Fág freagra ar 'Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc'

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Bhí scéal mór eile ann i saol na Gaeilge – gur chuir an eagraíocht ‘Holocaust Awareness Ireland’ agus Giúdaigh aonair Éireannacha i leith na hirise Comhar gur foilsíodh léaráid ghránna fhrith-Sheimíteach ar a leathanach clúdaigh. Ach ar ndóigh ní luafar an scéal sin ar Tuairisc.ie ná Comhar agus ní chloisfimid faic ón eagarthóir mar gheall air, in ainneoin gurbh é an scéal ba mhó ar na meáin shóisialta i gcás na Gaeilge le seachtain anuas. Ní bheidh aon leithscéal ná plé ann, agus leanfaidh an dá fhoilseachán leis an gclúdach claonta agus míréireach a bhíonn acu ar Gaza agus Iosrael, iad ag glacadh leis gurb é Iosrael máthair gach oilc agus nach fiú trácht a dhéanamh ar na coimhlintí eile atá ann sa Mheán Oirthear ná mórán a rá faoi na pobail éagsúla atá faoi chois ar domhan. Nach n-íocann Giúdaigh Éireannacha cáin freisin, áfach? Nach bhfuil leithscéal dlite dóibh as an masla a mheasann siad a bhí i gceist leis an léaráid? Níl mórán dóchais agam go dtabharfar cluas éisteachta ná dom (ná go bhfoilseofar mo thrácht), rud ar léiriú eile é de chlaontacht agus chaolaigeantacht na meán Gaeilge faoi láthair.