Athrú poirt ag Sinn Féin agus an DUP ach ní hionann a bport

An é teacht an olltoghcháin faoi ndear iompar aisteach Shinn Féin ar Chomhairle Bhéal Feirste agus cinneadh an DUP tacú le moladh a chuirfeadh ‘teorainn i Muir Éireann’?

Athrú poirt ag Sinn Féin agus an DUP ach ní hionann a bport

Halla na Cathrach i mBéal Feirste

Spreagann breithiúnas a chrochta fear chun a aird a dhíriú ar cheist, más fíor do Samuel Johnson. Ní foláir nó go mbíonn an tionchar céanna ag toghcháin ar pholaiteoirí.

An é teacht an olltoghcháin faoi ndear iompar aisteach Shinn Féin ar Chomhairle Bhéal Feirste agus cinneadh an DUP tacú le moladh a chuirfeadh ‘teorainn i Muir Éireann’?

Le gairid vótáil an DUP agus Sinn Féin i Halla na Cathrach i mBéal Feirste in éadan rúin ag fáiltiú roimh dhlí Westminster chun ginmhilleadh a dhíchoiriú abhus. Níorbh iontas ar bith é leagan amach an DUP ach mhúscail seasamh Shinn Féin ceisteanna. Deir an páirtí go dteastaíonn leasú ar an dlí uathu ag teacht le reachtaíocht chearta daonna, agus i ndiaidh an reifrinn ó dheas a cheadaigh ginmhilleadh, chroch ceannairí Shinn Féin bratach go bródúil ag fógairt ‘the north is next’.

Is é ról Westminster faoi ndear vóta na gcomhairleoirí ó Shinn Féin is cosúil. Cé go bhfuil an páirtí sásta glacadh le reacht Westminster mar a mhol fear Ard Mhacha, Conor McGinn ón Lucht Oibre chun pósadh comhghnéis a cheadú anseo, ní mian leo glacadh leis na coinníollacha sin i dtaca le ginmhilleadh. Teastaíonn uathu na leasuithe ar an dlí faoin nginmhilleadh a bheith faoi smacht áitiúil, in Stormont. Chomh maith lena mbaghcat ar an bParlaimint maíonn Sinn Féin , go háirithe aimsir thoghcháin, nach bhfuil baint ag Westminster le saol an phobail náisiúnaigh abhus. Dá bhrí sin bíonn drogall orthu ról ar bith do Westminster a admháil agus i bhfianaise na praisí faoin mBreatimeacht cáintear go géar iad as sciar mór de phobal an tuaiscirt a fhágáil gan glór ná éisteacht sa Pharlaimint.

Údar iontais ag a lán ab ea an difríocht idir cur chuige an pháirtí ar an dlí a cheadóidh pósadh comhghnéis agus ceist an ghinmhillte. Cé gur shéan baill de Shinn Féin gur brú ó fheachtas frith-ghinmhillte na n-eaglaisí, Aontú, Precious Life agus grúpaí eile faoi ndear an vóta i Halla na Cathrach shíl go leor nár chomhtharlúint é. Níor éirigh le Aontú, an páirtí frith-ghinmhillte ach aon suíochán Comhairle amháin a ghnóthú sna toghcháin áitiúla ach mar sin féin bíonn cuid de lucht canbhásála Shinn Féin ag caint faoin bPáirtí nua ar bhealach a mheabhródh an faitíos a bhí ar an DUP nuair a tháinig TUV, páirtí Jim Allister ar an bhfód i dtosach.

Is minic a deirtear nach baol do Shinn Féin nó an DUP i dtoghcháin mar go bhfuil a bhfreasúra, SDLP agus UUP, fá seach, cniogtha acu cheana féin. Níl an dearcadh sin dearbhaithe le tamall ag pobalbhreitheanna, go háirithe na cinn phríobháideacha atá á ndéanamh ag na páirtithe féin, más fíor.

Ní beag an ní é brú ar Shinn Féin faoina bhfaillí sna vótóirí in aghaidh an Bhreatimeachta agus faoi luachanna sóisialta atá róliobrálach do chuid den chosmhuintir ach ní taise é don mbrú ar an DUP.

Ba léir gur mheas an DUP gur cheart buíochas a ghabháil leo faoin u-chasadh a rinne siad chun glacadh leis an tairiscint a sheol an Príomh-Aire Johnson chuig an AE an tseachtain seo caite. In ionad cloí le ‘líne chródhearg’ Arlene Foster – diúltú do shocrú leithleach do Thuaisceart Éireann – thacaigh an páirtí le moladh go mbeadh seiceálacha i Muir Éireann agus seiceálacha custaim idir an Tuaisceart agus an Deisceart.

Ní fáilte a cuireadh roimh a gcasadh ná roimh ‘glas’ Stormont ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh ach a mhalairt. Feall, arsa an TUV, iarracht mhístuama, arsa an UUP a bhain leas as #twoborders chun a ndrochmheas a chraobhscaoileadh.

Bhí na páirtithe atá in éadan Bhreatimeachta agus i bhfabhar an chúlstad mar rogha an dá dhíogha dubh dóite in aghaidh na tairisceana. D’aontaigh siad le lucht gnó agus feirmeoirí a dúirt gur thubaiste a bheadh ann. Mhaígh na páirtithe freisin go gcinnteodh sé nárbh fhéidir Stormont a athbheochan. Chothódh vóta ar cheart diúltaithe Stormont gach ceithre bliana guagacht agus easaontas, a dúradh.

Ba dheacair a shamhlú go ligfeadh an tAontas Eorpach d’fheidhmeannas nó tionól réigiúnach, ar réigiún ina bhfuil daonra ar cóimhéid le Vársá, Hamburg nó Vín, srian a chur ar a mhargadh aonair. An tairiscint dháiríre é nó cleas chun milleán a aistriú? Níl sé soiléir go fóill.

Ní dhearna an DUP iarracht chun a léamh ar an tairiscint a dhíol leis an bpobal cé is moite d’agallamh a rinne Nigel Dodds ar BBC Raidió Uladh ag fógairt go mbeadh veto ag aontachtaithe ar na socruithe don mhargadh singil. Chuaigh an páirtí ar an ionsaí in aghaidh lucht cáinte na tairisceana, an Taoiseach agus an Tánaiste san áireamh. In agallamh nuachtáin a thug Arlene Foster, rud is annamh léi a dhéanamh, chuir sí a frustrachas le lucht gnó, feirmeoirí agus na meáin in iúl. Ní raibh tuiscint cheart acu ar shonraí na tairisceana, dar léi, ach níor sholáthair sí fianaise ar bith a thacódh leis sin.

Mar fhreagra air sin dúradh go raibh grinnscrúdú déanta ag saineolaithe gnó agus talmhaíochta ar an méid a bhí ar fáil agus nár foilsíodh ach achoimre ar thairiscint na Breataine, tairiscint nach bhféadfaidís glacadh leis. Tá a gcur chuige bunaithe ar thaighde agus obair réalaíoch, ar siadsan. Ní léir dóibh cén bunús atá le barúil an DUP.

Tá na feirmeoirí móra agus lucht tionscail go láidir i measc vótóirí an DUP le fada. Ba léir go raibh imní ar an bpáirtí faoina ndearcadh agus iad ag druidim le holltoghchán. Deir go leor de na grúpaí sin go bhfuil a bhfrustrachas féin leis an gcur chuige go dtí seo gach pioc chomh láidir le míshástacht Arlene Foster. Feictear dá lán acu go ndearna an DUP iarracht bogadh ina dtreo ach nár leor é. Dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla a bhí ann, dar leo.

Beidh le feiceáil an mbeidh éifeacht aige sin ar an vótáil.

Fág freagra ar 'Athrú poirt ag Sinn Féin agus an DUP ach ní hionann a bport'