Cé a thiocfas i gcomharbacht ar Mhicheál D Ó hUigínn mar Uachtarán? Teastóidh duine le buanna speisialta chun an caighdeán reatha a shroisint.
Cé go raibh caint le tamall ar chúpla duine a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht, díol suntais is ea a laghad plé sa bPoblacht faoin gcomórtas a bheas ann taobh istigh de leathbhliain. Ní hamhlaidh an scéal i dTuaisceart Éireann ainneoin nach mbeidh vóta ag an bpobal san toghchán. Tá i bhfad níos mó cainte faoin scéal abhus ná mar is gnách.
Tá plé faoi ar na meáin chumarsáide, sna tábhairní, bialanna, in áiteacha a mbailíonn daoine agus anois, in Stormont. Bhí daoine nár chuala an colúnaí seo ag caint ar pholaitíocht ariamh ag tagairt don iomaíocht le seachtain anuas. Is fíor gur scigmhagadh faoi áiféis Conor McGregor a bhí le clos ag an ngruagaire agus sna hallaí spóirt agus ag an mbearbóir, creidim, ach tá fuinneamh úr san díospóireacht – mar gheall ar chearta vótála i dtoghchán na huachtaránachta, go sonrach.
Cuireadh spéis i mbille Pheadar Tóibín, Aontú, chun Bunreacht na hÉireann a leasú le ceart a thabhairt do shaoránaigh abhus vótáil don uachtarán. Ba chúis iontais dó nach ndearna Sinn Féin an gnó. Rinne siad iarracht sa Dáil in 2014 ach d’ainneoin a saibhreas ollmhór agus fás an pháirtí ó shin, ar sé, níor thug siad faoin obair arís. Ceilt an daonlathais is ea é, a dúirt an Teachta Tóibín, gur féidir le saoránaigh sa Tuaisceart seasamh don uachtaránacht ach nach dtig leo vótáil sa chomórtas. Tá sé thar am ag an rialtas gníomhú, ar sé, ó mhol an chomhdháil faoin mBunreacht in 2013 go leathnófaí an ceart vótála.
Tabharfaidh Sinn Féin tacaíocht don bhille i dTeach Laighean ar ndóigh ach ba léir in Stormont gur airigh an páirtí brú ó Aontú ar an gceist. Dé Máirt mhol siad rún san Tionól ag éileamh ar rialtas na hÉireann cearta vótála i dtoghchán na huachtaránachta a fhaomhadh do mhuintir an Tuaiscirt. Ritheadh an rún le 46 vóta in aghaidh 25; vótáil Sinn Féin, SDLP, Alliance agus Pobal seachas Brabús ar a shon. Ní chuireann an rún ceangal ó thaobh dlí ar éinne.
Mhaígh Peadar Tóibín gurb é beart Aontú a ghríos Sinn Féin chun an rún a mholadh tar éis blianta nuair nach ndearna siad tada. Cibé spraoi a bhain Tóibín as a bheith ag spochadh as a iar-chomhghleacaithe níor thaise é don DUP.
Ní moladh go haithris, arsa Philip Brett, DUP, is é ag diúltú don rún: ‘Táim cinnte go mbeidh ceannaire Aontú an-sásta gur chaith Sinn Féin agus an SDLP an lá ag iarraidh ligean orthu féin gurbh iadsan eisean.’ Chuir Peadar Tóibín dá mbuille iad, Sinn Féin go háirithe, dar leis. Bhí SF ar a ndícheall ag iarraidh a ndintiúirí poblachtánacha a chruthú mar nach raibh dul chun cinn ar bith déanta acu san díospóireacht faoi Éirinn aontaithe, arsa an Teachta Brett. Tá teipthe ar Shinn Féin faoin gceist agus anois tá an ceann is fearr á fháil ag Tóibín orthu, is ceannaire Aontú ‘níos glaise’ ná iad, ar sé.
Ní minic a bhaineann an DUP spórt as plé faoin gceist bhunreachtúil ach níor mhaolaigh an magadh sin a bhfreasúra do chéim ar bith a nglaofaidís aontú faoi choim air. Ní contúirt ar bith dóibh ceart vótála i dtoghchán na huachtaránachta a bheith ag saoránaigh a dteastaíonn sé sin uathu; ní athródh sé sin an stádas bunreachtúil. Mar a dúradh san díospóireacht bheadh leathnú an chirt sin ag teacht le Comhaontú Aoine an Chéasta agus ní bheadh iachall ar éinne guth a chaitheamh.
Ceist bhunúsach é do thoghthóirí ó dheas an mian leo ceart vótála a thabhairt do dhaoine lasmuigh den stát. An fíor, mar a deir cuid de lucht tacaíochta Shinn Féin, go bhfuil imní ar aicmí áirithe ó dheas go dtoghfaí iarrthóir ó SF mar uachtarán i bhfianaise an oiread tacaíochta atá acu ó thuaidh? Nach bhfuil sé neamhdhaonlathach ceart a cheilt ar an mbonn sin? Thairis sin an athrófaí na coinníollacha cáilithe d’iarrthóirí – an mbeadh comhairleoirí abhus nó dream éigin eile in ann tacú le hiarrthóir nach bhfaigheadh vótaí ó údaráis ó dheas? An stopfadh sé le cearta vótála do dhaoine abhus? Arbh é a thoradh go mbeadh saoránaigh thar lear i dteideal vótála?
Scrúdaíodh na ceisteanna seo cheana ach níl breith tugtha ag an bpobal orthu. Ní bheidh an cúrsa rite ag bille Aontú in am do thoghchán na bliana seo. Ó mhaireann téarma an uachtaráin seacht mbliana beidh ceithre nó cúig bliana ag an bpobal le haghaidh na díospóireachta. Scaoiltear chucu í.
Fág freagra ar 'Ceist bhunúsach é do thoghthóirí ó dheas an mian leo ceart vótála a thabhairt do dhaoine lasmuigh den stát'