Athruithe bunúsacha ar Scéim na gCúntóirí Teanga molta i dtuarascáil nua

Moltar i dtuarascáil nua go bhfógrófaí nach gcuirfear maoiniú ar fáil feasta do chúntóir teanga in aon scoil a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Athruithe bunúsacha ar Scéim na gCúntóirí Teanga molta i dtuarascáil nua

Moltar athruithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar Scéim na gCúntóirí Teanga i dtuarascáil nua a rinneadh do Roinn na Gaeltachta.

Moltar chomh maith san athbhreithniú a rinne Sealbhú, ionad taighde don oideachas Gaeilge i DCU, go bhfógrófaí nach gcuirfear maoiniú ar fáil feasta do chúntóir teanga in aon scoil a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana tá roinnt scoileanna ag baint leas as scéim na gcúntóirí teanga Gaeltachta i gcónaí in ainneoin nach spéis leo aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Ar na hathruithe eile a mholtar i dtuarascáil Sealbhú, moltar go mbeadh tréimhse níos faide sna scoileanna ag na cúntóirí teanga agus go n-íocfaí pá níos fearr leo.

Deirtear go bhfuil cuid mhór éiginnteachta ag baint leis an scéim a bunaíodh chun cabhrú le daltaí scoile feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach ar tháinig athrú uirthi in 2012 nuair a tosaíodh ag díriú chomh maith ar Ghaeilge chainteoirí dúchais a shaibhriú.

Deirtear sa tuarascáil, Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga, go raibh “tuairim láidir ann” go gcabhródh “cuspóirí níos soiléire agus treoir níos cinnte” le scoileanna an Scéim a chur i bhfeidhm. Chabhródh creat siollabais agus spriocanna dul chun cinn “le feidhmiú éifeachtach na Scéime”, a deirtear.

Maítear sa tuarascáil go gcruthaíonn “an éiginnteacht maidir le leanúnachas na scéime ó bhliain go bliain go leor deacrachtaí”.

“Bíonn sé deacair iarrthóirí cuí a mhealladh chun na hoibre agus bíonn sé deacair cúntóirí maithe a mhealladh chun fanacht sa ról de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis an bpost.

“Ina theannta sin, cuireann an éiginnteacht bac ar na scoileanna agus ar na heagrais riartha pleanáil fhadtéarmach nó mheántéarmach a dhéanamh,” a deir údair an taighde.

Chun dul i ngleic leis an éiginnteacht sin moltar go gcuirfí an scéim ar bun ar bhonn “timthriallach trí bliana ar a laghad”.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil gurbh fhearr é a fhágáil faoi na scoileanna féin uaireanta na gcúntóirí a dháileadh de réir riachtanas na ndaltaí atá acu agus caighdeán na Gaeilge acu.

Dúirt beagnach leath de na príomhoidí a ghlac páirt sa taighde go raibh siad ag feidhmiú i scoileanna i gceantair laga Ghaeltachta agus deir gur beag cainteoir dúchais a bheadh ag freastal ar na scoileanna seo.

Cé gur thug 95% de chúntóirí teanga le fios go dtuigeann siad féin an ról atá acu, léiríodh éiginnteacht chomh maith faoi cé a dhéanann cinneadh maidir le dáileadh uaireanta an chúntóra sna scoileanna agus “cén réasúnaíocht a mbaintear leas aisti agus an dáileadh ar bun”.

Moltar go mbeadh na cúntóirí sna scoileanna ó thús na scoilbhliana agus gur tréimhse 32 seachtain a bheadh acu seachas 26 seachtain.

Bhíodh na cúntóirí ar ráta €23 in aghaidh na huaire ach laghdaíodh a bpá go dtí €21.12 le linn na géarchéime eacnamaíochta in 2011. Moltar sa tuarascáil ráta na gcúntóirí a ardú go dtí €23 in aghaidh na huaire agus go n-ardófaí é de réir mar a thagann arduithe pá sa tseirbhís phoiblí trí chéile.

Deirtear gur “léir” nach bhféadfaí an scéim a chur i gcrích murach “taithí agus saineolas” Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, an dá eagras atá i mbun riaradh na scéime.

Caithfear, a deirtear, ról an chúntóra teanga a bheachtú i scríbhinn ar mhaithe leis an scéim a chur in oiriúint don phleanáil teanga agus don pholasaí oideachais don Ghaeltacht.

Coiste Comhairleach nua a dhéanfadh an obair sin agus a bhreathnódh i ndiaidh na scéime agus na hathruithe is gá a dhéanamh uirthi.

Deirtear go bhfuil “obair an-tábhachtach” á déanamh ag na cúntóirí agus gur léir an saibhreas Gaeilge atá acu agus “an tiomantas atá acu do chur chun cinn na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta”.

Moltar an Coiste Comhairleach a bhunú le cinntiú go bhfuil an scéim “ag freastal mar is ceart ar riachtanais na ndaltaí”.

Deirtear go bhfuil “an-mheas” ag na scoileanna ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus go bhfeictear dóibh go bhfuil an-fhiúntas ag baint léi.

“D’fhéadfaí a léamh ar chuid de na moltaí atá déanta againn thuas go bhfuil níos mó cúraimí le leagadh ar na scoileanna i bhfeidhmiú na Scéime. Tháinig sé chun solais sa taighde go raibh bearnaí áirithe ann maidir le dearbhú caighdeán oideachais na Scéime. Is sna scoileanna agus sa Roinn Oideachais atá an saineolas cuí lonnaithe chuige sin.

“Cuideoidh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus na huaireanta tacaíochta teanga go mór leis an bpróiseas seo. Theastódh acmhainní airgid breise le cuid de na moltaí a chur i bhfeidhm ach is dóigh linn go rachadh sé go mór chun sochair na hoibre cur le tréimhse oibre na gcúntóirí agus bonn níos fearr a chur faoina gcuid oiliúna,” a deirtear in Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga.

Fág freagra ar 'Athruithe bunúsacha ar Scéim na gCúntóirí Teanga molta i dtuarascáil nua'