Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin ar ‘theip iomlán’ an rialtais i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Agus súil ann an tseachtain seo go bhfógróidh an Taoiseach Simon Harris dáta an olltoghcháin, deir Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais agus Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur theip glan ar pháirtithe an rialtais dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
Dúirt sé gur in olcas atá cás na Gaeilge agus na Gaeltachta imithe i ndiaidh ceithre bliana don rialtas seo a bheith i gcumhacht.
“Agus deireadh ag teacht le ré Fine Gael, Fianna Fáil agus na Glasaigh a bheith i gcumhacht le chéile, is léir do chách go bhfuil teipthe go hiomlán orthu gníomhú de réir a mbriathra.
“Bhí seans ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus theip orthu. Tá athrú de dhíth chun a chinntiú go mbeidh cás na nGael ar bhóthar a leasa,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Snodaigh nach gá ach féachaint ar an mhéid a gealladh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an méid a baineadh amach le léargas a fháil ar a laghad a bhain an rialtas amach le breis agus ceithre bliana i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Gheall siad treoirlínte pleanála a fhoilsiú don tithíocht Ghaeltachta. Níor foilsíodh.
“Gheall siad an Bille a achtú do thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Níor achtaíodh.
“Gheall siad Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais do theaghlaigh Ghaeltachta. Níor thug.”
Dúirt Ó Snodaigh nár chóir go mbeadh cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht nach féidir leo teach a thógáil ná ceann a fháil ar cíos agus mhaígh sé go bhféadfadh polasaí tithíochta Shinn Féin don Ghaeltacht na deacrachtaí sin a leigheas.
Dúirt sé go léiríonn an titim atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge nach bhfuil ag éirí le cur chuige an rialtais i leith na teanga.
“Gheall siad Gaelscoil agus Gaelcholáiste a sholáthar áit a bhfuil éileamh. Ní dhearna.
“Gheall siad dúbailt ar líon na ndaltaí i scoileanna lánGhaeilge. Thit an líon sin ó 7% go dtí 6%.
“Tá Aire Oideachais Fhianna Fáil freagrach as pléascadh sna díolúintí agus gan ach dalta amháin as gach ceathrar ag tabhairt faoin nGaeilge in Ardteist na bliana seo. Tá scoileanna lán-Ghaeilge ag titim as a chéile i bhfoirgnimh mhíchuí agus gan dóthain múinteoirí acu.”
Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil polasaí cuimsitheach don oideachas Lán-Ghaeilge ag gach leibhéal de dhíth agus go bhfuil cearta teanga á gceilt ar phobal na Gaeilge mar gheall ar na bearnaí atá fós gan líonadh i dtaobh na reachtaíochta de.
“Gheall siad forálacha uilig Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm ina n-iomlán. Níl siad i bhfeidhm, agus fós níl ainm Gaelach an duine le síneadh fada aitheanta agus cosanta mar a lorg an Dáil.”
Cháin Ó Snodaigh na “pinginí rua” a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge i mbuiséad 2025.
Tá ráite ag Sinn Féin cheana gur gcuirfidís €63 milliúin ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2025, seacht n-uaire níos mó ná Buiséad an rialtas reatha dá mbeidís i gcumhacht.
“Bhí seans ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus theip orthu. Tá athrú de dhíth chun a chinntiú go mbeidh cás na nGael ar bhóthar a leasa.”
Ligthe síos acu
Athrú bainisteora de dhíth freisin ar suíomh idirlíon Shinn Féin atá ar fíor-bheagán Gaeilge.
https://vote.sinnfein.ie/
Siún
“TÁ ATHRÚ DE DHÍTH CHUN A CHINNTIÚ GO MBEIDH CÁS NA NGAEL AR BHÓTHAR A LEASA.” arsa Aonghus Ó Snodaigh.
Tá go maith, ba chóir dó tosú le suíomh gréasáin náireach Shinn Féin – cúpla alt beag fánach i nGaolainn ann agus iad ar fad beagnach dofheicthe.
Mar dhuine óg a vótáil do Sinn Féin go dtí seo cuireann sé díomá agus lagmhisneach orm go bhfuil i bhfad níos mó Gaolainne ar suíomh gréasáin Fhianna Fail.
https://www.fiannafail.ie/our-party-gaeilge