Ba chóir deis a bheith ag gach saoránach Seanadóirí a thoghadh

Ceileann córas vótála an tSeanaid ceart vótála ar an gcuid is mó de vótálaithe an stáit d’ainneoin reifrinn is moltaí

Ba chóir deis a bheith ag gach saoránach Seanadóirí a thoghadh

Toghadh Seanadóir nua Déardaoin. Is fear uasal éirimiúil é Tom Clonan. Déanaimis comhghairdeas mar sin leis, gan dearmad a dhéanamh gur toghadh é faoi chóras a cheileann ceart vótála ar an gcuid is mó de vótálaithe an stáit.

Ní bhíonn fonn ar rialtas ar bith riamh córas áiféiseach vótála an tSeanaid a chosaint, cé nach léiríonn siad riamh toil athchóirithe. Tá neamhaird iomlán déanta go dtí seo ag rialtais éagsúla de 14 tuairisc (a chuir coistí a bhunaigh siad féin faoina mbráid) ar struchtúr agus ar thoghadh an tí uachtaraigh.

Fágaimis i leataobh na moltaí a bhain le struchtúr agus le cumhacht reachtúil an tSeanaid. D’fhéadfaí leabhar a scríobh faoina leithéid (nach léifeadh mórán). Is tábhachtaí an t-atheagar a theastaíonn ar an gcóras vótála, toisc gur léir a éagothroime.

Toghann Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairleoirí contae 43 comhalta den Seanad, ina bhfuil seasca san iomlán. Ainmníonn an Taoiseach 11 Seanadóir. Toghann céimithe Choláiste na Tríonóide triúr, agus toghann céimithe Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Choláiste na hOllscoile Corcaigh triúr eile.

Áiféis a hAon: Reáchtáladh reifreann i 1979 ar leasú ar an mbunreacht a cheadódh vótaí do chéimithe ó choláistí eile. Vótáil 92 faoin gcéad ina fhabhar. Ní dhearna rialtas a bith rud ar bith ó shin a chuirfeadh toil an phobail, a léirigh an reifreann sin go soiléir, i bhfeidhm.

Fágann sin go bhfuil vóta agus ionadaíocht san Oireachtas ag céimithe ó cheithre ollscoil a cheiltear ar chéimithe ó gach ollscoil agus coláiste tríú leibhéal eile.

Áiféis a Dó: Reáchtáladh reifreann in 2013 ar leasú faoina gcuirfí deireadh leis an Seanad. Vótáil 51.7 faoin gcéad ina aghaidh. Nuair a fógraíodh an toradh, gheall an Taoiseach Enda Kenny go mbunófaí coiste gan mhoill a bhreithneodh athchóiriú ar gach gné den teach uachtarach.

Bunaíodh an coiste an bhliain dár gcionn. Moladh athruithe éagsúla sa tuairisc a chuir an coiste chuig an rialtas in 2015. Níl athrú dá laghad a mhol siad curtha i bhfeidhm fós.

Áiféis a Trí: Mhol an coiste, a raibh an Seanadóir Maurice Manning, nach maireann, ina chathaoirleach air, athrú simplí ar an gcóras toghcháin. Dá dtabharfaí ceart do gach saoránach a leath de chomhaltaí an tSeanaid (30) a thoghadh, a dúirt siad, ní bheadh leasú ar an mbunreacht ná reifreann riachtanach. Ainneoin a shimplíochta, níor cuireadh an t-athrú seo i bhfeidhm fós.

Ainneoin an amhrais a chuirfeadh gach áiféis thuas ar dhuine réasúnta ar bith, ní féidir cinneadh a chuirfeadh mion-athrú suntasach chun cinn a chur as an áireamh go hiomlán. I ngiolc a scríobh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris Dé hAoine, dúirt sé nár chóir Seanadóirí a thoghadh arís gan an t-athchóiriú ar vótáladh ina fhabhar i 1979 a bheith curtha i bhfeidhm.

Níor thagair an tAire in aon chor don áiféis dhaonlathach is mó – nach bhfuil ceart ag ár bhformhór 43 seanadóir a thoghadh agus go bhfágtar an rogha faoi thart ar mhíle Teachtaí Dála, seanadóirí agus comhairleoirí contae.

Sin ráite, cé nach athrú mór a mhol Simon Harris, léireodh sé meas ar a laghad ar thoradh an reifrinn inar vótáladh 43 bliain ó shin.

Níl cinnteacht ar bith ann go gcuirfear a thuairim i bhfeidhm, ach tá céim chun cinn fógartha aige ar bhonn pearsanta. Ní beag san.

Admháil Phearsanta: Mar chéimí ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, tá sé de cheart ag scríbhneoir an cholúin seo vótáil i dtoghcháin an tSeanaid.

Fág freagra ar 'Ba chóir deis a bheith ag gach saoránach Seanadóirí a thoghadh'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Is dealg sa bheo ag an rialtas seanadóirí éifeachtacha. Caolseans go bhfuil fonn ar rialtas ar bith an Seanad a dhéanamh níos éifeachtaí. Sin an toisc nach bhfuil toil an phobail curtha i gcrích.
    (Céimí COBÁC mé féin)

  • Seán Mac Bhriain

    Seanadóir amháin ag gach contae agus na toghcháin ag an am céanna leis an olltoghchán.

  • AN Teanga Bheo

    Tá cead votáil agat sa Stát a tóigeadh thú ar ndóigh níl vóta ag gach duine inniu! sa tír Éire ?