Bád a thug 30 bliain i mbun seirbhíse go hoileáin Árann ina hóstán galánta ar an Life

Tá ceadúnas faighte an Naomh Éanna a fheistiú ag Cé Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath agus í ina hóstán

Bád a thug 30 bliain i mbun seirbhíse go hoileáin Árann ina hóstán galánta ar an Life

Tá ceadúnas faighte an Naomh Éanna, an bád iomráiteach a chaith 30 bliain ag treabhadh Chuan na Gaillimhe ag tabhairt earraí agus paisinéirí go dtí trí oileán Árann, a fheistiú ag Cé Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath agus í ina hóstán. Is cuid de straitéis athbheochana cheantar na ndugaí atá sa cheadúnas seo.

I mBaile Átha Cliath a tógadh an Naomh Éanna i 1956 agus is ábhar suntais í do lucht farraige agus longtógála mar go raibh sí ar cheann de na báid ba dheireanaí a cuireadh ina chéile le seamanna seachas táthúchán a dhéanamh ar na páirteanna go léir.

Tá an Naomh Éanna feistithe i nDuga na Canálach Móire sa phríomhchathair ó 1989, drochbhail uirthi agus í lán le meirg. Cheannaigh an fear gnó Sam Field Corbett an seanbhád in 2015 ar euro amháin. Tá feachtas ar siúl aige ó shin ag iarraidh an Naomh Éanna a shábháil ón gclós dramh-mhiotail agus í a athchóiriú agus a fheistiú le cé i nGaillimh. Is leis an bhfear céanna an Cill Airne, an bhialann atá feistithe ag an bPort Thuaidh i mBaile Átha Cliath agus báirsí eile atá i mbun gnó ar an gCanáil Mhór.

Bailíodh os cionn sé mhilliún euro ó fhoinsí príobháideacha chun an bád a athchóiriú agus óstán 28 seomra leapan agus bialann a dhéanamh aisti. Measann grúpa tacaíochta an bháid go dtógfaidh sé naoi mí an obair athchóirithe a dhéanamh uirthi agus go mbeifear ábalta an obair sin a dhéanamh sa duga grábhála i mBáisín Alexandra, duga a tógadh i 1796.

Comóradh a bheidh in athchóiriú an bháid ar thraidisiún déanta bád i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Bád a thug 30 bliain i mbun seirbhíse go hoileáin Árann ina hóstán galánta ar an Life'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá súil agam go ndéanfaí an bád seo a chóiriú. Thaisteal mé féin uirthi – isteach chuig na hoileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe – nuair a bhí mé i mo thachrán.