Ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal a deir an seanfhocal agus ní raibh a bhrí chomh soiléir riamh agus a bhí tráthnóna Dé Domhnaigh agus Dé Luain seo caite nuair a chonaic muid uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Príomhaire na Breataine ag teacht ar cuairt go dtí Uachtarán na Stát Aontaithe ag a chúrsa gailf príobháideach sa Ríocht Aontaithe le mórcheisteanna eacnamaíochta agus polaitiúla an domhain a phlé.
Chomh fada siar le mí an Mhárta seo caite nuair a cáineadh an Taoiseach as gan a bheith sách glórach le linn a chuairte ar an Teach Bán, is ag éirí níos soiléire atá sé go bhfuil ceannairí stáit ar fud an domhain ag seasamh siar ó Donald Trump lena chinntiú nach gcuirfidh siad aon olc air mar go bhfuil seisean sásta domhan na trádála agus na taidhleoireachta a cur trína chéile. Anuas air sin, ní fios ó lá go lá cén dearcadh a léireodh sé ar ábhar.
Nuair a chuala muid go mbeadh Ursula von der Leyen ag teacht i gcomhair cainteanna chuig an t-aon mhórchumhacht Eorpach atá taobh amuigh den Aontas Eorpach le cainteanna trádála a reáchtáil leis na Stáit Aontaithe, is dóigh gur cheart go dtuigfeadh muid nach aon lá maith a bheadh ann don Eoraip.
In ainneoin í a bheith ar a míle dícheall a rá go mbeadh seasmhacht agus cothromaíocht mar thoradh ar an margadh nua bhí saineolaithe ag fiafraí – cá raibh an easpa cothromaíochta go dtí seo? Margadh réasúnta do na Gearmánaigh atá ann mar tá dleachtanna ar charranna laghdaithe ó 25% go 15% dá bharr agus ó tharla iad a bheith ag cur go mór lena gcuid caiteachais ar chúrsaí cosanta beidh tairbhe le baint acu as na forálacha a bhaineann le trealamh míleata agus airm. Tá an rud céanna fíor faoi bhaill eile den Aontas a bhfuil leas ar leith acu sa tionscail míleata agus cosanta. Thairis sin, is ualach ar bhallstáit eile an Aontais an margadh agus níl amhras ar bith ach go gcothóidh sé teannas eatarthu.
Ní raibh aon mhargadh níos fearr ar fáil, arsa an Coimisinéir Maroš Š efčovič, an fear ar éirigh leis rúndiamhair an Bhreatimeachta a fhuascailt i dteannta Michel Barnier.
Tá sé soiléir ón gcaoi ar iompair na ceannairí ar fad iad féin i ngalfchúrsa Turnberry ag an deireadh seachtaine go bhfuil siad ag coinneáil siar ó Trump agus a chuid bagairtí níos túisce ná a thabharfaidh siad a dhúshlán. Ba gheall le páistí scoile iad Starmer agus von der Leyen ag fanacht le moladh ón máistir agus iad suite lena ais.
Cá bhfágfaidh sin saoránaigh na hEorpa nuair a bheidh postanna á gcailleadh agus praghsanna ag ardú? Deir na polaiteoirí linn gur éirigh leo cogadh trádála a sheachaint, ar a laghad. Nach í an Eoraip an bloc trádála is mó ar domhan? Cén uair a bheidh sí dá chur sin in iúl in athuair d’údaráis na Stát Aontaithe?
Go deimhin dúirt Emmanuel Macron – fear eile a bhíonn an-mhór le Trump aon uair go mbíonn sé ina chomhluadar – nár chuir an tAontas faitíos ar Mheiriceá mar ba chóir a bheith déanta. Nó an bhfuil an domhan ar fad ag faire agus ag fanacht anois go bhfeicfidh siad an gcuirfidh na margaí nó pobal Mheiriceá cor coise i Trump agus a rialtas sula seasann siad ar son a muintire féin?
Fág freagra ar 'Ba gheall le páistí scoile iad Starmer agus von der Leyen ag fanacht le moladh ón máistir'