Athruithe móra ach an tsean-ealaín chéanna ag cleas Stormont

Buille síceolaíoch d’aontachtaithe é poblachtánach náisiúnach a bheith ar thús cadhnaíochta sa ‘stát oráisteach’

Athruithe móra ach an tsean-ealaín chéanna ag cleas Stormont

Athraíodh cóimheá na cumhachta i dTuaisceart Éireann in 2022, cor a raibh tábhacht shiombalach as cuimse leis. De bharr bhaghcat an DUP ar Stormont níor cuireadh an t-athrú i bhfeidhm. Ní raibh Feidhmeannas in Stormont ó mhí Feabhra nuair a d’aistarraing an DUP an chéad-aire mar agóid in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus ní raibh Tionól ann ó Bhealtaine nuair a leathnaigh an DUP an baghcat i ndiaidh an toghcháin inar baineadh croitheadh astu.

Fuair aontachtaithe ísliú céime in Stormont den chéad uair i stair Thuaisceart Éireann. Cor stairiúil ab ea caithréim Shinn Féin i dtoghchán na Bealtaine, Michelle O’Neill i dteideal na chéad-aireachta sa bhFeidhmeannas, chun tosaigh ar an DUP, 27 suíochán ag Sinn Féin, 25 ag an DUP.

Buille síceolaíoch d’aontachtaithe é poblachtánach náisiúnach a bheith ar thús cadhnaíochta sa ‘stát oráisteach’ a dearadh chun móramh aontachtach a bhuanú.

Mhaígh Sinn Féin nárbh é an prótacal ba chúis le baghcat an DUP ach doicheall roimh an ról mar leaschéad-aire i gcuideachta Michelle O’Neill mar chéad-aire. Shéan an DUP é sin agus mhaígh go raibh leatrom á dhéanamh ag an móramh (SF, SDLP agus Alliance) ar aontachtaithe i dtaca leis an bprótacal a sháraigh a nasc bunreachtúil leis an Ríocht Aontaithe, dar leo.

D’ainneoin feall a bheith déanta ag Boris Johnson orthu cheana, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP ag súil ag tús na bliana go bhfuasclódh rialtas Johnson gad an phrótacail. D’uireasa gnímh tharraing sé Paul Givan as an gcéad-aireacht in Stormont i mí Feabhra ag tús an fheachtais do thoghchán an Tionóil. Faoin am sin bhí Donaldson bogtha ar dheis, é páirteach le Jim Allister TUV, an gníomhaí dílseach Jamie Bryson agus an tOrd Oráisteach ag léirsithe in aghaidh an phrótacail.

I ndiaidh an ruaille buaille i measc na gCaomhach faoi Johnson agus Liz Truss bhí an DUP ag faire ar Rishi Sunak, an tríú Príomh-Aire Caomhach le leathbhliain. Tá siad ag dúil le tarrtháil ach imníoch go ndéanfaidh an Bhreatain margadh leis an mBruiséil nach bhfeilfidh dóibhsean leis.

Sé Chris Heaton-Harris an tríú Státrúnaí i dTuaisceart Éireann le leathbhliain, iarchathaoirleach ar an ERG, an brúghrúpa sa pháirtí Caomhach a raibh an DUP ag obair i gcomhar leo chun Breatimeacht crua a bhaint amach. Bhí súil ag an DUP gur chara sa chúirt a bheadh ann ach bhí a mhífhoighid lena mbaghcat follasach le tamall.

Le linn anró an DUP dhaingnigh Sinn Féin a neart, is cosúil. D’iompair Michelle O’Neill í féin mar státaire, á chur in iúl go ngníomhódh sí thar ceann gach duine mar chéad-aire. D’fhreastail sí ar shochraid na Banríona Eilís agus ar fháiltiú roimh an rí nua Séarlas a Trí. Ar an lámh eile tharraing sí conspóid nuair a mhaígh sí go raibh foréigean an IRA dosheachanta, nach raibh an dara rogha ag daoine. Ráiteas náireach, níor roghnaigh an móramh an lámh láidir agus níor thacaigh siad léi. Ní bhfuair Sinn Féin tacaíocht ó mhóramh náisiúnach go dtí gur éirigh an tIRA Sealadach as an bhforéigean.

Rith grúpa ‘todhchaí na hÉireann’ sraith cruinnithe thuaidh agus theas chun ceisteanna a bhainfeadh le reifreann faoin teorainn a phlé, an díospóireacht treisithe i bhfianaise an Bhreatimeachta. Deirtí go gcuideodh athruithe déimeagrafacha le hathaontú na hÉireann ach seans nárbh fhíor sin. Cé go raibh an pobal de bhunadh Caitliceach níos líonmhaire ná daoine ó chúlra Protastúnach den chéad uair, 45.7% i gcomparáid le 43.5% as daonra 1,903,100, thug pobalbhreitheanna le fios nach raibh an tacaíocht i ngaobhar móraimh.

Rith Heaton-Harris reachtaíocht in Westminster a thug an chumhacht do státseirbhísigh chun gnóthaí Thuaisceart Éireann a bhainistiú ó thit Stormont ag deireadh Dheireadh Fómhair nuair a tháinig téarma na n-airí eatramhacha chun críche. Cé go raibh toghchán á bhagairt aige le seachtainí chuir sé ar méar fhada é, agus ó tá riail dhíreach á seachaint ag Westminster thit an crann ar an státseirbhís.

Tá a gcumhacht teoranta ach ritheadh buiséad ionas gur féidir leis na ranna éagsúla gnáth-obair a chur i gcrích. Ní fhuasclóidh sé sin laige na seirbhíse sláinte.

Bhí deireadh le srianta Covid-19 i mí Feabhra ach bhí éileamh níos mó ar sheirbhísí an geimhreadh seo ná mar a bhí le linn na paindéime. Tá brú ar gach gné den chóras, oibrithe ar stailc faoi phá agus sábháilteacht; tá ganntanas foirne ann, an t-éileamh méadaithe agus easpa pleanáil fhadtéarmach cheal cinnteacht faoin bhuiséad.

Sé an seanscéal céanna é i ngeall ar an bhfolús in Stormont. Níl tada déanta faoin athchóiriú ar an gcóras atá riachtanach.

Cuireadh an locht ar an bhfolús freisin nuair nach bhfuair muintir an Tuaiscirt an chabhair £600 a gheall rialtas na Breataine chun a dhul i ngleic leis an méadú ar chostas breosla i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an ráta boilscithe 11%. Tiocfaidh an t-airgead deirtear; am éigin.

Tar éis an liodán drochnuachta sin is mithid tagairt do scéal dearfach na bliana do Ghaeilgeoirí. Shínigh an Rí Séarlas an Bille Féiniúlachta agus Teanga, Tuaisceart Éireann le gairid.

Ritheadh an reachtaíocht in Westminster toisc nach nglacfadh aontachtaithe léi in Stormont.

Ní Acht Gaeilge as féin é ach tugann sé aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, cuireann sé ar neamhní an bac ar an teanga sna cúirteanna agus ceapfar Coimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais.

Níl an breac ar an bport go fóill ach tá sé ar an duán.

Fág freagra ar 'Athruithe móra ach an tsean-ealaín chéanna ag cleas Stormont'

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Arís eile
    agus an phort céanna ó na beanna (Na Túir Pholaitúla Sreangacha)
    i gCarcair Phort Laoise

    Bliain úr mhaith daoibh uilig
    agus Athaontú na Tíre faoi shéan is faoi mhaise daoibh

    Ag dul i dtreo Éire Aontaithe a bheas muid agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach, ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bhuel, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na hAontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós ( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************