Athbhreithniú iarrtha ag Coiste Oireachtais ar chinneadh OÉ, Gaillimh, deireadh a chur le riachtanas Gaeilge

Dúirt cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán go raibh cinneadh Údarás na hOllscoile ‘ag teacht salach ar an nasc faoi leith atá ann idir an Ollscoil agus an Ghaeilge'

Athbhreithniú iarrtha ag Coiste Oireachtais ar chinneadh OÉ, Gaillimh, deireadh a chur le riachtanas Gaeilge

Tá iarrtha ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an údaráis deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hOllscoile.

D’aontaigh baill an choiste, a bhfuil an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly ina cathaoirleach air, scríobh chuig an Dochtúir James Browne, uachtarán reatha na hOllscoile le mian an Choiste a chur in iúl dó.

“Tá an cinneadh ag teacht salach ar an nasc faoi leith atá ann idir an Ollscoil agus an Ghaeilge agus ar an gcúram faoi leith atá ar an Ollscoil i dtaca leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.

“Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh Gaeilge líofa ag aon Uachtarán ar an Ollscoil amach anseo, go háirithe ós i nGaillimh atá an Ollscoil lonnaithe, an t-aon chathair in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach bainte amach aici,” a dúirt Connolly.

Dúirt sí freisin go dtugann an stádas dátheangach atá ag cathair na Gaillimhe seasamh faoi leith don chathair agus don Ollscoil araon ó thaobh na Gaeilge de.

Ghlac Údarás OÉ, Gaillimh cinneadh ag tús na míosa deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag uachtaráin na hollscoile.

Bhí Baill áirithe den Údarás go mór i gcoinne an rúin go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil, ach bhí tromlach na mball ar son fáil réidh leis an riachtanas go huile is go hiomlán. Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Ghlac an tAire Oideachais Richard Bruton leis an míniú sin. Dúirt an tAire Bruton go raibh sé “tábhachtach a shonrú” go raibh cead ag an Ollscoil féin deireadh a chur leis an gceangal atá orthu maidir le cumas Gaeilge a bheith ag Uachtarán an choláiste.

Dúirt an tAire gurbh í an “réasúnaíocht” a bhain le cinneadh na hOllscoile ná a chinntiú go bhféadfadh aon iarrthóir ‘ardcháilithe’ in Éirinn nó thar lear cur isteach ar phost an Uachtaráin a líonfar in 2018.

Dúirt sé go raibh an ollscoil rangaithe faoi láthair i measc an 250 ollscoil is fearr ar domhan agus “ar an mbonn sin” go raibh an Ollscoil “ag dúil go gcuirfidh réimse suntasach iarrthóirí, idir inmheánach agus sheachtrach, iarrthóirí idirnáisiúnta san áireamh, suim san fholúntas le haghaidh Uachtarán nua”.

Beidh post an Uachtaráin á líonadh ag an Ollscoil i mí Eanáir 2018.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú iarrtha ag Coiste Oireachtais ar chinneadh OÉ, Gaillimh, deireadh a chur le riachtanas Gaeilge'