AR SON NA CÚISE: Sliocht eisiach as Dialann Joe McHugh!

Is cúis mhór áthais dúinn sliocht eisiach a fhoilsiú inniu as dialann Aire Stáít na Gaeltachta Joe McHugh

AR SON NA CÚISE: Sliocht eisiach as Dialann Joe McHugh!

Caidé mar atá tú, Diary!

Tá tús curtha agam leis na sonraí fadúda an dialann seo mar dá mbeadh daoine ag úsáid na teanga achan lá ar an talamh, sin an bealach is fearr.

Is smaoineamh thar barr é an dialann seo agus tá sé fite fuaite ó bhun aníos mar mura bhfuil na daoine ag úsáid an teanga, ní bheidh an teanga beo.

Bhí mé ar RnaG agus bhí ceist acu fá choinne na rudaí caipitil i mbliana agus fadúda an €178 milliún don Ghaeilge. Níl mé sásta fadúda na ceisteanna seo nach bhfuil dearfach in aon chor ar bith ach thug mé an freagra céanna a thug mé do Éamó agus Peadar sa Dáil nuair a bhí siad ag dul ar aghaidh fá choinne na rudaí buiséid agus daonáirimh agus rudaí leadránacha mar sin.

Dúirt mé leis na daoine ar RnaG tá mise anseo agus tá mé oscailte fadúda na smaointe ó na daoine atá ag obair go dian ar an talamh chun na rudaí agus na sonraí faoi phleanáil teanga agus na rudaí eile a bhogadh ar aghaidh.

Ghabháil mé mo bhuíochas ansin chuig na daoine ar an talamh atá ag obair ar an talamh leis na smaointe fá choinne Bliain na Gaeilge ar an talamh. Dúirt mé leis na daoine ar RnaG má tá na daoine ar fud na tíre ag úsáid na Gaeilge achan lá sna siopaí sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht go raibh mise sásta daoine a bhogadh chun tosaigh sa scéim.

Dúirt mé go raibh Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ag treabhadh ar aghaidh fosta agus dúirt mé go raibh mé i Sao Paulo le déanaí agus go raibh achan rud ag dul ar aghaidh i gceart ansin fadúda na daoine atá ag labhairt na Gaeilge ar an talamh agus ag déanamh na rudaí ar son an chultúir.

Dúirt mé ansin faoi bhean a chas mé léi i Meiriceá agus mé ansin fá choinne scéim chun an teanga a bhogadh ar aghaidh.

‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní féarmhar’.

Ní thuigim é, ach nuair a bhí an méid sin ar fad ráite agam bhí dearmad déanta ag na daoine ar Raidió na Gaeltachta fá choinne an cheist faoi bhuiséad!

Beidh mé ar Nuacht TG4 go luath agus beidh ceist acu fá choinne struchtúir na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Déarfaidh mé leo go bhfuil achan rud ag bogadh ar aghaidh fadúda na hardscileanna Gaeilge do na daoine le dul go dtí Lucsamburg agus an Bhruiséil sa bhliain fiche is haon fiche haon.

Inseoidh mé ansin dóibh fadúda an dea-scéal atá ag dul ar aghaidh maidir leis na scoileanna.

Beidh mé ag caint fadúda an dualgas atá orainn uilig agus fá choinne an fear 120 bliain san Astráil atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus  fá choinne na daoine ar an talamh a bhí i dteagmháil liom ag iarraidh chiorcal comhrá sa Liatroim agus ní bheidh aon airgead de dhíth leis sin agus dá mbeadh aon chuidiú de dhíth trasna na bpáirtithe bheadh mé sásta é a thabhairt agus má tá daoine ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den struchtúr foirmiúil agus an rannóg polaitíochta beidh rudaí fíor-dhearfacha ag dul ar aghaidh ar son na teanga agus beidh mise ag bogadh ar aghaidh leis agus ag gabháil cuidiú do na dreamanna uilig – Glór na nGael, Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ní bheidh mórán le rá ag TG4 fadúda na struchtúir sa straitéis ansin!

Sin é mar sin. Caithfidh mé labhairt anois le Boutros Boutros Gallchóir fá choinne an scoilt ar Inis Mór.

Mar a dúirt na daoine i mo cheantar féin, ‘keep her lit’ – coinnigh ag dó í!

Grá mór,

Joe

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Sliocht eisiach as Dialann Joe McHugh!'

  • MÁIREAD

    Maith thú, Joe.

  • Fadúda

    Go raibh meon rí-dhearfach seo an fhadúachais faoi rath is faoi bhláth ar Tuairisc.ie agus nár fheicimid go brách na breithe arís clamhsán ó Ghaeilgeoirí iomadúla sin an tseansaoil a bhíonn ag súil le freagra díreach agus meas réasúnta.

  • MacAnRí

    Galánta…iontach ..is breá liom é…an greannmhar go deimhin…”fadúda”…Joe bocht I dtólamh ag déanamh a dhícheall..

  • Fadúda

    Tá mé ar ais arís, a chairde, agus réiteach faidhbe agam, sílim.

    Abair go gcruthódh an Rialtas 1,000 post mar Aire Gaeltachta idir 2000 agus 2040. Nó 1,000 post mar Aire Sóisearach Gaeltachta féin – níl aon éirí in airde ionainn. Bhuel, ba chinnte ansin go luífeadh aos óg na Gaeltachta isteach ar a n-aistear teanga féin agus go mbainfidís amach caighdeán Gaeilge den scoth agus den ríscoth mar atá ag an Aire McHugh. Bheadh deireadh leis an ngéarchéim, má tá géarchéim ann. Bheadh na hAirí le feiceáil go fairsing flúirseach ar na sráideanna agus ní bheadh imleabhar Gaeilge gan seoladh oifigiúil ná clár teilifíse gan aoi.

    Ní fhéadfaí dul amú leis an bplean sin, measaim.

  • Pól Mac Cumhaill

    B’fhearr i bhfad NUACHT na Gaeltachta agus na Gaeilge ó Thuaidh a thuairisciú agus cothromaíocht a thabhairt don tír ar fad. B’fhiú amharc siar ar bhur gcuid oibre agus beidh sé le feiceáil agaibh go bhfuil easpa cothromaíochta mar a bhíonn i gcónaí idir Conamara agus an chuid eile den tír.