Ba gheall le dreige sa spéir aistear Phobalscoil Chorca Dhuibhne – nárbh álainn an loinnir a chuir sé uaidh!

Pén áit a bheidh triall Chorn Uí Mhuirí i 2016, ní dóigh lenár gcolúnaí go mbeidh scéal chomh taibhseach, chomh h-aislingeach, le h-insint go deo arís aige…

Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Ní dócha gur chuir sé aon iontas ar aoinne i gCorca Dhuibhne nuair a d’éalaigh an scéala anoir as Páirc na gCrócach i gCill Airne i rith na seachtaine chugainn go raibh buaite ag Coláiste Bhréanainn ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche ceathrú ceannais Chorn Uí Mhuirí.

Tá a fhios ag lucht leanta na caide i gCiarraí go rí-mhaith go bhfuil sé thar a bheith deacair cúig chraobh as a chéile a bhaint amach in aon ghrád peile agus tá a fhios anois againn nach mbeidh san i ndán ach an oiread d’fhoireann na Pobalscoile. Don gcéad uair le cúig bliana, beidh nead stróinséartha le h-aimsiú ag Corn Uí Mhuirí agus pé acu i gCluain Meala, i mBaile an Róistigh, i gCill Airne nó in Inis a bheidh a thriall i 2016,  ní dócha go mbeidh scéal chomh taibhseach, chomh haislingeach le hinsint go deo arís aige.

Bhí sé ceart agus cuí, ar shlí, go gcríochnódh an t-aistear i bPáirc na gCrócach Dé Céadaoin seo caite. B’ansiúd a thosnaigh an cúrsa i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí na bliana 2011 agus b’ann chomh maith a d’imir foirne na Pobalscoile cuid des na cluichí ba chinniúnaí a bhí acu le blianta beaga anuas.

Beidh cuimhne ag scata ar chluiche ceannais na bliana 2011 de bharr díbirt Phádraig Uí Shé sna soicindí tosaigh den gcluiche. Bhíos féin ar an bport thall ag faire ar an gcluiche céanna agus níor chuir an phléasc de ghualainn a thug Mac Uí Shé uaidh aon ní i gcuimhne dhom ach an phléasc a bhuail a athair, Páidí, ar Dhonnchadh Ó hUiginn (trócaire orthu beirt) i gcluiche ceannais sraithe Chiarraí Thiar breis is fiche bliain roimis sin. Bhí gá le h-athfhéacaint ar Youtube (rud atá déanta ag 60,192 duine ar an áireamh is déanaí) chun a thuiscint go raibh calaois i gceist ach ní raibh aon ní fealltach faoin iarracht ó fhear Ard a’ Bhóthair. Ba shampla é den ngiodam, den teaspach agus den mhífhoighne a bhí ar phobal na scoile go léir ag an am. Bhí fuinneamh diamhair laistiar de ghluaiseacht na caide sa scoil agus bhí fonn orthu a rian a fhágaint.

Bhuaigh Coláiste Chríost Rí Chorcaí ar an bPobalscoil an lá Márta úd agus ba léir ag an am go raibh go leor le foghlaim ag buachaillí na Pobalscoile dá mbeadh sé i ndán dóibh coirn a bhreith abhaile leo.

Beagán ar bheagán, áfach, tháinig an fhoighne, an misneach agus an taithí chucu agus faoin dtráth is go rabhthas gafa chomh fada le Páirc a’ Chrócaigh do chluiche ceannais iarbhunscoileanna na hÉireann (Corn Uí Ógáin) in Aibreán na bliana 2014, bhí snas agus bailchríoch shlachtmhar curtha ar a gcuid imeartha acu.

As grásta na foighne agus na tuisceana a d’eascair na míorúiltí. 

Tá scríte cheana féin anseo agamsa ar na toirtíní gleoite earraigh a thug foirne na Pobalscoile dúinn sna blianata 2014 agus 2015 ach de réir mar a imíonn an t-am agus ag féachaint siar anois orthu, tuigtear dom gur míorúiltí caide a bhí iontu.

Míorúilt ab ea é go bhféadfadh scoil bheag tuaithe buíon imreoirí ó pharóistí éagsúla taobh thiar, taobh thoir agus taobh istigh de bhaile an Daingin a tharrac le chéile i gceartlár an lag trá eacnamaíochta is measa a bhuail an dúthaigh le cuimhne na ndaoine.

Míorúilt ab ea cumainn na Gaeltachta agus an Daingin, dhá chumann atá de shíor ag faire ar a  chéile agus in amhras a chéile, a chur ag imirt lena chéile agus níos tábhachtaí, b’fhéidir, ag imirt chéile.

Déarfadh muintir Lios Póil leat gur mhíorúilt ann féin é go bhféadfadh imreoir dá gcuid, Brian Ó Raoil, bheith múnlaithe chomh maith sin ag an bPobalscoil in earrach na bliana 2014 go bhféadfadh sé bheith lárnach sa bhua a bhí ag mionúr Chiarraí don gcéad uair le fiche bliain i bhfómhar na bliana seo caite.

Agus, ar ndóigh, dob é Dia féin a sheol leithéidí Éamonn Mac Muiris, Tomás Ó Grifín, Ciarán Ó Móráin agus a leathbhádóirí chun na scoile.

Leis an ndísciú a bhí déanta ar líon na n-imreoirí le bliain anuas, ba léir don uile dhuine ó thús na scoilbhliana gur míorúilt eile a bheadh ag teastáil chun go gcoimeádfadh an Phobalscoil a ngreim ar chreach na bliana 2015.

Ach ní raibh sé i ndán.

N’fheadar an raibh sé ceart an téarma ‘deireadh ré’ a úsáid i gcomhthéacs imeachtaí na seachtaine seo caite ach is dóigh liom go dtuigeann lucht na caide ar an leithinis cad ‘tá i gceist.

Bhí comhráití ar bun le tamall anuas idir an dá chumann is láidre sa dúthaigh, an Ghaeltacht agus an Daingean féachaint an gcaithfí nó an bhféadfaí cónascadh a dhéanamh ar fhoirne faoi 14 agus faoi 16.

Beartaíodh sa deireadh go mbeadh sé indéanta ar feadh tamaillín eile an fód a sheasamh agus aitheantas sainiúil na gcumann sin a chaomhnú. Tá géillte ag foirne éagsúla Liospóil, Abha an Scáil agus Chaisleáin Uí Ghriaire ag leibhéal faoi aois agus, bunaithe ar líon na ndaltaí sna bunscoileanna, n’fheadar Dia ná duine an fada eile a bheidh ar chumas an Daingin ná na Gaeltachta an taoide a choimeád ó dhoras.

Sin é an taobh go bhfuil oiread de chumha orainn i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo.

Tá ár bPobalscoil deich scoilbhliain ar an bhfód i mbliana. Bhí a thriail féin ag baint leis na pianta fáis agus an scoil ag teacht chun coinlíochta. Tabharfaidh na pianta a bhainfidh leis an gcrapadh a dhúshlán féin do phobal na scoile.

Ach más eiseamláir nó lón bóthair atá uathu, ní gá dóibh ach na súile a iamh agus dul siar ar an ngearradh a bhí i mBrian Ó Beaglaoich agus é ag iarraidh cluiche eile a tharrtháil ón mbás, ar mhaorgacht Mharc Uí Chonchúir agus é ag dul sna frathacha ag triall ar chaid, ar dhiongbháilteacht Tom Uí Shúilleabháin, ar dhánaíocht Bharra Dan, ar uaisleacht Sheáin Uí Ghairbhí nó ar an iliomad tréith a bhain le gach imreoir eile a chaith geansaí bán is dearg na Pobalscoile le cúig bliana anuas.

Ba gheall le dreige ag tabhairt cúrsa na spéire a n-aistear.

Agus nárbh álainn an loinnir a chuir sé uaidh!

Fág freagra ar 'Ba gheall le dreige sa spéir aistear Phobalscoil Chorca Dhuibhne – nárbh álainn an loinnir a chuir sé uaidh!'