ASNC: Chum daoine leath de na focail Ghaeilge i leabhar nua le fáil réidh leis an údar

Dheimhnigh foinsí éagsúla do Ar Son na Cúise gur cumadóireacht ghlan a bhí i gceist le formhór na bhfocal sa leabhar nua leis An Manchán, ‘Gaeltacht Pokemon’

ASNC: Chum daoine leath de na focail Ghaeilge i leabhar nua le fáil réidh leis an údar

Chum feirmeoirí agus iascairí as an nGaeltacht leath de na focail atá luaite sa leabhar is déanaí ó Mhanchán Magan chun fáil réidh leis.

Dheimhnigh foinsí éagsúla do Ar Son na Cúise gur cumadóireacht ghlan a bhí i gceist le formhór na bhfocal sa leabhar nua Gaeltacht Pokemon.

Is cinnte go mbainfidh an scéal eisiach seo preab mhór as saol na teangeolaíochta agus na sanasaíochta amaitéaraí Gaeilge, caitheamh aimsire a bhfuil an-éileamh air le roinnt blianta anuas.

Agus é i mbun taighde do Gaeltacht Pokemon, chuaigh An Manchán ag taisteal ar fud na Gaeltachta ar thrírothach leictreach a raibh sean-éideafón nuachóirithe curtha sa diallait air.

Bhailigh sé stór mór focal ó mhuintir na háite a mheas sé a thug éachtaint ar “chultúr ársa agus bithsféar draíochta na Gaeltachta”.

Tá cruthúnas anois ag Ar Son na Cúise áfach gur cumadh go leor de na focail sin agus nach dtugtar éachtaint iontu dáiríre ar aon rud seachas an fonn diamhair a bhí ar dhaoine deireadh a chur leis an gcomhrá a bhí á chur ag An Manchán orthu.

Ag labhairt dó le Ar Son na Cúise aréir, dúirt foinse amháin atá sáite i saol neamhthrócaireach na teangeolaíochta amaitéaraí Gaeilge gurb amhlaidh go raibh go leor daoine eile ag breith chucu féin ó chuala siad scéalta faoin tslí ar éirigh le daoine dallamullóg a chur ar An Manchán.

“It’s terrifying and I’m sure the criticism from certain Irish speakers will be brutal. As we know the Irish for criticism is cáineadh, which contains the word cáin which means tax and the word nead which means nest, which is pretty amazing when you think about it. What else is criticism but a tax on our nest of well-being? Irish is just too perfect sometimes,” a dúirt teangeolaí amaitéarach Gaeilge amháin.

Dúirt teangeolaí amaitéarach eile nach raibh aon trua aige don Mhanchán.

“It’s his own fault for listening to people who actually know what they’re talking about,” arsa an teangeolaí Gaeilge amaitéarach.

I measc na bhfocal i Gaeltacht Pokemon a cumadh chun fáil réidh leis An Manchán, tá ‘Hibilehaibiléireacht’ ar tugadh le fios don údar gurb é an chiall a bhí leis ‘the act of relieving oneself in a bog in an emergency or the longing for a mountaintop vista’. 

Focal eile a cumadh ná ‘Piosarlán’ a bhfuil dhá shainmhíniú tugtha air sa leabhar nua: ‘the ripple on the surface of the water that lingers after the passing of a shoal of mackerel or a large man who cultivates an air of indifference to his portliness’.

Nath eile atá sa leabhar ná ‘Fiafraigh de mo thóin i gcogar é’, leagan a fuair An Manchán ó iascaire i gConamara a bhí ag glanadh ballach fireann ar an leac nuair a d’fhiafraigh an taiscéalaí focal dó an raibh aon nathanna cainte suimiúla aige. 

An sainmhíniú a thug an t-iascaire don údar dá leabhar ná ‘The deepest knowledge is often imparted in a whisper’, aistriúchán nach bhfuil cruinn ná baol air.

Nuair a rinne Ar Son na Cúise iarratas aréir ar agallamh leis An Manchán faoin gconspóid, dúirt sé linn labhairt lena ghníomhaire bolscaireachta, crann darach 120 bliain d’aois.

Agus Ar Son na Cúise á chur i gcló bhíomar fós ag fanacht ar ráiteas ón gcrann.

Fág freagra ar 'ASNC: Chum daoine leath de na focail Ghaeilge i leabhar nua le fáil réidh leis an údar'

  • Cluain Sceach

    Tá sé seo ar fheabhas!

  • ScreadMhaidine

    Ard-obair!👏👌😂😂😂 ‘…ar thrírothach leictreach a raibh sean-éideafón nuachóirithe curtha sa diallait air.’

  • tony

    Táim ag déanamh go bhfuil Hibilehaibiléireacht litrithe go mícheart agat :)