Comhairleoir ceaptha chun Plean Tithíochta Údarás na Gaeltachta a ullmhú

Tá an comhlacht Tuairisg Consulting, atá lonnaithe ar an gCoill Rua i nGaeltacht Chonamara, roghnaithe chun an plean a sheachadadh

Comhairleoir ceaptha chun Plean Tithíochta Údarás na Gaeltachta a ullmhú

Tá conradh ar fiú breis is €250,000 é bronnta ag Údarás na Gaeltachta ar chomhlacht comhairleoireachta chun plean tithíochta an Údaráis a fhorbairt agus a bhainistiú.

Tá an comhlacht Tuairisg Consulting, atá lonnaithe ar an gCoill Rua i nGaeltacht Chonamara, roghnaithe chun feidhmiú mar bhainisteoir tionscadail ar sheachadadh an phlean.

Straitéis tithíochta inacmhainne is ea plean tithíochta an Údaráis atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta phobal na Gaeltachta. Plean trí bliana, 2025-2028, atá i gceist agus conradh €257,400 atá aontaithe le Tuairisg Consulting.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go raibh an comhairleoir anois ag obair ar roinnt gnéithe atá fógartha cheana féin ag an Údarás chun tacú le soláthar tithíochta sa nGaeltacht. Ina measc, tá athbhreithniú a rinneadh ar phunann maoine na heagraíochta chun suíomhanna oiriúnacha a aithint.

D’fhógair an tÚdarás ag deireadh 2023 go raibh trí shuíomh – sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCearhrú Rua i nGaillimh, agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall – a bheadh feiliúnach do scéimeanna tithíochta inacmhainne ach ní léir go díreach cén dul chun cinn atá déanta idir an dá linn.

Thug an t-urlabhraí le fios go mbeadh an comhairleoir ag obair freisin leis na húdaráis áitiúla agus le heagrais forbartha pobail chun suíomhanna a fhorbairt do thógáil tithe.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inné go raibh deontas €275,000 le cur ar fáil do Chomharchumann Chorca Dhuibhne chun ceithre theach a thógáil a chuirfidh lóistín ar fáil do dhaltaí an choláiste samhraidh.

Mí na Nollig 2023 a d’fhógair Údarás na Gaeltachta go raibh €250,000 ceadaithe chun comhairleoirí a fhostú le tabhairt faoi phlean tithíochta a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Dúradh ag an am go rabhthas ag súil “múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt”.

Thug Údarás na Gaeltachta le fios mí an Mheithimh nach raibh ach €15,000 den €250,000 caite faoin am sin. Léirigh an eagraíocht BÁNÚ díomá ag an am faoina laghad dul chun cinn a bhí déanta.

Tá BÁNÚ i measc na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh go mbeadh baint níos mó ag Údarás na Gaeltachta le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht. Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary go dtabharfar ról níos mó don Údarás i dtaobh na tithíochta de ach níl sé chun glacadh le héileamh Bánú go ndéanfaí Comhlacht Ceadaithe Tithíochta de.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, le coiste Oireachtais le gairid nach dóigh leis gur cheart go mbeadh an tÚdarás ag tógáil ná ag bainistiú tithíochta.

Dá ndéanfaí cinneadh rannóg tithíochta a bhunú san Údarás, mar atá molta ag roinnt daoine, dúirt Ó Síocháin go dtógfadh sé tréimhse fhada an obair sin a dhéanamh sula mbeadh an rannóg sin réidh chun tabhairt faoi thithíocht a thógáil.

Fág freagra ar 'Comhairleoir ceaptha chun Plean Tithíochta Údarás na Gaeltachta a ullmhú'