Tá mé fós i nDún na nGall. Bhuel, tá mé ar ais i mBaile Átha Cliath agus is gearr go léimfidh mé isteach sa bhfarraige ag an gCarraig Dhubh (taobh thiar den stáisiún Dart, má tá tú fiosrach). Ach tá mo chroí fós sna Dúnaibh.
Agus mé ag spaisteoireacht thart ar Shlí an Atlantaigh ag glacadh pictiúr de na bláthanna agus na plandaí a fhásann go forleathan ann, smaoinigh mé ar an tionscal bréidín na háite sin. Is cinnte, a dúirt mé liom féin, nach gcaithfidh siad dul i bhfad le hinspioráid a fháil agus iad ag dearadh an bhréidín.
Chinn mé m’aghaidh a thabhairt síos ag an siopa – bhí boladh an chaife ón mbialann bheag taobh leis dom’ mhealladh ar aon nós. Bheadh caife agam i ndiaidh mo chuairt ar an siopa.
Bean óg an–chuiditheach taobh thiar den chuntar i siopa lámhcheardaíochta McNutts. Agus muid ag caint ar stair an chomhlachta, d’fhiafraigh mé di an raibh aon cheo i scríbhinn faoi stair an chomhlachta. Luaigh mé Tuairisc.ie.
‘An bhfuil baint aige le Google?’ a cheap mé a dúirt sí. An créatúr, bhí sí do mo threorú i dtreo an idirlín…Mhínigh mé di (go foighdeach) go raibh mé chun píosa a scríobh do Tuairisc.ie.
‘Scríobh mise alt do Guth Ghoill,’ arsa sise. Ó, mo leithscéal!
Ní hé amháin go raibh alt breá scríofa aici don nuachtlitir áitiúil i Ros Goill, ach bhí Gaeilge ar a toil aici. Anois, bhíomar ag mótaráil….Stacey McNutt – duine den chlann féin a bhí ann, múinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath agus í anois ag caitheamh an tsamhraidh ag obair i gcomhlacht a muintire.
Seanathair Stacey, Bill McNutt a bhunaigh an comhlacht fíodóireachta sa mbliain 1953.
Bhí siopa ag a mhuintir, ach thuig Bill go raibh fostaíocht ag teastáil i gceantar na nDúnaibh. Chuige sin, agus é ina fhear óg, thug sé aghaidh ar Albain agus d’fhoghlaim a cheird sa choláiste teicstíle i nGalashiels (An Geal Àth).
Agus is anseo a thagann Halla Douthie– a luaigh mé an tseachtain seo caite, isteach sa scéal. (Nuair a bhí tionscal na hiascaireachta faoi bhláth, bhí an oiread sin Albanach/ Preispitéireach sa gceantar, gur tógadh an halla seo dóibh.) Ar aon nós, thóg Bill Halla Douthie ar láimh agus ba ann a bhí an chéad tionscal fíodóireachta. Is sa halla sin atá an siopa anois agus ba ansin a bhí mé féin agus Stacey ag caint lena chéile.
Nuair a chinn sé an comhlacht a bhunú, chuir sé cúpla seol láimhe isteach ann. Thug Bill roinnt fíodóirí ó Ard an Rátha chuig na Dúnaibh chun na scileanna a mhúineadh don fhoireann. I dtosach ní raibh ach cúpla fíodóir ag fí sa halla ach níorbh fhada go raibh timpeall dhá scór ag obair ann. Ag an am sin bhí gach píosa déanta de láimh. D’fhás an comhlacht go tapa i rith na seascaidí agus tógadh an muileann trasna ón halla agus thosaigh siad ag fí ar mheaisíní.
Bhí deartháir Bhill, Jim ag obair leis mar chuntasóir agus ar feadh roinnt mhaith blianta ba iad a chlann mhac siúd, John agus Scott, a choinnigh an gnó ar siúl.
Le teacht na nóchaidí tháinig athrú sa chomhlacht agus bhí beirt mhac Bill– Peter agus William, i gceannas agus tá a mhac William fós mar cheannaire ar an bhfoireann. Sna nóchaidí thosaigh na deartháireacha ag fí línéadaigh agus bhí gnó iontach acu á dhíol, go háirithe i Meiriceá. Ach nuair a shroich an cúlú eacnamaíochta Dún na nGall ní raibh an muileann in ann dul i gcomórtas le praghas an línéadaigh a táirgeadh go saor i dtíortha cosúil leis an India. D’fhill siad ar ais ar an olann agus chuireadar rompu an ghné sin den ghnó a fheabhsú arís.
Tá aithne agam ar earraí McNutt le fada an lá. Bhí beirt de chlann chéile mo dheirféar– John agus Danny Boyce, ag obair ann tráth. Go deimhin, tá cuid de na pluideanna deireanacha a rinneadh le lámhfhíodóireacht agam sa mbaile. Ach ba chúis iontais dom, i laethanta seo na meicníochta agus iompórtála na n-éadaí saora, go raibh tóir chomh mór céanna fós ar earraí dúchasacha, déanta as ábhar dúchasach i mbaile beag cois cósta.
Fiche duine atá fostaithe i McNutts anois. Is mór an líon fostaithe é sin i gceantar chomh beag. Ní bhíonn aon fhadhbanna tráchta ná tranglaim ag na soilse ag na hoibrithe sin agus iad ag trial ar a gcuid oibre.
Bíonn meascán den olann, cashmere, alpaca sna hearraí a dhéantar sa mhonarcha agus déantar earraí beaga ar nós scaifeanna as línéadach. Agus is cinnte go bhfaigheann na dearthóirí inspioráid, mar a cheap mé, ón nádúr timpeall orthu. Thar na blianta bhí comhpháirtíocht acu leis an dearthóir cáiliúil Kenzo na Seapáine agus in Éirinn fadó leis an dearthóir Sybil Connolly.
Agus mé an-sásta leis an ‘briefing’ ó Stacey, chuaigh mé amach go clós an chomhlachta. Bhí leoraí ansin ag seachadadh pacáistí móra ag doras na monarcha. Bhuail taom fiosrachta mé. D’fhéach mé faoin bplaisteach. Pluideanna bréidín a bhí iontu agus lipéad soiléir orthu– ‘McNutts, Downings Pier, Co Donegal.’
Cén fáth a mbeadh bréidín ag teacht ar ais chuig na Dúnaibh? Isteach liom chuig Stacey arís.
‘Cuirimid an t–éadach agus é fós i rollaí móra, go hAlbain lena chríochnú,’ a dúirt sí. ‘Níl éinne fanta in Éirinn a chríochnaíonn an obair sin.’
‘Tagann sé ar ais ó Albain agus é gearrtha ina phluideanna, ina chiumhaiseanna, srl, críochnaithe, agus réidh le dul ar an margadh.’
Hmmm. ‘Nach mbeadh tionchar ag ‘Brexit’ oraibh mar sin,’ a d’fhiafraigh mé. ‘Is cinnte go mbeadh,’ arsa Stacey.
Samhlaigh é sin. Níl aon bhaint ag an gceist seo le teorainn bhog ná crua. Tá an ceangal le hAlbain chomh nádúrtha sin, nach smaoinítear uirthi go minic mar chuid den Bhreatain. Ach tá fiche post sna Dúnaibh ag brath ar an gceangal sin. Níl aon chomhlacht in Éirinn cóirithe chun an obair áirithe sin a dhéanamh.
Leoraithe stoptha ag calafoirt, dleachta custaim ar earraí, b’fhéidir, páipéarachas…..cá gcríochnóidh sé? Bhí sé thar am dul le haghaidh an chaife sin!
Fág freagra ar 'An Breatimeacht ag bagairt ar chomhlacht cáiliúil bréidín i nGaeltacht Dhún na nGall'