Baill an bhoird agallaimh do phost an Ollaimh le Gaeilge in ÓE Gaillimh le deimhniú tráthnóna

Seisear atá molta don bhord agallaimh agus tuigtear go bhfuil imní ar dhaoine nach bhfuil aon saineolaí ar an nualitríocht ná ar léann comhaimseartha na Gaeilge ina measc

Baill an bhoird agallaimh do phost an Ollaimh le Gaeilge in ÓE Gaillimh le deimhniú tráthnóna

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil baill an bhoird agallaimh do phost an Ollaimh le Gaeilge in ÓE, Gaillimh ainmnithe agus go bhfuil na hainmniúcháin sin le faomhadh ag cruinniú speisialta san Ollscoil tráthnóna.

Ach an bord agallaimh a bheith deimhnithe fógrófar gan mhoill post an Ollaimh le Gaeilge atá gan líonadh ó d’éirigh an tOllamh Gearóid Denvir as an gcúram sin beagnach trí bliana ó shin.

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil imní ar roinnt daoine atá ag plé leis an nGaeilge san Ollscoil nach bhfuil aon saineolaí ar nualitríocht ná ar léann comhaimseartha na Gaeilge i measc na measúnóirí.

Meastar gur daoine atá ag saothrú sna réimsí sin a bheadh i gcuid mhaith de na hiarrthóirí is mó a mbeadh seans acu ar an bpost a fháil.

Tá ceist ann chomh maith faoin teanga, nó na teangacha, ina reáchtálfar na hagallaimh agus gan aon Ghaeilge ag triúr den seisear measúnóirí. Ní i nGaeilge amháin a bhí na hagallaimh an uair dheireanach go raibh folúntas ann do phost an Ollaimh, ach tuigtear gur i nGaeilge a reáchtáladh formhór mór na n-agallamh an uair sin.

Dúirt duine amháin a bhíonn ag plé leis an nGaeilge san Ollscoil le Tuairisc.ie nach maolódh an cur chuige ó thaobh an bhoird agallaimh de an imní atá ar go leor daoine san Ollscoil le tamall faoin gcreimeadh, dar leo, atá á dhéanamh ar stádas na Gaeilge inti.

“Ar an gcuid is fearr, is teachtaireacht dhoiléir eile é faoin meon i leith na Gaeilge [san Ollscoil],” a dúirt foinse amháin.

Is iad na daoine atá molta don bhord agallaimh ó laistigh den Ollscoil féin ná Uachtarán na hOllscoile, an Dr Jim Browne, An tOllamh Cathal O’Donoghue, Déan Choláiste na nDán, na hEolaíochtaí agus an Léinn Cheiltigh, Máirín Ní Dhonnchadha, Ollamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus an Dr Kate Quinn, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí  agus na gCultúr.

Beirt mheasúnóirí sheachtracha atá molta don bhord agallaimh: Roibeard Ó Maolalaigh, Ollamh leis an Léann Ceilteach agus an Gháidhlig in Ollscoil Ghlaschú agus an tOllamh Sioned Davies, Ceann Scoil na Breatnaise in Ollscoil Caerdydd.

Déanfar cinneadh faoin mbord measúnóirí ag cruinniú atá ar siúl in Áras Dán na Mílaoise san Ollscoil ag 2.30pm tráthnóna. Glactar de ghnáth i gcásanna mar seo leis na measúnóirí a mholtar.

Tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Tá ceist na Gaeilge in OÉ, Gaillimh go mór i mbéal an phobail ó cinneadh ag deireadh na bliana seo caite deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin sa choláiste.

Táthar buartha chomh maith faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge san ollscoil ag feidhmiú gan aon ollamh le Gaeilge le trí bliana acadúla anuas.

Fág freagra ar 'Baill an bhoird agallaimh do phost an Ollaimh le Gaeilge in ÓE Gaillimh le deimhniú tráthnóna'

  • Mánus

    Is ollscoilBhéarla NUIG le sciathán bídeach a fheidhmíonn tré mheán na Gaeilge ar an imeall. Teastaíonn ollscoil coláiste lán Ghaeilge ar an oileán seo. Tá sin tuillte ag daltaí na nGaelscoileanna/choláistí is a dtuistmitheoirí atá páirteach san iarracht an teanga náisiúnta a athbheochaint sna bailte móra ar fud na tíre in ainneoin patfhuaracht / naimhdeacht an Státchórais. Is buaicphointe lighiciúil a bheadh ann ollscoil /institiúd LánGhaeilge a bhunú do dhaltaí na nGaelcholáistí.

  • Mairnéalach

    Dá mbeadh fios a ngraithe ag na daoine anaithnid seo atá ‘ag plé le Léann na Gaeilge’ bheadh a fhios acu go bhfuil Roibeard Ó Maolalaigh ar dhuine de na saineolaithe is mó ar Léann na Nua-Ghaeilge dá bhfuil ann, in Éirinn nó thar lear. Ba cheart ceannteideal an ailt seo a athrú dá réir. Ní focal é ‘Gáidhlig’ i dteanga ar bith, dála an scéil. Maidir le Sioned Davies, scoláire mór le rá, scoláire idirnáisiúnta i ngort gaolmhar í. An bhfuil aon chur amach ag na daoine seo ar an gcaoi a gceaptar ollúna ollscoile?

    Bun agus barr an scéil: Níor líonadh an chathaoir ar feadh i bhfad – tuigeadh do tuairisc.ie go raibh ‘imní ar dhaoine’, agus an chathaoir anois le líonadh tuigtear do tuairisc.ie go bhfuil ‘imní ar dhaoine’ go fóill. Ní ollamh a theastaíonn ó lucht na Gaeilge san ollscoil sin ach valium!