AR SON NA CÚISE: Na secret Gaeilgeoirí – go leor cuntas rúnda Gaeilge tosaithe ar Twitter

‘An Fear Marbh’, ‘An Secret Oibrí Sásta ó RnaG’ agus an ‘Conraitheoir Faoi Cheilt’ i measc na gcuntas nua le Gaeil anaithnide ar Twitter

AR SON NA CÚISE: Na secret Gaeilgeoirí – go leor cuntas rúnda Gaeilge tosaithe ar Twitter

Tá raidhse cuntas rúnda nua bunaithe ag Gaeil ar Twitter le tamall anuas agus an chuma ar an scéal go bhfuil aithris á déanamh acu ar leithéidí an Secret RTÉ Producer.

I measc na gcuntas nua, tá cuntas le duine anaithnid a thugann ‘An Fear Marbh’ air féin. Cuntas aisteach é seo nach gcuirtear amach uaidh ach pictiúir den iriseoir aitheanta Duibhneach Seán Mac an tSíthigh.

Ar na cuntais eile a tharraingeoidh go leor airde, tá ‘An Secret Oibrí Sásta ó RnaG’ a scaipeann eolas conspóideach faoina shaol oibre in RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is cinnte freisin go gcuirfear suim mhór sa chuntas nua ‘An Conraitheoir Faoi Cheilt’ a thugann léargas sainiúil ar an saol mar atá i measc an 200 duine óg atá fostaithe anois ag Conradh na Gaeilge.

Meastar gurb iad aos na litríochta Gaeilge is mó a chuirfidh suim sa chuntas ‘An Secret Scríbhneoir Gaeilge’.

Ráineodh gurb iad léachtóirí na Gaeilge amháin a chuirfidh suim sa chuntas ‘An Léachtóir Rúnda Gaeilge’.

Níos gaire don bhaile, is cosúil go bhfuil cuntas bunaithe freisin ag lucht  Ar Son na Cúise agus ‘Eagarthóir Rúnda Ar Son na Cúise’ anois ar an bhfód.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Na secret Gaeilgeoirí – go leor cuntas rúnda Gaeilge tosaithe ar Twitter'

  • Wes

    Ar an drochuair, díchumasaíodh cuntas @SecretLeachtoir le déanaí.

  • DúilSaDúlra

    @DúilSaDúlra

    le pictúil den/faoin dúlra…

  • emm

    Tá éa seo an maith uaisadean me é agaoir rudaí ar scoil