Babhta a Dó san Eoraip agus deis mhaith ag na Cúigí cur lena stór

Chuir na cúigí tús maith leis na comórtais Eorpacha an tseachtain seo caite agus ráineodh go ndéanfaidh siad an beart arís an deireadh seachtaine seo

Babhta a Dó san Eoraip agus deis mhaith ag na Cúigí cur lena stór

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Seachas toradh Chúige Mumhan, toradh nach raibh ródhona leis an gceart a dhéanamh, ba dheacair tús níos fearr leis na comórtais Eorpacha a shamhlú ná mar a rinne cúigí na tíre seo i mBabhta 1.

D’éirigh le trí chúige buanna cuimsitheacha a fháil ina gcuid cluichí agus bhí an ceann eile ar comhscór. D’imir Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht chomh maith sin gur éirigh leo pointí bónais a fháil.

An mhórcheist anois ná an mbeidh siad in ann na torthaí céanna a thabhairt leo arís i mBabhta 2 de na comórtais Eorpacha an deireadh seachtaine seo?

Feicfidh muid linn.

Beidh na Laighnigh ag taisteal go hAlbain an Satharn beag seo le tabhairt faoi Ghlaschú, foireann a chaill i mBabhta 1 agus iad as baile i gcoinne Exeter Chiefs. Tá fios maith ag Glaschú agus ag a lucht leanta go mbeidh a rás beagnach rite má theipeann orthu arís an deireadh seachtaine seo. Is cinnte mar sin gur mór an spreagadh é sin acu. Mar sin féin níl mise cinnte an leor é, go háirithe má éiríonn le Leo Cullen a chéad rogha imreoirí a chur chun páirce.

Ar an Domhnach, agus iad sa mbaile i Luimneach den chéad uair do chluiche Eorpach an tséasúir seo, a bheas na Muimhnigh ag cur fáilte roimh fhoireann Ronan O’Gara agus an t-iar-All Black Dan Carter, Racing 92. D’éirigh le Racing bua a aimsiú an deireadh seachtaine seo caite, rud a theip ar na Muimhnigh a dhéanamh, cé nach drochthoradh an dá phointe a fuair siad de bhrí go raibh siad ar comhscór le Brive. As baile a bhí Racing agus iad ag cloí na Leicester Tigers ach is scéal eile ar fad imirt i gcoinne na Muimhneach ar fhód naofa Thuamhan. Fágann sin gurb iad fir an bhaile rogha na coitiantachta. Ach níor cheart tionchar O’Gara a chur as an áireamh. Seans nach mbeidh mórán idir na foirne ag a dheireadh, ach bua do na Muimhnigh a déarfainn féin.

As baile sa bhFrainc a bheas na hUltaigh agus iadsan i gcoinne La Rochelle ar an Domhnach. Creid uaim an méid seo, ní bheidh tada éasca ag baint leis an gcluiche seo. Bhí bua cuimsitheach ag La Rochelle agus iad as baile i Londain i gcoinne Harlequins i mBabhta 1. Ní minic a éiríonn le foirne ón bhFrainc imirt chomh maith sin agus iad as baile, go háirithe sa chéad bhabhta den chomórtas. Ní hamháin sin ach is iad atá sa gceathrú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair. Tá mé ag tuar go ndéanfaidh na Francaigh tástáil chrua ar na hUltaigh. Má sheasann fir Bhéal Feirste an fód beidh éacht eile déanta acu agus iad ag imirt sa bhFrainc.

Sa gcomórtas sóisir a bheidh na Connachtaigh agus Worcester rompu, foireann Dhonncha O’Callaghan. Is cinnte go mbeidh an Bóthar Beag lán go béal agus lucht leanta na gConnachtach ag súil go bhfillfidh fir na Gaillimhe ar an tsár-imirt a chonaic muid uathu i mBabhta 1 nuair a d’aimsigh siad cúig úd. Is fiú a mheabhrú go raibh bua maith ag Worcester i mBabhta 1 nuair a bhí siad ag imirt sa mbaile i gcoinne Brive na Fraince. Is léir go mbeidh an bua sin ina spreagadh ag na Sasanaigh, ach is fiú a lua freisin gurbh é an bua sin an deireadh seachtaine seo caite an chéad chluiche a bhuaigh siad in aon chomórtas an séasúr seo. Bua do na Connachtaigh i mo thuairimse má choinníonn siad orthu ag imirt mar a d’imir seachtain ó shin.

Fág freagra ar 'Babhta a Dó san Eoraip agus deis mhaith ag na Cúigí cur lena stór'