Athrú poirt faoi Pharáid South Boston – cead a gcos anois ag grúpa aerach Lá Fhéile Pádraig

Bhí Méara na cathrach, Marty Walsh, arbh imircigh as Conamara a athair agus a mháthair, ina measc siúd a cháin an cinneadh an grúpa aerach a choinneáil as an bParáid

Athrú poirt faoi Pharáid South Boston – cead a gcos anois ag grúpa aerach Lá Fhéile Pádraig

Tá an raic a bhain le Paráid na Féile Pádraig i South Boston – ceann de cheantair mhóra na nGael i Meiriceá – ciúnaithe agus cead tugtha anois do chumann daoine aeracha a thug seirbhís mhíleata sna Stáit Aontaithe máirseáil mar ghrúpa ann.

Tharraing cinneadh an lucht eagraithe, an South Boston Allied Veterans Council, an grúpa aerach a choinneáil as an bParáid aighneas agus conspóid.  Bhí Méara na cathrach, Marty Walsh, arbh imircigh as Conamara a athair agus a mháthair, ina measc siúd a cháin an cinneadh.

“Níl aon ghlacadh agam le leatrom ná deighilt idir ciníocha ná aicmí ar bith i mBoston,” a deir an Méara. 

Bhí polaiteoirí eile ar aon intinn leis.

D’fhógair Gobharnóir Stát Massachusetts, Charlie Baker, nach dtaobhódh sé féin an áit ach an oiread má sheasann lucht eagraithe na paráide leis an gcinneadh atá déanta acu. Bhí an port céanna ag go leor ionadaithe poiblí eile, de shliocht na hÉireann go leor díobh.

Ba é an rud ab iontaí faoi chinneadh an choiste ná go raibh siad ag dul siar ar shocrú a rinneadh dhá  bhliain ó shin nuair a ceadaíodh an grúpa aerach.  Níor tharraing sin trioblóid ar bith ag an am. 

D’fhógair Gobharnóir Stáit Massachusetts, Charlie Baker, nach dtaobhóidh sé féin an áit ach an oiread dá seanfadh lucht eagraithe na Paráide leis an gcinneadh a thógadar.  Bhí an dearca céanna é ag go leor eile ionadaithe poiblí, go leor acu siúd ar de shliocht na hÉireann iad.  Ba é an rud ab iontaigh faoi i mbliana, ná go rabhthas ag dul siar ar shocrú a rinneadh dhá  bhliain ó shin nuair a ceadaíodh an grúpa aereach.  Níor tharraing sin trioblóid ar bith. 

An South Boston Allied Veterans Council, cumann iarshaighdiúirí, a eagraíonn Paráid na Féile Pádraig i South Boston.  70 bliain ó shin a thug an Méara, James Michael Curley, an ceadúnas sin dóibh agus ba í  Comhairle Cathrach Bhostúin ag bhíodh ar eagrú na hócáide go dtí sin.  Mar a tharlaíonn sé, titeann Lá Fhéile Pádraig agus Lá an Aslonnaithe nó ‘Evacuation Day’ ar an dáta céanna, cothrom an lae ar theith na Sasanaigh as Boston i 1776.  Socraíodh i 1976 – 200 bliain tar éis do na Sasanaigh teitheadh –  go mbeadh baint éigin ag an gceiliúradh sin le Paráid na Féile Pádraig.  Ach, ó thús deireadh, is leis na hÉireannaigh an pharáid agus ceiliúradh Naomh Pádraig i mBoston.

Rinne Grúpa Bhostúin na nGael-Mheiriceánach Aerach, Leispiach, agus Déghnéasach (Irish American Gay, Lesbian and Bisexual Group of Boston) iarratas go ligfí isteach sa bParáid i South Boston iadsan i 1992.  Diúltaíodh don iarratas sin.  Thug lucht stiúrtha na Paráide i South Boston an cás go dtí Cúirt Uachtarach na Stát Aonaithe i 1990 agus rialaíodh go raibh sé de cheart ag an South Boston Allied War Veterans cead a thabhairt do dhreamanna ar bith nó iad a dhiúltú.

Seachtain ón Domhnach seo, an 20 Marta, a bheidh an Pharáid i South Boston.  Tá sé ar cheann de pharáidí móra na Féile Pádraig i Meiriceá i gcónaí agus áirítear go mbíonn idir 600,000 agus milliún duine i láthair agus é á thaispeáint beo ar an teilifís chomh maith.  Tá stair chorraitheach, chlúiteach ag an ócáid.

Rinne an Irish American Gay, Lesbian and Bisexual Group of Boston iarratas go ligfí isteach sa bParáid i South Boston iadsan i 1992.  Diúltaíodh don iarratas sin.  Thug lucht stiúrtha na Paráide i South Boston an cás go dtí Cúirt Uachtarach na Stáit Aonaithe i 1990 agus ríalaíodh go raibh sé de cheart ag an South Boston Allied War Veterans cead a thabhairt no a dhiúltiú do dhreamanna ar leith.

Seachtain ón Domhnach seo – an 20ú Marta – a bheidh an Pharáid i South Boston.  Tá sé ar cheann de Pharáideanna mhóra Lá’l Pádraig i Meiricea i gcónaí agus áirítear go mbíonn idir 600,00 agus milliún duine ag breathnú air – sin agus é dá speáint beo freisin ar an teilifís.   Tá stair fhada, chorraitheach agus chliúiteach ag an ócáid.

Mháirseáil John Fitzgerald Kennedy agus Jacqueline Kennedy sa pharáid i 1958 agus is iomaí Cinnéideach cumhachtach eile a d’fhág lorg a gcos ar shráideanna Gaelacha South Boston Lá Fhéile Pádraig, an Seanadóir Ted Kennedy agus an tArd-Aighne, Robert Kennedy ina measc.

Bhí sé i gceist ag an t-aon duine amháin de shliocht na gCinnéideach as Massachusetts atá sa bpolaitíocht náisiúnta i Meiriceá faoi láthair an pharáid a sheacaint i mbliana mar agóid in aghaidh an droim láimhe a thug  an lucht eagair le daoine aeracha.  “Beidh mé ag fanacht as,” a dúirt Joe Kennedy III, ach chuile sheans anois go mbeidh sé gar do cheann na paráide san áit ar mháirseáil a shinsir san aimsir a caitheadh.

Beidh muintir Chonamara bródúil freisin go mbeidh Méara na Cathrach – agus duine acu féin – Marty Walsh páirteach agus feiceálach san ócáid mhór seo, rud nach mbeadh amhlaidh dá seasfadh na South Boston Allied War Veterans leis an gcéad shocrú a rinneadar gan chead a thabhairt don ghrúpa OutVets páirt a ghlacadh sa pharáid.

Fág freagra ar 'Athrú poirt faoi Pharáid South Boston – cead a gcos anois ag grúpa aerach Lá Fhéile Pádraig'