Athruithe móra i ndán don pheil má ghlactar le rialacha nua atá molta ag coiste Chumann Lúthchleas Gael

Tá moltaí curtha chun cinn ag Buanchoiste Rialacha Imeartha CLG maidir le cúig ghné den imirt sa pheil Ghaelach - an pas láimhe, an cic taobhlíne, an marc, an loca pionóis agus an cic amach.

Athruithe móra i ndán don pheil má ghlactar le rialacha nua atá molta ag coiste Chumann Lúthchleas Gael

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

D’fhéadfadh athrú mór a theacht ar an bpeil Ghaelach an bhliain seo chugainn má ghlactar le rialacha nua atá molta ag Buanchoiste Rialacha Imeartha Chumann Lúthchleas Gael.

Tá moltaí curtha chun cinn ag an mBuanchoiste maidir le cúig ghné den imirt, an pas láimhe, an cic taobhlíne, an marc, an loca pionóis agus an cic amach.

Má ghlacann Coiste Bainistíochta CLG leis na moltaí, beidh na rialacha nua i bhfeidhm ar bhonn trialach sa tSraith Náisiúnta in 2019. Má éiríonn go maith leo ansin, cuirfear i bhfeidhm do chraobhacha na bliana 2020 iad.

Ceann de na gearáin is mó a bhíonn ag daoine faoin bpeil Ghaelach i láthair na huaire ná an ró-úsáid a bhaintear as an bpas láimhe. Molann an Buanchoiste srian a chur ar líon na bpasanna láimhe sa pheil agus riail a thabhairt isteach nach gceadódh d’fhoireann ach trí phas láimhe as a chéile a thabhairt sula gcaithfidís an liathróid a chiceáil.

Tá moladh déanta ag an mBuanchoiste cur le húsáid an mhairc chomh maith. Faoi láthair, ní féidir marc a bhuachan ach amháin ó chiceanna amach.

Molann an Buanchoiste, áfach, sa gcás go mbuailfí pas coise taobh amuigh den líne 45m isteach i dtreo an chúil, go mbronnfaí marc ar aon imreoir ar an líne 20m nó taobh istigh di, a bhéarfadh ar an bpeil.

Más tosach a aimsíonn an pheil, beidh cead aige iarracht a thabhairt ar na postaí ón líne 20m agus más ar chosantóir a bhronntar an marc, beidh cead aige cic saor a thógáil ón áit ar rug sé ar an liathróid.

Molann an Buanchoiste triail a bhaint as an loca pionóis chomh maith. Bheadh ar aon imreoir a dtaispeántar cárta dubh nó dhá chárta buí dó an pháirc a fhágáil ar feadh deich nóiméad agus ní bheadh cead ag ionadaí teacht isteach ina áit.

Tá cúpla moladh ann maidir leis an gcic amach chomh maith. I gceann acu moltar nach mbeadh cead ach ag beirt ón dá fhoireann a bheith ina seasamh idir an dá líne 45m nuair a bhuailtear cic amach. Moltar chomh maith go mbeadh ar an liathróid dul níos faide amach ná an líne 45m sula mbeadh cead ag imreoir ón bhfoireann a thóg an cic amach lámh a leagan ar an liathróid.

Tá moladh ann go gcaithfear ciceanna taobhlíne a bhualadh chun cinn, chomh fada is nach bhfuil an cic á thógáil ar líne 13m an fhreasúra, nó taobh istigh di.

Moltar chomh maith nach mbeadh cead ag foireann ach cúigear fear ionaid a thabhairt isteach i gcluiche, seachas nuair a bhíonn am breise i gceist.

Beidh an Buanchoiste ag plé na moltaí seo le himreoirí, cóitseálaithe, réiteoirí agus oifigigh an mhí seo sula rachaidh siad faoi bhráid an Choiste Bainistíochta níos deireanaí sa bhliain.

Fág freagra ar 'Athruithe móra i ndán don pheil má ghlactar le rialacha nua atá molta ag coiste Chumann Lúthchleas Gael'

  • Pádraig Ó Loirgneáin

    Tá mí Meán Fomhar an-fhada gan aon cluiche ceannais í bpeil nó iománacht. Geimhreadh taghta go luath.