Tá díomá ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil bac fós roimh úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh in ainneoin go bhfuil aisghairm déanta ar dhlí a chuir cosc ar úsáid na teanga sna cúirteanna ansin.
I mí Feabhra na bliana seo, chuir Rialtas na Breataine deireadh le dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt ó aimsir na bPéindlíthe i leith ach, mar sin féin, dhiúltaigh breitheamh i gcontae Aontroma éisteacht le cás i nGaeilge an tseachtain seo.
Theip ar fhear atá cúisithe as a bheith ag tiomáint róghasta a chur ina luí ar bhreitheamh éisteacht lena chás i nGaeilge, mar gur cheap an breitheamh “nár úsáid mhaith é ar airgead poiblí”.
I gCúirt Dúiche Aontroma, a shuigh sa mBaile Meánach an tseachtain seo, dúradh gur iarr Sean Curran ina chomhfhreagras ríomhphoist go ndéanfaí litreacha ar bith a seoladh chuige a aistriú go Gaeilge, agus go reáchtálfaí an éisteacht chúirte i nGaeilge.
Dúirt an Breitheamh Nigel Broderick, gur dhúirt Curran sa ríomhphost a sheol sé chuig an chúirt go raibh sé ag brath ar Airteagail 9 agus 10 den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh chun tacú lena argóint.
Baineann na hairteagail sin “le húsáid na dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh i seirbhísí riaracháin agus poiblí, an ceart an teanga a úsáid sa chúirt agus go mbeadh aistriúcháin ar fáil”, a dúirt an breitheamh, de réir tuairisce sa Belfast Telegraph.
Agus é ag caint le Curran, dúirt an Breitheamh Broderick, gurb í “an tuiscint” a bhí aige ar an chairt seo ná gur conradh idirnáisiúnta ba ea é agus nach bhfuil sé “tugtha isteach i ndlí na Ríochta Aontaithe nó i ndlí intíre”.
De réir na reachtaíochta, ní raibh “aon cheart ann” go n-éisteofaí an cás in aon teanga eile seachas an Béarla, nuair is féidir “leis an chosantóir Béarla a léamh agus a labhairt”, a dúirt an breitheamh.
Sa chás nach bhfuil an cosantóir ábalta Béarla a léamh nó a labhairt, bíonn dualgas ar an chúirt ateangaire a chur ar fáil, a dúirt sé. Dúirt an Breitheamh Broderick go raibh sé soiléir go dtig le Curran Béarla a léamh agus a labhairt.
I mí Feabhra a rinneadh an dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh a aisghairm, cinneadh a rinneadh mar chuid den acht féiniúlachta agus teanga a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann i mí na Nollag 2022.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gurb í “buntuiscint an phobail sa chás seo go mbeadh cead ag saoránach an Ghaeilge a úsáid sna Cúirteanna agus Acht 1737 anois caite amach”.
Tá polasaí nua maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna fós le forbairt ag an Aire Dlí agus Cirt ó thuaidh, Naomi Long, áfach.
“Mar a thuigeann muid cúrsaí anois, tá dualgas ar an Aire Dlí agus Cirt treoir bhreise a sholáthar a leagann amach úsáid na Gaeilge sa chóras dlí trí chéile. Cé go bhfuil an cosc imithe, níl aon treoir nua a éascaíonn úsáid na Gaeilge curtha ina áit,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.
Bhuail Conradh na Gaeilge leis an Aire Dlí agus Cirt le déanaí agus dúirt siad go ndearna an tAire “iarracht an dualgas sin a chur ar an Phríomh-Bhreitheamh”.
Dúirt Mac Giolla Bhéin gur scríobh siad chuig an Phríomh-Bhreitheamh agus gur chinntigh sé gur “faoin Aire agus faoin Fheidhmeannas atá sé aon soláthar nua don Ghaeilge a leagan amach”.
“Chuige sin, cé gur féidir le haon bhreitheamh éisteacht agus ateangaireacht trí Ghaeilge a cheadú, ní léir dúinn anois go ndéanfaidh siad sin gan treoir ón Aire,” a dúirt sé.
Chuir an Breitheamh Broderick an cás ar athlá go dtí an 8 Meán Fómhair.
Fág freagra ar 'Bac fós roimh úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh agus diúltaithe ag breitheamh cás a éisteacht i nGaeilge'