Barr Smaise… le Mairéad Ní Chuaig

Is í Mairéad Ní Chuaig, craoltóir agus bean na haimsire ar TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Mairéad Ní Chuaig- TG4

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…Ceist mhaith! Eicléicteach, banda agus boihéamach. Tá suim mhór agam i stíl na seascaidí. Bíonn an-tionchar ag ceol, scannáin agus taisteal ar mo stíl féin. Ní thugam suntas do na faisin is deireanaí. Bíonn mé ag bailiú éadaí ar fud na cruinne, agus is breá liom hataí.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Jean Shrimpton agus James Dean.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Gúna ildaite ó na seascaidí, as Nua Eabhrac.

Penneys, Brown Thomas nó….

…siopaí seanré i Londain, Páras agus California.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…eitilt go Páras le mála láimhe seanré Chanel a cheannacht i gceantar an Marais.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Fachtóir cosanta ar an ngrian (Tá mé ag úsáid uachtar gréine le spf ard ó bhí mé 16, comhairle mhaith a fuair mé ó mo mhama!), línitheoir súl agus maothóir.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…gúna blathach, mo sheaicéad gluaisrothair agus buataisí.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

…is breá liom Streetgeist & Easy Fashion Paris.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bhí dath bándearg ar mo chuid gruaige agus mé ag an ollscoil!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Mairéad Ní Chuaig'