Ba shuimiúil an tagairt a rinneadh de BRICS ag Ard-Fheis Shinn Fein

Más fíor go bhfuil Meiriceá agus an tIarthar ag meath, ar cheart ár gcuid uibheacha ar fad a chur i gciseán an iarthair?

Ba shuimiúil an tagairt a rinneadh de BRICS ag Ard-Fheis Shinn Fein

Bíonn muid báite go minic sna ceannlínte nuachta sa gcaoi nach bhfeiceann muid athruithe, b’fhéidir, a mbeidh tábhacht mhór ag baint leo níos déanaí.

Bhuail an smaoineamh seo mé nuair a chaith mé súil siar ar Ard-Fheis Shinn Féin. Cinnte, cúrsaí tithíochta, fadhbanna sláinte, deacrachtaí maireachtála, is iadsan a bhí chun tosaigh ag an Ard-Fheis agus sa bplé a bhain leis ina diaidh.

Ach bhí gné amháin den Ard-Fheis nár tugadh mórán airde uirthi ag an am, ach gné, ceapaim, a mbeidh an-tábhacht léi sa todhchaí. Sin cúrsaí BRICS.

Mar is eol do léitheoirí an cholúin seo, is córas airgeadra idirnáisiúnta é BRICS atá mar rogha ar an dollar i gcaidreamh malartaithe idir eacnamaíochtaí éagsúla.

Is iad an Rúis, an tSín, an India, an Bhrasaíl agus an Afraic Theas a chuir tús leis an bhfiontar, ach anois tá sé thír eile i ndiaidh teacht isteach agus tuilleadh ar an mbealach – b’fhéidir 22 tír bhreise nó níos mó.

Gan dabht is iad na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis a spreag an fás seo, mar bíonn stáit anois faiteach go bhféadfadh na Stáit Aontaithe a gcuid maoine a ghabháil dá dtiocfaidís i gcoimhlint le Meiriceá.

Bhíodh Meiriceá in ann brath ar an airgead a cuireadh i dtaisce leo le caiteachas a dhéanamh ar chogaí thar lear is ar riarachán sa mbaile. Ach mar thoradh air sin tá fiacha os cionn tríocha trilliún dollar ar SAM, is má thosaíonn tíortha eile ag tarraingt a gcuid airgid as taiscí Meiriceánacha beidh SAM i dtrioblóid mhór.

Faoi láthair tá 30% d’olltáirgeadh an domhain ag na BRICS, níos mó ná mar atá ag an G7. Má thagann an 22 tír bhreise isteach beidh GDP na mBRICS 50% níos mó ná GDP an G7.

Is léir go bhfuil an sruth ag rith in aghaidh Mheiriceá agus gan dabht tá impleachtaí móra aige seo don domhan ar fad. Tá tábhacht faoi leith anois leis an tSín is an Rúis don trádáil dhomhanda.

Ní aithneofá sin ó bheith ag léamh na meán Éireannach ach sin mar atá.

Céard a bhí le rá ag Sinn Féin mar sin faoin scéal?

Seo cuid den rún ar glacadh leis in Áth Luain:

“Tugtar dá haire leathnú na comhpháirtíochta ‘An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas (BRICS)’ ó 2024 chun 47.3% den daonra domhanda a chuimsiú…

“Aithnítear go léiríonn leathnú BRICS faoi láthair agus sa todhchaí an teip atá ar institiúidí iltaobhacha atá ann cheana freastal go leordhóthanach ar riachtanais na dtíortha atá ag teacht chun cinn agus na tíortha atá i mbéal forbartha.

“Athdhearbhaítear ár [Sinn Féin] dtacaíocht do dhaonlathú méadaithe an chaidrimh dhomhanda airgeadais, eacnamaíoch, pholaitiúil agus taidhleoireachta, agus comhar iomlán idir an leathsféar thuaidh agus theas.

“Moltar do chomhpháirtíocht BRICS a tionchar méadaitheach a úsáid chun tacú le príomhacht an iltaobhachais, an chomhphlé, agus na cómhaireachtála síochánta chun géarchéimeanna geopholaitiúla a réiteach, agus chun caidreamh idirnáisiúnta a athshocrú ar bhonn cloí láidir agus cur chun feidhme an dlí idirnáisiúnta agus Cairt na Náisiún Aontaithe.”

Ní luann Sinn Féin go bhfuil sé ar intinn acu dul isteach sa mBRICS iad féin, is go deimhin ní fhéadfadh siad sin a dhéanamh an fhaid is a bheadh muid ceangailte leis an euro, ach tá aitheantas ann go bhfuil córas airgeadra an domhain ag athrú.

Cheal díospóireacht chuimsitheach faoin scéal ní féidir a rá an bhfuil mórán de shubstaint ag baint leis, ach tá Sinn Féin ag tacú go láidir leis an iltaobhachas, sé sin le nach mbeidh SAM i gceannas ar gheilleagar an domhain.

Agus más fíor – is tá gach cosúlacht ann gur fíor – go bhfuil Meiriceá agus an tIarthar ag meath, agus an tOirthear agus an Deisceart ag dul i bhfás, tá ceist romhainne: an ceart ár gcuid uibheacha ar fad a chur i gciseán an Iarthair (agus an Aontais Eorpaigh), nó an ciallmhaire dúinn freastal ar an dá thrá is iarracht a dhéanamh a bheith mar dhroichead idir an tIarthar agus an chuid eile den domhan.

Ó thaobh na heacnamaíochta, an chultúir is, mo léan, na teanga dhe, baineann muid leis an Iarthar; ach, ó thaobh na staire is meath an choilíneachais dhe, baineann muid leis an Tríú Domhan, baint atá treisithe le seasamh na tíre i dtaobh na Palaistíne, cé gur cuireadh faoi amhras é sin de bharr iarracht Mhicheál Martin deireadh a chur lenár bpolasaí neodrachta.

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an díospóireacht seo atá ar siúl ar fud an domhain, agus is cóir dúinn a bheith buíoch do Shinn Féin gur chuir siad an scéal ar chlár na hArd-Fheise is gur ghlac siad le rún chomh soiléir pointeáilte sin faoi.

Fág freagra ar 'Ba shuimiúil an tagairt a rinneadh de BRICS ag Ard-Fheis Shinn Fein'

  • Pól Ó Braoin

    Beidh orm an t-alt sin a léamh an athuair leis na himpleachtaí a thuiscint. (Ní mise an duine is sciobtha ar an talamh, muis…). Mar sin féin níor mhaith liom brath an iomarca ar na Státaí áit a bhfuil faitíos ar dhuine dul chuig an dochtúir ní mar gheall ar an tinneas ach mar gheall ar an airgead. Córas ar bith nach gcuireann an bhéim is mó ar leas an phobail ba chóir dúinn a bheith fíorchúramach faoina chur i bhfeidhm inár dtír féin, bíodh airgead nó tosaíochtaí i gceist ann.