala.

mammalBogann an scannán ar aghaidh go malltriallach agus eascraíonn gaol máthartha eatarthu ar dtús ach ansin athraíonn sin go caidreamh collaí a bhfuil macallaí Éideapúis ag baint leis.

Déantar an claochlú seo a láimhseáil go cáiréiseach, cé go mbíonn rian na háiféise méaldrámata le sonrú ar uairibh.

Is beirt iad seo atá imeallaithe ag an saol agus nach bhfuil uathu ach caidreamh daonna de shaghas éigin.

Téitear thar cailc i gcúpla mír agus tá an radharc ina ndéanann cat aghaidh pháiste óg a scríobadh míchuí agus iomarcach. Is amhlaidh atá nuair a bhriseann bithiúnach isteach sa tigh agus an chuma ar an radharc go bhfuiltear ag iarraidh an lucht féachana a shuaitheadh d’aon ghnó.

Ní rabhas in ann tóin ná ceann a dhéanamh den chríoch ach an oiread. Bhí clabhsúr nádúrtha ann cúpla nóiméad roimhe sin ach soláthraíodh radharc breise nach eol dom a ábharthacht.

Tugann an bheirt cheann feadhna taispeántais nádúrtha, inchreidte uathu.

Tá Barry Keoghan ag teacht in inmhe mar aisteoir den chéad scoth. Tá a chuma óigeanta agus a thaispeántais mhachnamhacha ag dul in aghaidh a chéile.

Ag an am céanna áfach caithfidh sé a chinntiú nach mbeidh sé sáinnithe i gcarachtar an bhligeaird sráide, an carachtar úd ó Love/Hate a rad i lár an aonaigh é.

Fág freagra ar 'Barry Keoghan ag teacht chun coinlíochta i scannán machnamhach'