Ardmholadh tuillte ag na Connachtaigh ach cén freagra a bheidh ag Cúige Laighean?

Is iad na hUltaigh atá ar bharr Ghrúpa A faoi láthair, iad deich bpointe chun cinn ar Chúige Laighean, a bhfuil dhá chluiche níos lú imeartha acu

Ardmholadh tuillte ag na Connachtaigh ach cén freagra a bheidh ag Cúige Laighean?

Níl sé i bhfad ó bhí mé ag scríobh faoi chomh maith agus a bhí Cúige Chonnacht ag imirt cé nach raibh siad ag buachtáil cluichí.

Ní túisce é sin ráite agam ná gur éirigh le foireann Andy Friend an bua is mó a bhí acu le cúpla séasúr a aimsiú nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chúige Laighean, curaidh an Pro 14, san RDS an Satharn seo caite.

Is cinnte nach raibh súil leis an toradh sin. Go deimhin féin, bhí na geallghlacadóirí ag tuar go mbeadh an lá le foireann Átha Cliath le breis agus ocht bpointe dhéag. Tá ardmholadh tuillte ag na Connachtaigh as an tsár-iarracht a rinne siad agus as an deis a thapú nuair a roghnaigh Leo Cullen meascán imreoirí ón gcéad agus ón tríú sraith imreoirí a bhí ar fáil dó don chluiche sin.

An cheist anois ná cén freagra a bheas ag na Laighnigh ar an toradh sin agus iad ag cur chun páirce i gcoinne na nUltach san RDS anocht.

Is fiú a lua go bhfuil na Cúigí ar fad ag réiteach an deireadh seachtaine seo do Bhabhta 3 de Chorn na gCuradh a bheas linn faoi cheann seachtaine rud a fhágann gurb iad a  gcéad rogha imreoirí den chuid is mó a bheidh siad ar fad a chur chun páirce an deireadh seachtaine seo.

Is iad na hUltaigh atá ar bharr Ghrúpa A faoi láthair, iad deich bpointe chun cinn ar Chúige Laighean, foireann atá sa dara háit ach tá dhá chluiche breise imeartha ag na hUltaigh.

Tá deich gcluiche imeartha go dtí seo ag na hUltaigh i bPro 14 an tséasúir seo agus níor chaill siad oiread is ceann amháin féin acu sin. Mar sin féin, seans gurb í coimhlint an lae inniu an tástáil is mó agus is fearr a fuair siad sa gcomórtas go dtí seo. Ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne seo ag deireadh an chluiche ach  tá mise ag tuar go mbeidh an láimh in uachtar ag na curaidh atá ag iarraidh toradh chluiche Chonnacht a chur as a gcloigeann chomh luath agus is féidir.

Is cinnte gur tharraing bua Chonnacht an Satharn seo caite neart cainte ach déanfar dearmad air chomh luath céanna má theipeann orthu tógáil ar an éacht sin sa gcéad chluiche eile a imreoidh siad.

Mar a tharlaíonn tá dúshlán mór eile ag roinnt leis an gcluiche sin atá á imirt amárach i gcoinne na Muimhneach. Seans go bhfuil an t-ádh ar na Connachtaigh gur ar an mBóthar Beag a bheas an cluiche sin.  Seans freisin gurb é sin an t-aon bhuntáiste amháin atá ag foireann na Gaillimhe mar go mbeidh na Muimhnigh ar a míle dícheall ag iarraidh an t-aon bhotún amháin a rinne siad go dtí seo sa bPro 14 a cheartú. Den chéad uair i bPro 14 an tséasúir seo, theip ar Chúige Mumhan agus iad ag imirt i mBéal Feirste an Satharn seo caite.

Cé go bhfuil Cúige Mumhan fós ar bharr Ghrúpa B níl ach ocht bpointe idir iad féin agus Cúige Chonnacht, foireann atá sa dara háit le 25 pointe.

Níl dabht ann ach go bhfuil na Connachtaigh in ann ag na Muimhnigh ach an bhfuil siad in ann  imirt ar ardchaighdeán dhá chluiche as a chéile? Ní fhaca muid sin uathu le fada fada an lá ach má thugann Jack Carty an sárthaispeántas imeartha agus an cheannaireacht a léirigh sé i gcoinne Chúige Laighean arís amárach, ní bheidh a fhoireann gan seans.

Maidir leis na Muimhnigh, beidh siadsan ag iarraidh greim a choinneáil ar an mbearna atá idir iad féin agus an fhoireann atá sa dara háit ar an tábla. Tá an cluiche i gcoinne Chúige Laighean, cluiche atá ar athlá ón Nollaig fós le n-imirt acu agus beidh tionchar ag toradh an chluiche sin ar uachtar an dá ghrúpa, fágann sin brú mór ar Chúige Mumhan agus iad ar thóir bua amárach.

Ní haon iontas ar bith é go bhfuil said ag cuir foireann láidir go Gaillimh.

Fág freagra ar 'Ardmholadh tuillte ag na Connachtaigh ach cén freagra a bheidh ag Cúige Laighean?'